Dún Dealgan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Dún Dealgan
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Louth Magnified.png
Daonra (2016) 39,004
Airde: 1m[1]
Contae: Contae Lú
Cúige: Laighin

Is baile é Dún Dealgan (Béarla: Dundalk) atá suite i gContae Lú. Tá an baile suite ar abhainn Bhaile an Chaisleáin a shníonn isteach go dtí Bá Dhún Dealgan. Tá an baile gar don teorainn le Tuaisceart Éireann agus leathbhealach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Tá calafort iascaireachta agus tráchtála beag sa bhaile. Deirtear gurb é an bhrí leis an logainm Dún Dealgan ná Dún Dalga, ach tá foinsí eile ann a mhaíonn gur as Dealg a d'eascair an t-ainm. Sé Trá Bhaile Mhic Buain an sean-ainm a bhíodh ar an mbaile. Tá baint mór ag Cú Chulainn leis an mbaile, mar de réir na scéalta, is ann a rugadh agus a tógadh é. Fuair Dún Dealgan an chéad chairt sa bhliain 1189. Tá an baile suite ar bhéal abhainn an Nith. 'Sé rosc an bhaile ná "Is mé do rug Cú Chulainn Cróga".[2]

Tá Dún Dealgan ceangailte de Rezé san Fhrainc.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Áitríodh an cheantar Dhún Dealgan don chéad uair timpeall 3500 RC, le linn thréimse Neoiliteach. D'fhág na daoine Neoiliteach agus d'fhág siad ceann de na comtharthaí is suntasaí na tréimhse stair sin ná an Dolmain Proleek. Lonnaítear é i mBaile Mhic Scanláin, tuaisceart Dún Dealgan. Tá iarsmaí seandálaíochta den tuama meigiliteach le feiceáil ann.[2][3]

Tháinig na Ceiltigh go hÉirinn timpeall 500RC, ina dhiaidh an Eoraip a choilíniú. Lonnaigh an dream Conaille Muirtheimhne i dtuaisceart contae Lú, Dún Dealgan Uachtarach agus Dún Dealgan Íochtarach.[4] D’eascair bhur n-ainm ó Chonaill Carnagh, a bhí mar cheannaire sa Craobh Ruathe. Is na filí a bhí sa dream seo a chum scealta miotaseolaíochta a bhfuil mar dlúthchuid den stair Dhún Dealgan. Iad siúd na cinn is cáiliúla ná Laochra na Craoibhe Rua, An Táin Bó Cuailgne agus Cú Chulainn.[2][3]

Dolmain Proleek, i nDún Dealgan

I dtosach báire, d’fhorbair Dún Dealgan mar Shráid Bhaile nach raibh ballaí timpeall air. Forbraíodh mar seo mar gheall ar an bpointe droichid i gCaisleán Dhún Dealgan (Castletown sa Bhéarla) a bhí gár don mbaile. Sa bhliain 1169, tháinig na Normannaigh go hÉirinn agus cuireadh tús le bailte na hÉirinn a bheith faoi chois acu. D'úsáid na Normainnigh an pointe droichid seo mar bhúntáiste chun ballaí agus daingniúcháin eile a chumadh móta agus bá bábhún an Caisleáin Dhún Dealgan. Ón mbliain 1185, thóg fear uasal Normannach darbh ainm Bertram de Verdun teach mainéir i gCaisleán Dhún Dealgan (Castletown, as Béarla) agus tugadh cairt don cheantar sin sa bhliain 1189. Lonnaigh an chlann Normannach De Courcy i gceantair Bhaile na Trá (Seatown, as Béarla), Dún Dealgan faoi threoir uasalathair na clainne, John de Courcy. Chabhraigh na teaghlaigh seo go mór le daingniú an bhaile, ballaí a thógáil agus cruth Normannach a chur ar an mbaile.[2][3]

Cearnóg an Mhargaidh Dhún Dealgan circa 1910

Sa 17ú haois, chruthaigh an Tiarna Luimneach (Lord Limerick) an baile nua-aimseartha atá ann an aimsir seo. Bhí sé freagrach as tógáil sráideanna go lár an baile, d’eascair na smaointe a bhí aige ar struchtúr an bhaile ó chathracha san Eoraip.

