Dónall Ó Braoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Dónall Ó Braoin.

Bhí Dónall Ó Braoin, nó Dan Breen (11 Lúnasa, 189427 Nollaig, 1969) ina throdaí saoirse agus ina pholaiteoir d'Fhianna Fáil. Cuimhnítear é mar dhuine amháin a bhí páirteach sa luíochán a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn.

Toghadh an Braonach ina Theachta Dála níos déanaí, agus chaith sé an seal ar fad idir na blianta 1932 agus 1965 ina shuí i nDáil Éireann.

Réabhlóidí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh an Braonach, nó Dan Breen, mar a thugtaí air as Béarla, do lánúin feirmeoirí ar an tSulchóid Bheag i gCo. Thiobraid Árann. Fuair sé oideachas san áit chéanna sula ndeachaigh sé leis an bpláistéireacht mar shlí beatha. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair ina fhear líne don Great Southern Railway.

Chuaigh an Braonach sna hÓglaigh sa bhliain 1914. Ar an 21 Eanáir 1919, an lá céanna ar tháinig an chéad Dáil le chéile i mBaile Átha Cliath, bhí an Braonach páirteach i luíochán ar an tSulchóid Bheag. Faoi cheannas Sheáin Uí Threasaigh, d'ionsaigh dornán d'Óglaigh díorma de shaighdiúirí dubha a bhí díreach ag seoladh lasta ábhair phléasctha go dtí cairéal na háite. Fuair beirt saighdiúirí dubha bás sa teagmháil. Is gnách glacadh leis gurbh é an cath seo a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn.

Bainis : An Braonach ina shuí lena bhean, Brigid Malone. Ina sheasamh: Sean Hogan agus Áine Malone

Le linn an chogaidh, gheall na Gaill duais deich míle punt d'aon duine a chimeodh an Braonach. Mar sin féin, bhí sé in ann é féin a chur i gceannas ar chuid mhór de na hÓglaigh. Ábhar scéalaíochta agus seanchais is ea a chrógacht mar Óglach.

Teachta Dála[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a bhí an dá chogadh - Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad - thart, vótáladh isteach ar an Dáil é sa bhliain 1923, mar phoblachtach a bhí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh.

Dan Breen (ina shuí), Sean Hogan agus Ned O'Brien i Chicago, 1ú Eanáir 1922 is cosúil

Sa bhliain 1924, d'fhoilsigh an Braonach leabhar faoin am a chaith sé ina threallchogaí, My Fight for Irish Freedom. Ní raibh sé féin ina scríbhneoir maith, ach fuair sé cuidiú óna chara, Somhairle Ó Fathaigh, arbh é deartháir Phroinsias Uí Fhathaigh é.

Cuireadh Gaeilge ar an leabhar freisin, agus tháinig an t-aistriúchán i gcló faoin teideal Ag Troid ar son na Saoirse.

Sa chéad olltoghchán sa bhliain 1927, chaill an Braonach a shuíochán Dála, agus chuaigh sé go Meiriceá. Nuair a tháinig sé ar ais, d'éirigh ní b'fhearr leis, agus fuair sé a shuíochán ar ais i dtoghchán na bliana 1932.

An Dáil

Chaith an Braonach an chéad tríocha bliain eile ina Theachta Dála do Thiobraid Árann. D'éirigh sé as sa bhliain 1965 le dul ar pinsean. Shíothlaigh an Braonach i mBaile Átha Cliath, ceithre bliana ina dhiaidh sin.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]