Seán Eichingeam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Eichingeam
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922
Dúiche: East Wicklow (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Teachta Dála

Eanáir 21, 1919 - Bealtaine 10, 1921
Dúiche: East Wicklow (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1918
an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Aibreán 2, 1919 - Eanáir 9, 1922 - Fionán Ó Loingsigh
Teachta Dála

Lúnasa 16, 1921 - Meitheamh 8, 1922
Dúiche: Loch Garman
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1921
Saol
Ainm iomlánSeán Redmond Etchingham
Eolas breitheBaile na Cúirte, 1870
NáisiúntachtÉire
Poblacht na hÉireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás23 Aibreán 1923
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir agus iriseoir
Áit oibreLondain
BallraíochtBráithreachas na Poblachta
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaSinn Féin

Ba pholaiteoir agus iriseoir Éireannach as gContae Loch Garman é Seán Eichingeam (Béarla: Seán R. Etchingham), a fuair bás ar an 23 Aibreán 1923. Bhí aithne ag a lán daoine air faoin leasainm Patsy, mar gheall ar an ainm cleite Patsy Patrick a d'úsáid sé agus é ag scríobh don nuachtán Enniscorthy Echo. Iar-mharcach gairmiúil a bhí ann chomh maith, agus bhí sé i measc na céad iriseoirí spóirt a bhí gníomhach sa tír.[1][2]

Ba bhall de Óglaigh na hÉireann, Sinn Féin, Conradh na Gaeilge agus Bráithreachas na Poblachta é.

Éirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a fuair siad nuacht faoi tús an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916, bhailigh Eichingeam agus roinnt Óglach eile le chéile in Inis Córthaidh, agus thóg siad cúpla fhoirgneamh agus beairic sa chathair. Ní bhfuair siad an seans troid i gcoinne na Sasanach, mar tháinig an t-ordú ó Phádraig Mac Piarais géilleadh a dhéanamh. Níor chreid siad an scéal ar dtús, mar b'iad na Sasanaigh a d'inis an nuacht dóibh. Chuaigh Eichingeam agus Seamus Doyle chun buaileadh leis an bPiarsach i bpríosún, agus ansin bhí siad sásta gur tháinig an t-ordú uaidh. Ghéill siad freisin, agus chaith siad bliain go leith faoi ghlas i Sasana.

Bhí Eichingeam níos sine ná an chuid is mó de na hÓglaigh eile i bPríosún Dartmoor, agus ba bheag nár chailleadh é de bharr an droch-bhia a bhí acu. D'ainneoin a dhroch-shláinte, ba dhuine coitianta é leis na fir eile. Ligeadh amach é sa bhliain 1917.

Céad Dáil. 10 Aibreán 1919. Eichingeam ar chúl - séú líne, ar dheis

An Chéad Dáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Eichingeam ina iarrthóir ó Shinn Féin san olltoghchán sa bhliain 1918, ón ndáilcheantar Cill Mhantáin Iarthar. Toghadh é, agus ghlac sé áit sa Chéad Dáil sa bhliain 1919.

Roghnaíodh é ina Aire Iascaigh i nDara Aireacht na Chéad Dála, agus arís sa Tríú Aireacht.

Le linn an gCogadh Angla-Éireannach, cuireadh é faoi ghlas níos mó ná uair amháin.

Toghadh é arís sa bhliain 1921, ón ndáil-cheantar Loch Garman.

Cogadh na gCarad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé i gcoinne an Conradh Angla-Éireannach, agus bhí sé gníomhach i gcoinne é sa Dháil agus i bhfeidhmeannach na nÓglach.

Cuireadh faoi glas arís é i rith Cogadh Cathartha na hÉireann. Cuireadh chun báis a chara Liam Ó Maoilíosa; bhí tionchar uafásach an bású seo air, agus thosaigh a shláinte ag éirí go dona go tapaidh. Cailleadh é níos déanaí sa bhliain chéanna; fuair sé bás le hadhairt i bpríosún.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Bill Byrne (unpublished manuscript entitled “The Tommy. Furlong Story,” written by my uncle, Thomas Furlong). "One man's part in the rising". Dáta rochtana: 2021.
  2. Rónán Duffy. "Who was your Irish MP in 1918? Here's a list of everyone elected in that historic election" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-04-23.