Dara Dáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDara Dáil
Cineáltéarma reachtach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse16 Lúnasa 1921 - 16 Meitheamh 1922
TírPoblacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata


an Dara Dáil, i d Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar an 26 Lúnasa (?)

Ar an 16 Lúnasa 1921, tháinig an Dara Dáil le chéile (Béarlaː Second Dáil). Thug an Dáil Cogadh na Saoirse chun deiridh, nuair a ritheadh an Conradh Angla-Éireannach in Eanáir 1922 le 64 vóta go 57, in ainneoin na conspóide a bhain leis.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir rialtas na Breataine an tAcht um Rialtas na hÉireann i bhfeidhm ar 23 Nollaig 1920. Leis an Acht rinneadh Éire a chríochdheighilt feadh na línte céanna a bhí leagtha amach ag Lloyd George i 1916 agus rinneadh foráil do dhá rialtas Rialtais Dúchais in Éirinn.[2]

Éamon de Valera, Uachtarán Dháil Éireann, 1921-1922

Dhiúltaigh an Dáil don Acht um Rialú na hÉireann, ach shocraigh sí socruithe an toghcháin a úsáid chun teachtaí a thoghadh don dara Dáil. Gan aon fhreasúra i 124 thoghcheantar de na 128 dtoghcheantar nua, bhuaigh Sinn Féin gach suíochán iontu.

Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na chéad mhíreanna gnó, bhí plé le déanamh ar an sos cogaidh. Bhí toscaireacht le ceapadh le dul anonn go Londain agus caibidlíocht a dhéanamh ar son conradh ceangailteach.[3]

Conradh Angla-Éireannach

Shínigh na toscairí an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921, ach bhí sé faoi réir a dhaingnithe ag an Dáil. I sraith suíonna den Dáil a thosaigh an 14 Nollaig – sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar Ardán Phort an Iarla an t-am seo – rinne na Comhaltaí díospóireacht ar an gconradh. Dhaingnigh an Dáil an conradh le 64 vóta in aghaidh 57 vóta ar an 7 Eanáir 1922 agus d’fhógair Uachtarán Dháil Éireann, Éamon de Valera, go raibh sé i gceist aige éirí as.

Arthur Griffith, Uachtarán Dháil Éireann, 1922

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath an t-ionad ar dtús.

Mar gheall ar an sos cogaidh ar 12 Iúil, bhí deis ag an dara Dáil nua-thofa suí níos minice agus go hoscailte agus bhí deis ann na himeachtaí a fhoilsiú ar bhealach níos iomláine.[4]

Baill shuntasacha[5][cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. donegalcoco.ie (2016). "Ó CHOIMHLINT GO DEIGHILTː DÚN NA NGALL 1919-1925". Dáta rochtana: 2022.
  2. UCC. "Atlas of the Irish Revolution - Acmhainní do Scoileanna - AONAD 7, Cuid a 3". Dáta rochtana: 2020.[nasc briste go buan]
  3. Tithe an Oireachtais (2020-03-05). "Stair na Parlaiminte in Éirinn" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-08-16.
  4. "Parlaimint réabhlóideach a thuairisciú" (ga-IE). Dáil100 | Houses of the Oireachtas. Dáta rochtana: 2020-08-16.
  5. "Members of the 2nd Dáil" (as en) (2020-06-26). Wikipedia.