Sa 19ú haois, d’fhás Dún Dealgan ina bhaile rathúil, mheall sé a lán tionscail nua isteach sa cheantar. Oscailt na nIarnród, leathnú na ndugaí (Quays as Béarla) agus bunú na coimisinéirí le bheith i gceannas ar an mbaile, ba chúis leis an bhforbairt seo.

Leis an chéad nasc iarnróid, cuirtear an baile ar an bpríomhlíne idir dhá chathair Baile Átha Cliath (1849) agus Béal Feirste (1850). Osclaiodh naisc iarnróid eile i nDoire (1859) agus i nGrianfort (1873). Bhunaigh Dún Dealgan mar bhaile teorann i mí Bhealtaine 1921 toisc go raibh sé suite ar phríomhlíne an t-iarnród idirnáisiúnta Baile Átha Cliath–Béal Feirste. D’oscail Saorstát na hÉireann na háiseanna custaim agus inimirce ar thraenacha i nDún Dealgan chun earraí agus paisinéirí a bhí ag trasnú na teorann a fhéachaint. Tarlaíodh go leor achrainn i nDún Dealgan le linn Chogaidh Chathartha na hÉireann

Rinne an Ceithre Roinn Thuaidh An IRA a bhí faoi smacht Frank Aiken iarracht a bheith neodracht ach ghabh an tArm Cathartha na hÉireann 300 dóibh i mí Lúnasa 1922. Áfach, rinneadh ruathar ar bheairice Dhún Dealgan ina raibh Aiken agus scaoileadh saor é. Dhá sheachtain ina dhiaidh, rinne Aiken luíochán ar na beairicí agus scaoileadh na cimí poblachtacha. Go gairid ina dhiaidh sin, iarrtar ar an dá dhream sos cogaidh a phlé eatarthu.

Sa 20ú haois, leantar Dún Dealgan ar aghaidh mar ionad réigiúnach, riaracháin, déantúsaíochta agus mar bhaile margaidh le linn na gcéad caoga bliain de neamhspleáchas na hÉireann. Le linn na dtrioblóidí, bhí Dún Dealgan mar ionad slándála tábhachtach. Nuair a tháinig Éire isteach go dtí an Cómhargadh, d’fhulaingt tionscail déantúsaíochta áitiúla mar gheall ar iomaíocht eachtrach agus tháinig an ráta dífhostaíochta Dhún Dealgan aníos. Roimhe seo, bhí an ráta dífhostaíochta is airde ag an gcontae sa chúige is saibhre, An Laighean. Feictear go raibh tuairimí míchuíosacha ag cuid mhór daoine le linn an ama seo mar gheall ar fhadhbanna sóisialta agus timpeallachta a bhí ann.[3]

Oideachas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan[athraigh | athraigh vicithéacs]

Coláiste tríú leibhéal é, bunaíodh é sa bhliain 1970 agus tá sé suite in oirthuaisceart na hÉireann, I nDún Dealgan, Chontae Lú. Soláthraítear réimse fairsing na gclár sna Scoileanna Gnó agus Daonnachtaí, Innealtóireachta, Sláinte agus Eolaíochta agus i Scoil Faisnéisíochta agus na nEalaíon Cruthaitheach.[5]

Institiúid Bhreisoideachais Uí Fhiaich[athraigh | athraigh vicithéacs]

Institiúid bhreisoideachais é seo atá suite i nDún Dealgan. Cuireann an coláiste réimse leathan cláir idir Scoil na hEalaíne agus Deartha, Scoil na Scéimhe, Fóillíochta agus Folláine, Scoil Ghnó agus Ríomhaireachta, Scoil na nDaonnachtaí, Scoil Chúram Leanaí agus Chúram Sláinte agus Scoil na Innealtóireachta agus Eolaíochta.[6]

