Michael Staines

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba pholaiteoir Éireannach le Sinn Féin é Michael Staines (1 Bealtaine 1885 – 26 Deireadh Fómhair 1955).[1] Rugadh é i mBaile Uí Fhiacháin, Contae Mhaigh Eo, an sráidbhaile a mháthair Margaret, agus áit a raibh a athair Edward ag fónamh mar  Oifigeach Constáblacht Ríoga na hÉireann (RIC).

Bhí Staines ina bhall den Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB). Shuigh sé ar a Comhairle Uachtarach 1921-1922. Bhí sé ina Cheathrúnach Ginearálta in Ardoifig an Phoist i rith Éirí Amach 1916 agus imtheorannaíodh é níos déanaí lena ceannaircigh eile ag gcampa coinneála Frongoch. Seirbheáladh na fir le horduithe imtheorannú faoin acht Cosanta an Réimse, 1914, Bhí amhras orthu maidir le h’onóir a chur chun cinn, nó cabhair a thabháirt maidir le ceannairc armtha i gcoinne a Shoilse".[2] Chiallaigh sé sin nach raibh aon muirear a ghearras, ní raibh aon láithreas os comhair na cúirte, agus ní raibh aon pléadálacha a rinneadh.[3] Nuair a bhí an iar Ceannfort J.J. O'Connell curtha chuig Príosún Reading ar an an 30ú Meitheamh, Toghadh Staines mar Cheannfort na bpríosúnach.[4] Rinne W.J. Brennan-Whitmore cur síos ar Staines mar: "oifigeach an-éifeachtach a thuill grá agus meas ó gach aon phríosúnach a bhí ann.”[5] Bhí iarrachtaí ann chun fir a choinscríobh i bhFrongoch d’Arm na Breataine. Ba é seo foinse tromchúiseach easaontais idir na príosúnaigh agus údaráis an champa. Bhraith na príosúnaigh go raibh sé áiféiseach a bheith ag súil go mbeadh na reibiliúnaithe Éireannacha a bheith toilteanach chun troid a dhéanadh ar son an Bhreatain agus an Choróin. Lena chois sin bhí siad buartha go bhféadfadh glacadh coinscríobh i Frongoch a bhéadh réamhbheart ar thabhairt isteach coinscríobh in Éirinn. Bhí thart ar seasca fir i Frongoch a bhí ina chónaí sa Bhreatain Mhór roimh an Éirí Amach, agus dá réir sin meastar go mbeadh siad faoi dhliteanas i leith coinscríobh.[6] Maidir le ceist an aitheantais, ghlac Staines le post láidir. Rinne W.J. Brennan-Whitmore trácht ar an staid deacair ina bhfuil go bhfuarthas Staines féin. D'iarr sé ar Cheannfort Campa, Colonel F.A. Heygate-Lambert, má raibh súil aige, na príosúnaigh as a gcuid comrádaithe, a aithint le haghaidh seirbhís mhíleata in Arm na Breataine. D’fhreagair Heygate-Lambert go raibh sé de dhualgas ar na ceannairí, na fir a aithint, chun gach críche. D’fhreagair Staines, má aithníonn siad na fir le haghaidh seirbhíse míleata, bheadh siad cosúil díreach le spiairí agus faisnéiseoirí.[7]

Ar a scaoileadh saor ó himtheorannú i Frongoch, chomhoibrigh sé le hÉamon de Valera, James Ryan, Eamonn Duggan agus le daoiní eile maidir le bunaithe an Dearbhaithe Éire Nua Cuideachta Bhailiú, i gcur chun cinn maidir leis an pholasaí Shinn Féin, airgead a shuncáil in Éirinn. Toghadh é mar Stiúrthóir do Sholáthar do Shinn Féin ar 27ú Deireadh Fómhair 1917. Toghadh é mar Bhall na Parlaiminte, Sinn Féin, don dáilcheantar Naomh Michan, Baile Átha Cliath, ag an 1918ú olltoghchán.[8] D'fhreastail sé ar Dháil Éireann, ag obair go dlúth leis an taobh dlíthiúil an rialtais, chomh maith leis a bheith ina seanóir Bhardas Bhaile Átha Cliath. Atoghadh é sa bhliain 1921 agus 1922 do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh.[9] Níos déanaí d’fhreastal sé i Seanaid an Saorstát.

Bhí sé ina bhall de Bhord Ospidéal Galar-Intinne, Ghráinseach Uí Ghormáin. Is dócha gurb é meabhairithe níos fearr mar an chéad choimisinéir an Gharda Síochána.D’éireoidh an Garda Síochána gan harm, gan uimhreacha, Ach amháin ar a údarás morálta mar seirbhísigh na ndaoine."[10] Ceaptha in Aibreán 1922, bhí ar a chúlú ó Iosta Chill Dara le linn Ceannairc an Ghárda Síochána ag earcaigh, an mhí dár gcionn.[11] Cuireadh Eoin Dubhthaigh in áit Staines mar choimisinéir i mí Mheán Fómhair 1922. Roimh bhunú an Gharda, ghníomhaigh Staines agus Dubhthaigh mar idirchaidrimh idir an RIC agus Póilíní Poblachtach na hÉireann le linn an Sos Cogaidh a tharla roimh an Chonradh Angla-Éireannach.[12]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. "Mr. Michael Staines". Dáta rochtana: 9 Márta 2012.
  2. Sean O Mahony, Frongoch, University of Revolution (Dublin, 1987), pp. 19–23.
  3. Lyn Ebenezer, Fron-goch, and the birth of the IRA (Llanrwst, 2006), p.16.
  4. Ebenezer (2006), p.63
  5. W.J. Brennan-Whitmore, With the Irish in Frongoch (Dublin, 1917), p. 62.
  6. O Mahony (1987), p.122
  7. Brennan-Whitmore (1917), pp. 138–139
  8. "Parliamentary election results in Ireland, 1918–92" (1992). Dublin: Royal Irish Academy. ISSN 0332-0286. 
  9. "Michael Staines". Dáta rochtana: 9 Márta 2012.
  10. "Criminal Justice in Ireland" (2002). Institute of Public Administration. Retrieved on 26 March 2015. 
  11. McCarthy, B. The Civic Guard Mutiny 2012, Mercier Press, ISBN 9781781170458
  12. http://www.theirishstory.com/2013/04/28/book-review-review-the-civic-guard-mutiny/

Михал Орела 15:04, 2 Aibreán 2016 (UTC)