Rory O'Hanlon
Ira-pholaiteoir de chuid Fhianna Fáil ba ea Rory O’Hanlon (7 Feabhra 1934 - 31 Márta 2026).[1][2] Pearsa mhór i saol poiblí na hÉireann ar feadh na mblianta fada a bhí ann, agus d’fhág sé lorg suntasach ar pholaitíocht agus ar phobal a cheantair féin.[3]
Bhí sé ina Cheann Comhairle ar Dháil Éireann ó 2002 go 2007, ina Leas-Cheann Comhairle ar Dháil Éireann ó 1997 go 2002, ina Aire Comhshaoil ó 1991 go 1992, Aire Sláinte ó 1987 go 1991 agus Aire Stáit um Éilimh Leasa Shóisialaigh i 1982. Bhí sé ina Theachta Dála (TD) do dháilcheantar an Chabháin-Mhuineacháin ó 1977 go 2011.[4][5]

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mBaile Átha Cliath a rugadh Rory O’Hanlon i 1934, tógadh é i dteaghlach a raibh baint láidir aige leis an traidisiún poblachtach. Bhí a athair ina bhall den Cheathrú Roinn Thuaidh d'Arm Poblachtach na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse.
Fuair Rory O'Hanlon a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta an Mhullaigh Bháin, agus d'fhreastail sé níos déanaí ar Choláiste Mhuire, Dún Dealgan agus ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath. Rinne sé staidéar ar leigheas ina dhiaidh sin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus cháiligh sé mar dhochtúir.
Dochtúir teaghlaigh ab ea é sula ndeachaigh sé isteach sa pholaitíocht. D’oibrigh sé mar dhochtúir i gCarraig Mhachaire Rois, áit ar fhan sé ina dhuine lárnach i saol an phobail ar feadh na mblianta. In 1965 ceapadh go Carraig Mhachaire Rois é mar an liachleachtóir ginearálta áitiúil agus bhí sé ina ionadaí leighis ar Bhord Sláinte an Oirthuaiscirt ó bunaíodh é i 1970 go dtí 1987.[6]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Rory O’Hanlon den chéad uair go Dáil Éireann in 1977 do thoghcheantar an Chabháin Mhuineacháin, agus atoghadh é ocht n-uaire ina dhiaidh sin. Bhí sé ina Aire Sláinte idir 1987 agus 1991, tréimhse a raibh brú mór ar chúrsaí airgeadais an stáit, rud a d’fhág gur cuireadh ciorruithe i bhfeidhm ar an tseirbhís sláinte, lena n-áirítear laghdú ar líon na leapacha ospidéil.
Ceapadh é mar Aire Comhshaoil in 1991, ach chaill sé an post sin nuair a tháinig Albert Reynolds i gcomharbacht ar Charles Haughey mar cheannaire ar Fhianna Fáil. In 2002 ceapadh é ina Cheann Comhairle ar an 29 Dáil, ról a bhí aige go dtí 2007, agus atoghadh é go huathoibríoch don téarma deiridh go dtí 2011.[3]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Rory O'Hanlon bás ar 31 Márta 2026.[2] Dúirt an tUachtarán gur, "[chaith] Rory a shaoil, mar pholaiteoir agus mar dhochtúir leighis, ag saothrú ar son leas an phobail. Chuir sé a chuid dualgas polaitiúil, mar TD, Aire, Aire Stáit, Leas-Cheann Comhairle agus Ceann Comhairle, i gcrích go cumasach."[7]
D’fhóin beirt pháistí O'Hanlon mar pholaiteoirí áitiúla i gCabhán-Muineachán, a mhac Shane ina bhall de Chomhairle Contae Mhuineacháin agus d’fhóin a iníon, Fiona O’Hea, téarma amháin ar Chomhairle Baile Mhuinchille agus bhí TD de chuid Shinn Féin Caoimhghín Ó Caoláin, is gaol de chuid O'Hanlon é freisin. Is athair é freisin don aisteoir agus fear grinn Ardal O'Hanlon.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of Dr. Rory O'Hanlon (Armagh) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2026-04-07.
- 1 2 RTÉ News (31 Márta 2026). "Former Fianna Fáil minister, ceann comhairle Rory O'Hanlon dies". Nuacht RTÉ.
- 1 2 Eagarthóir (2026-04-03). "Bás iar-Aire Sláinte agus Teachta Dála" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-04-07.
- ↑ Eagarthóir (2026-04-03). "Bás iar-Aire Sláinte agus Teachta Dála" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-04-06.
- ↑ “Rory O'Hanlon”. Oireachtas Members Database. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 April 2019. Dáta rochtana: 13 October 2009.
- ↑ "Rory O'Hanlon". Rory O'Hanlon. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 December 2009.
- ↑ "Ráiteas ón Uachtarán Connolly ar bhás don Dr Rory O’Hanlon" (ga) (1 Aibreán 2026).
- Articles with hatnote templates targeting a nonexistent page
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 29ú Dáil
- Baill den 28ú Dáil
- Baill den 27ú Dáil
- Baill den 26ú Dáil
- Baill den 25ú Dáil
- Baill den 24ú Dáil
- Baill den 23ú Dáil
- Baill den 22ú Dáil
- Baill den 21ú Dáil
- Alumni COBÁC
- Básanna in 2026
- Daoine a rugadh i 1934
- An Cabhán–Muineachán (Dáilcheantar)
- Polaiteoirí as Contae Mhuineacháin