Paul Galligan
Peter Paul Galligan | |
![]() | |
Teachta Parlaiminte Toghcheantar na Ríocht Aontaithe d'Iarthar an Chabháin
| |
In oifig Nollaig 1918- Bealtaine 1921-Meitheamh 1922 | |
Réamhtheachtaí: | Vincent Kennedy Páirtí Parlaiminteach na hÉireann |
Dáta breithe | 1888 |
Áit bhreithe | Carraig Álainn Contae Liatroma |
Dáta báis | 14 Nollaig 1966 |
Gairm | Polaiteoir |
Ba pholaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin é Paul Galligan[1] (20 Meitheamh 1888 - 14 Nollaig 1966) a mbeadh taithí aige ar phríosún cúig bliana mar thoradh ar a ghníomhaíochtaí poblachtacha le linn Éirí Amach 1916 in Inis Córthaidh agus Cogadh na Saoirse i gContae an Chabháin.
Rugtha i gCarraig Álainn, Contae Liatroma, d'fhreastail sé ar scoil Naomh Pádraig sa Chabhán.[2] Mar bhall de Bhráithreachas Poblachtach na hÉireann agus d'Óglaigh na hÉireann, le linn Éirí Amach na Cásca, rothaigh Galligan ó Bhaile Átha Cliath go Loch Garman ag iompar orduithe catha Shéamuis Uí Chonghaile chun a chinntiú gur éirigh Oglaigh an cheantair chun tacú leo siúd i mBaile Átha Cliath. Nuair a díscaoileadh na hÓglaigh d'fhill sé ar a rothar go dtí an Cabhán ach gabhadh é ag teach a theaghlaigh.
Toghadh é ina Theachta Parlaiminte TP gan freasúra, mar Chomhalta Shinn Féin d'Iarthar an Chabháin san olltoghchán 1918..[3] An mhí ina dhiaidh sin, i mí Eanáir 1919, dhiúltaigh Teachtaí Parlaiminte Shinn Féin a toghadh sna toghcháin do Westminster i 1918 aitheantas a thabhairt do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe agus ina ionad sin thionóil siad i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath mar pharlaimint réabhlóideach ar a dtugtar Dáil Éireann, cé nár fhreastal Galligan air mar go raibh sé i bpríosún nó "fé ghlas ag gallaibh".[1] Gabhadh é arís i Meán Fómhair 1920 [4]agus atoghadh é mar Chomhalta Shinn Féin ina Teachta Dála (TD) do dháilcheantar an Chabháin ag toghcháin 1921. Thacaigh sé leis an gConradh Angla-Éireannach agus vótáil sé ar a shon. Ní raibh sé san iomaíocht le haghaidh an olltoghcháin 1922 agus chuaigh sé ar scor ón bpolaitíocht.[5]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Robert Brennan (1950), Allegiance.
- ↑ 1.0 1.1 "Roll call of the first sitting of the First Dáil" (Irish). Dáil Éireann Historical Debates. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 November 2007.
- ↑ http://www.bureauofmilitaryhistory.ie WS Ref #: 170 , Witness: Peter Paul Galligan, Officer IV, Wexford, 1916; Member 1st and 2nd Dail
- ↑ "Peter Paul Galligan". Oireachtas Members Database.
- ↑ www.bureauofmilitaryhistory.ie WS Ref #: 768 , Witness: Seamus McDermott, Intelligence Officer IRA, Cavan Town, 1921
- ↑ "Peter Galligan". ElectionsIreland.org.