George Noble Plunkett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Cunta Pluincéad)
Seoirse Pluincéad

Ba náisiúnaí agus polaiteoir Éireannach é George Noble Plunkett (3 Nollaig, 185112 Márta, 1948), nó an Cunta Pluincéad mar a thugtar air go minic. Chuaigh sé isteach sa ghluaiseacht nuair a lámhachadh a mhac Seosamh Pluincéad, a bhí ina cheannaire i rith Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ball den Chéad Dáil ab ea é, a chaith tamall beag ina Cheann Comhairle.

Úsáidtear an leagan Gaeilge dá ainm Seoirse Pluincéad uaireanta chomh maith.

Tús a shaoil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, mac le tógálaí Pat Plunkett. Fuair sé a chuid oideachais i gClongowes Wood agus Coláiste na Tríonóide, agus chaith sé tamall ag déanamh staidéir thar lear freisin, i Nice san Fhrainc agus san Iodáil.

Rinne Pápa Leo XIII cunta pápach de sa bhliain 1884, mar gheall ar an dian-obair a rinne sé don phápacht. Chuir Pluincéad bun leis an iris Hibernia, agus é féin ina eagarthóir air. File a bhí ann chomh maith, agus d'fhoilsigh sé a chéad bailiúchán "God's Chosen Festival" sa bhliain 1877.

Glaodh chun an bharra é sa bhliain 1878, ach dhiúltaigh sé é. Ina áit, thosaigh sé ag forbairt slí bheatha dó féin san ealaíon, litríocht agus cultúr. Na poist a bhí aige ná Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann (1907 - 1916), Leas-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann (1908 - 1909, 1911 - 1914) agus Uachtarán ar Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Cuireadh Pluincéad amach as an gCumann mar gheall ar an pháirt a ghlac a mhac san Éirí Amach na Cásca.

Polaitíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chomh maith lena mhac Seosamh, bhí an bheirt mhac eile aige George agus Seán gafa sa ghluaiseacht freisin, agus is móide gur chuir Seosamh a athair faoi mhionn an IRB am éigean roimh a bhás. Ba é bás Sheosamh tar éis an Éirí Amach a thug an spreag do Phluincéad dul isteach sa pholaitíocht.

Ba bhall den pháirtí Sinn Féin é, agus toghadh é ina theachta don dáilcheantar Ros Comáin Thuaidh san olltoghchán sa bhliain 1917. Staon na teachtaí go leor amach ón rialtas i Westminster, Sasana agus bhunaigh siad an Chéad Dáil i dTeach an Ardmhéara ar 21 Eanáir, 1919. Roghnaíodh é ina Cheann Comhairle don chruinniú ar an lá ina dhiaidh sin, 22 Eanáir. Chaith sé an tréimhse idir 22 Eanáir 1919 agus 26 Lúnasa 1921 ina Aire Gnóthaí Eachtracha. Sa phost seo, chuaigh sé go Londain in éineacht le hÉamon de Valera chun idir-bheartaigh le David Lloyd George i mí Iúil 1921.

Nuair a tháinig an Dara Dáil i bhfeidhm, tugadh an post Aire Mínealaíona dó. Níor aontaigh Pluincéad leis an gConradh Angla-Éireannach a bhí sínithe ag Mícheál Ó Coileáin, Art Ó Gríofa agus na daoine eile, nó an tSaorstát nua a chruthaíodh mar thoradh. Dá bharr sin, d'éirigh sé as an suíocháin a bhí aige i Ros Comáin. D'fhan sé mar bhall Shinn Féin, fiú tar éis na scoilte le Fianna Fáil.

Deireadh a shaoil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ghlac Pluincéad páirt i bhfothoghchán don dáilcheantar Gaillimh sa bhliain 1936, mar iomaí ó Cumann Poblachta na hÉireann agus Sinn Féin. Níor bhuaigh sé ach 2.12 faoin gcéad den vóta.

Clann[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí sé pósta le Mary Josephine Cranny, agus bhí seachtar leanaí acu.

Fuair sé bás in Éirinn sa bhliain 1948, le sé mbliana is nócha bainte amach aige.