An Chéad Dáil
Cineál | téarma reachtach |
---|---|
Bailíocht | 21 Eanáir 1919 - 10 Bealtaine 1921 |
Suíomh | Baile Átha Cliath, Éire |
Tír | Poblacht na hÉireann |
Ar an 21 Eanáir 1919, tháinig ionadaithe tofa Shinn Féin le chéile leis an gCéad Dáil a chur ar siúl. D'fhógair siad “Poblacht na hÉireann” i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba í an Chéad Dáil parlaimint Éireannach nua a bunaíodh i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann sa bhliain 1919. Ag an am, ba pháirt den Ríocht Aontaithe í an tír, agus shuigh na polaiteoirí i Westminster, Sasana. Ach tar éis Éirí Amach na Cásca in 1916, bhí a lán tacaíochta ag an bpáirtí poblachtach Sinn Féin, agus bhunaigh siad a bparlaimint nua féin in Éirinn leis an ainm "Dáil Éireann".
Cruinniú i dTeach an Ardmhéara
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag an chéad chruinniú ar an 21 Eanáir, eisíodh Faisnéis Neamhspleádhchuis, nó Forógra Neamhspleáchais na hÉireann, mar a ghlaoitear air anois, ag rá go raibh Poblacht na hÉireann i bhfeidhm.
Bhí a lán de na hionaid Éireannacha fós i bpríosún, agus dá bharr ní raibh ach 26 díobh i láthair.
Bhí an chéad chruinniú i dTeach an Ardmhéara, agus rinneadh an chuid is mó den ghnó i nGaeilge. Toghadh Cathal Brugha ina Cheann Comhairle (nó cathaoirleach) agus cuireadh cúpla cáipéis i láthair:
- Bunreacht Dála Éireann - bunreacht gearr agus sealadach
- Faisnéis Neamhspleádhchuis
- Scéal Ó Dháil Éireann Chun Saor-Náisiúin an Domhain
- Clár Oibre Poblacánaighe
Dhearbhaigh an Forógra Neamhspleáchais gurb rialtas ar stát ardcheannasach í an Dáil leis an ainm Dáil Éireann, agus ansin bhunaigh an Dáil comhaireacht faoin ainm "An Aireacht". Chomh maith le sin, roghnaíodh duine amháin a bheith ina "Phríomh-Aire" agus leis an teideal "Uachtarán ar Dháil Éireann" freisin. Ba é Brugha an príomh-aire sealadach a toghadh, agus tháinig de Valera isteach ina áit i mí Aibreáin.
Imeachtaí eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Briseadh amach Cogadh Angla-Éireannach ar an lá céanna, 21 Eanáir 1919. Rinne cathlán de chuid an IRA (baill de Thríú Briogáid Thiobráid Árann) luíochán ar bheirt chonstábla RIC ag Sulchóid Bheag i dTiobráid Árann. Breathnaítear ar an ionsaí mar thús oifigiúil le Cogadh Saoirse na hÉireann nó an Cogadh Angla-Éireannach
I mí na Samhna 1919, dhearbhaigh Rialtas na Breataine go raibh an Dáil mí-dhleathach agus ó shin ar aghaidh bhí orthu teacht le chéile faoi rún.
Rialtas na chéad Dála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aireacht a haon (sealadach)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an chéad aireacht i bhfeidhm ó 21 Eanáir 1919 go dtí 1 Aibreán 1919.
Aireacht a dó (sealadach)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an dara haireacht i bhfeidhm ó 1 Aibreán 1919 go dtí 26 Lúnasa 1921.
Airí nach raibh san aireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baill shuntasacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Éamon de Valera
- Mícheál Ó Coileáin
- Liam Tomás Mac Cosgair
- An Cunta Pluincéad
- Eoin Mac Néill
- Art Ó Gríofa
- Cathal Brugha
- Caoimhín Ó hUiginn
- Constance Markievicz
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |