Pádraig Ó Donnagáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Paddy Donegan)
Jump to navigation Jump to search
Pádraig Ó Donnagáin
Teachta Dála

Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956
District:
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1954
Seanadóir na hÉireann

Bealtaine 22, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961
District: Agricultural Panel (en) Aistrigh
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965
District:
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Teachta Dála

Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969
District:
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1965
ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa

Aibreán 24, 1967 - Eanáir 1, 1968
ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Eanáir 29, 1968 - Meán Fómhair 1, 1969
Teachta Dála

Iúil 2, 1969 - Feabhra 5, 1973
District:
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1969
Teachta Dála

Márta 14, 1973 - Bealtaine 25, 1977
District:
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1973
Aire Cosanta

Márta 14, 1973 - Nollaig 2, 1976
Jerry Cronin - Liam Mac Cosgair
Aire Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide agus Comhshaoil

Nollaig 2, 1976 - Iúil 5, 1977
Thomas J. Fitzpatrick - Brian Pádraig Ó Luineacháin
Teachta Dála

Iúil 5, 1977 - Bealtaine 21, 1981
District:
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1977
Saol
Eolas breithe Mainistir Bhuithe, Deireadh Fómhair 29, 1923
Náisiúntacht Éire
Saorstát Éireann
Bás Baile Átha Cliath, Samhain 26, 2000
Oideachas
Alma mater Coláiste Chaisleán Cnucha
Gairm
Gairm polaiteoir agus feirmeoir
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Fine Gael

Éireannach de Phairtí Fhine Gael ab ea Pádraig Sáirséal Ó Donnagáin (nó i mBéarla, Patrick Sarsfield (Paddy) Donegan) (29 Deireadh Fómhair 1923 - 26 Samhain 2000).

Toghadh Ó Donnagáin don chéad uair san olltoghchán sa bhliain 1954 mar Theachta Dála do dháilcheantar Chontae Lú. Chaill sé a shuíochán ag an gcéad olltoghchán eile ach d'éirigh leis arís sa bhliain 1961 agus toghadh é i ngach olltoghchán ó shin go dtí 1977. D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1981.

Ceapadh mar Aire Cosanta i gcomhrialtas 1973 é (idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre).

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cearbhall Ó Dálaigh

Bhí an Dálach an-choinsiasach agus é ag comhlíonadh a dhualgas mar Uachtarán, rud a chuir lena aighneas leis an Rialtas (Fine Gael / Lucht Oibre) agus lena éirí as sa bhliain 1976.[1]

I Meán Fómhair 1976, cuireadh Bille Cumhachtaí Práinne[2] ina láthair le síniú. Ach shocraigh sé an tAcht Cumhachtaí Práinne a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena chuid bunreachtúlachta a thastáil, agus é ag iarraidh cearta an tsaoránaigh a chosaint.

Ba é breithiúnas na Cúirte ná nach raibh an tAcht ar neamhréir leis an mBunreacht agus ar an 18 Deireadh Fómhair 1976, shínigh Ó Dálaigh é.

Trí lá níos déanaí, ag ócáid airm i nDún Columb, Muileann gCearr, thug Aire Cosanta an Chomhrialtais, Paddy Donegan (Fine Gael) masla dó. Chuir sé ina leith "Thundering disgrace" (nó i bfhad níos graosta).[3] An rud is tábhachtaí agus is measa, bhí an tAire ag labhairt os comhair oifigeach Airm na hÉireann i Muileann gCearr.

Sáraíodh rún Dála ag an bhfreasúr ag iarraidh go n-éireodh an t-Aire (a ghabh a leithscéal idir an dá linn) as a phost, ar an 21 Deireadh Fómhair.[4]

An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac an Taoiseach, Liam Mac Cosgair, le héirí as oifig Donegan. Dúirt an Dálach gurbh é "an t-aon bhealach le mo chuid ionracais agus neamhspleáchais pearsanta féin mar Uachtarán na hÉireann a dhearbhú agus le dínit agus neamhspleáchas na huachtaránachta mar institiúid a chosaint".[5]

Ceapadh Pádraig Ó Donnagáin mar Aire na Talún ag deireadh na bliana 1976.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Cearbhall Ó Dálaigh (1911-78)". Dáta rochtana: 2021.
  2. ""an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1976"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.
  3. "My part in downfall of a President over the 'thundering disgrace' debacle" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  4. Houses of the Oireachtas (1976-10-28). "Confidence in Government: Motion. – Dáil Éireann (20th Dáil) – Thursday, 28 Oct 1976 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.
  5. Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-08-02.