Ruairí Ó Conchúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba gníomhaire poblachtach Éireannach é Ruairí Ó Conchúir (1883 - 8 Nollaig 1922). Cuimhnítear air mar gheall ar an bpáirt a bhí aige i gCogadh Cathartha na hÉireann.

Cúlra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Ó Conchúir i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1883. Chaith sé tamall ag obair i gCeanada mar innealltóir iarnróid nuair a bhí sé óg.

Tar éis dó filleadh go hÉireann, bhí sé bainteach le polaitíocht náisiúnach na hÉireann. Ba bhall é den Ancient Order of Hibernians. Imthreorannaíodh é tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916.

Cogadh na Saoirse[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ceapadh mar Stiúrthóir Innealtóireachta Óglaigh na hÉireann (an tIRA) i rith Cogadh na Saoirse, 1919 - 1921.

An Cogadh Cathartha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Níor ghlac Ó Conchúir leis an gConradh Angla-Éireannach a chuir Saorstát Éireann ar bun ach a chuir deireadh leis an bPoblacht Éireannach a d'fhógair Pádraig Mac Piarais sa bhliain 1916. Bhí sé mionnaithe ag Ó Conchúir agus a chomhglacaithe go mbeadh siad dílis don Phoblacht. Eagraiódh coinbhinsiún d'oifigigh an IRA a bhí in éadan an Chonartha ar 22 Márta, 1922 i mBaile Átha Cliath. Dhiúltaigh siad an Chonradh agus dhiúltaigh siad do cheannas an Dála. Nuair a chuir iriseoir ceist ar Ó Conchúir an raibh siad ag iarraidh deachtóireacht mhileata a chur ar bun in Eirinn, níor shéan sé gurb é sin a bhí i gceist acu.

Eamon De Valera, Caoimhín Ó hUiginn agus Ruairí Ó Conchúir ag bainis an Uiginnigh.

In Aibreán 1922, bhí Ó Conchúir i gceannas ar shlua 200 ball den IRA a d'fhorghabh na Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí siad ag súil go spreagfadh an fhorghabháil coimhlint nua leis na saighdiúirí Briotanacha a bhí fós sa tír, agus go n-athaontófaí an tIRA sa chogaíocht. Rinné Mícheál Ó Coileáin iarracht áitiú ar Ó Conchúir na Ceithre Cúirteanna a fhágáil sula thosnódh coimhlint mhíleata idir an dá thaobh den IRA.

I mí Meitheamh 1922, tar éis don gharastún sa Cheithre Cúirteanna an ginearál J.J. Ó Conaill ó arm nua an Saorstáit a fhuadach, d'ionsaigh fórsaí an Saorstáit. Bhain siad úsáid as artléire a fuair siad ar iasacht ón mBreatain. Ghéill Ó Conchúir tar éis dhá lá. Gabhadh é agus cuireadh i bPríosún Mhuinseo é. Spreag an eachtra seo an Cogadh Cathartha. Thosaigh grúpaí i bhfábhar an Chonartha agus grúpaí in éadan an Chonartha ag troid lena chéile timpeall na tíre.

Curtha chun báis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireadh Ó Conchúir chun báis ar an 8 Nollaig 1922. Mharaigh scuad lámhaigh Ó Conchúir agus tríur Poblachtaigh eile (Liam Ó Maoilíosa, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid). Cuireadh chun báis iad chun díoltais a bhaint amach tar éis maraithe Theachta Dála an Saorstáit, Seán Hales. Ba é Caoimhín Ó hUiginn a d'ordaigh na básanna. Níos lú ná bliain roimhe sin, bhí Ó Conchúir mar fhinné fir ag bainis an Uigínnigh, rud a léiríonn an searbhas a spreag an Cogadh Cathartha.