Pádraig Mac Artáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pádraig Mac Artáin
Dr Patrick McCartan (1922) (crop).jpg
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Aibreán 19, 1918 - Samhain 25, 1918
Dúiche: Tullamore (en) Aistrigh
Toghchán: fothoghchán Pharlaimint na Breataine
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922
Dúiche: King's County (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Teachta Dála

Eanáir 21, 1919 - Bealtaine 10, 1921
Dúiche: King's County (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1918
Teachta Dála

Lúnasa 16, 1921 - Meitheamh 8, 1922
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1921
Teachta Dála

Meán Fómhair 9, 1922 - Lúnasa 9, 1923
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1922
Seanadóir na hÉireann

Aibreán 21, 1948 - Iúil 25, 1951
Dúiche: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann
Saol
Ainm iomlánPatrick McCartan
Eolas breitheAn Charraig Mhór, 1889
NáisiúntachtÉire
Poblacht na hÉireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásNa Clocha Liatha, 28 Márta 1963
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir agus dochtúir leighis
Áit oibreLondain
BallraíochtBráithreachas na Poblachta
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFianna Fáil

Polaiteoir agus poblachtach Éireannach ab ea Pádraig Mac Artáin (Béarla: Patrick McCartan) (13 Márta 1878 - 28 Márta 1966). Rugadh é gar do Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain. Chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus é ina fhear óg agus chuaigh sé isteach i gClan na Gael i gcathair Philadelphia. Ba eagarthóir é ar an iris "Irish Freedom" (Saoirse na hÉireann). D'fhill sé go hÉireann roinnt bliain ina dhiaidh sin agus cháiligh sé mar dhochtúir. Bhí baint aige i gcónaí leis an bpolaitíocht náisiúnach agus d'oibrigh sé le Bulmer Hobson agus Denis McCollough sna Cumainn Dhún Geanainn agus i mBráithreachas na Poblachta.

Bhí sé chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 mar chuid de ghrúpa ó Chontae Thír Eoghain ach níor ghlac, mar gheall ar fhrithordú Eoin Mac Néill. Gabhadh é tar éis an éirí amach agus imtheorannaíodh é i bpríosún oscailte i Sasana. D'imigh sé ón bpríosún gan cead gan cheiliúradh sa bhliain 1917 agus d'fhill sé go hÉireann chun cabhrú le Sinn Féin san fothoghcháin a reachteáileadh timpeall na tíre an bhliain sin.

Ba é Mac Artáin iarrthóir Shinn Féin i bhfothoghchán Ard Mhacha Theas ach bhí an bua ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann mar gheall ar vótaíocht bheartach na nAontachtaithe. Toghadh é níos déanaí i bhfothoghchán i dTulach Mhór Contae an Rí sa bhliain 1918. Atoghadh é in olltoghchán 1918 agus ceapadh é mar ionadaí Shinn Féin do na Stáit Aontaithe ag cruinniú an Chéad Dáil, agus d'fhan sé san Stáit Aontaithe go dtí 1921. Agus é sna Stáit Aontaithe, shuigh sé agus Joseph Garrity, as an gCarraig Mhór freisin, ar De Valera tacú le brainse Philadelphia Chlan na Gael in áit brainse Nua-Eabhrac chun achmainní an fheachtais a úsáid chun tacú le neamhspleáchas na Éireann in ionad bheith ag díriú ar pholaitíocht na Stáit Aontaithe. Chabhraigh Mac Artáin le forbairt an "American Association for the Recognition of the Irish Republic" Cumann Meiriceánach chun Poblacht na hÉireann a Aithint. Atoghadh é i ndáilcheantar Laois-Uíbh Fhailí sa bhliain 1921. Thacaigh sé go drogallach leis an gConradh Angla-Éireannach sna díospóireachtaí sa Dáil. Dúirt sé nach féidir leis "vótáil ar son an anoird". Chuir sé an milleán ar an gcaibinéad agus dúirt sé "Tá an Phoblacht ina raibh De Valera mar uachtarán marbh". D'fhág sé an pholaitíocht ar feadh 20 bliain.

Ghlac sé páirt i dtoghchán uachtaránachta na bliana 1945 mar iarrthóir neamhspleách agus fuair sé beagnach 20% de na vótaí. Fuair sé ainmniúchán ó fhiche ball den Oireachtas (naonúr Teachtaí Dála ó Chlann na Talmhan agus cúigear Teachtaí Dála agus seisear Seanadóirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre. Ba bhunaitheoir Chlann na Poblachta é ach theip air suíochán a bhuachaint don pháirtí in olltoghchán 1948. Ceapadh é don Seanad an bhliain chéanna agus bhí sé ina Sheanadóir go dtí 1951.

D'fhoilsigh sé leabhar sa bhliain 1932 "With De Valera in America" (Le De Valera i Meireiceá).

Phós Deirdre, iníon Mhic Artáin, an ceoltóir Ronnie Drew.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]