Institiúd Teicneolaíochta Dhún Dealgan

Bunscoileanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunscoileanna lán Ghaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Gaelscoil Dhún Dealgan[7]

Bunscoileanna Bhéarla[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Scoil Phádraig Naofa, Cill an Churraigh
  • Scoil Náisiúnta Chailíní an tSlánaitheora
  • S.N Bhaile na Lorgan
  • S.N Muire na nGael
  • S.N Naomh Fursa
  • S.N San Niocláis
  • S.N Naomh Iósaf
  • S.N Naomh Oilibhéir Pluincéid
  • Scoil na mBráithre
  • S.N Naomh Malaicí
  • Scoil De la Salle
  • Bunscoil Dhún Dealgan
  • S.N Fhocairde
  • S.N  Naomh Muire Dhroichead an Chnoic
  • S.N Bhaile an Chaisleáin
  • Scoil Eoin Biaste
  • Bunscoil Réalt na Mara
  • S.N Dhairbhreach, Cillín Cúile[8]

Méanscoileanna lán-Ghaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Coláiste Lú

Meánscoileanna Bhéarla[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Coláiste De la Salle
  • Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan
  • Coláiste Naomh Muire
  • Coláiste Uí Fhiaich
  • Coláiste Rís
  • Meánscoil Naomh Uinseann
  • Meánscoil Naomh Louis
  • Iar-bhunscoil Sceach
  • Coláiste Chú Chulainn[9]

Áiseanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

An drioglann a bhí san áit ina sheasann Leabharlann Dhún Dealgan inniu (c.1892)

Leabharlann Dhún Dealgan[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1934, bunaíodh an tseirbhís Leabharlann Chontae Lú (Béarla: Louth County Library service) faoin Act Rialtais Áitiúil 1925. Déantar an Saor-leabharlann Dhún Dealgan mar sheirbhís don chontae ar fad.

Osclaíodh an leabharlann ar an 6ú Mí Iúil 1936 le stoc de 2,000 leabhair agus 1,208 iasachtaí cláraithe.

Sa lá atá inniu ann, seasann an leabharlann ar Shráid Roden i nDún Dealgan. Iardhrioglann a bhí ann agus cumadh an foirgneamh c.1870. Is sampla é seo den ailtireacht thionsclaíoch an 19ú haois.[10][11]

An Córas Iompair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bíonn naisc thaistil maith ag baint le Dún Dealgan toisc go seasann sé ar an mbóthar Baile Átha Cliath go Béal Feirste, príomhlíne gréasán iarnróid na hÉireann, níl Dún Dealgan ach 86km ó dheas. Chomh maith le sin, tá an baile suite ar lárphointe den M1, an mótarbhealach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath 72km nó 40 nóiméad ón mbaile.[2]

Na Meán[athraigh | athraigh vicithéacs]

Freastalaíonn The Argus, Dundalk Democrat agus Dundalk Leader ar phobal Dún Dealgan mar nuachtáin áitiúil. Oibríonn Talk of the Town mar an t-aon soláthraí nuachta ar líne.

Craolann Dundalk FM mar an stáisiún raidió áitiúl ar 97.7 FM. Freastalaíonn stáisiún raidió réigiúnacha ar an gceantar chomh maith, LMFM ar 98.5 FM agus iRadio ar 105-107FM ina measc.[12][13][14][15][16][17][18]

Spórt[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sacar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Páirc Oiriall, staid baile an gCumann Peile Dhún Dealgan.

Is cumann proifisiúnta é Cumann Peile Dhún Dealgan  atá lonnaithe I nDún Dealgan agus a bunaíodh sa bhliain 1903. Imríonn siad do Phríomhroinn na Sraithe na hÉireann. Ó thaobh an méid trófaí atá buaite acu, is iad Cumann Peile Dhún Dealgan an dara foireann is rathúla i Sraith na hÉireann (12 corn sraithe agus 10 corn FAI). Imríonn bhur gcluichí baile i bPáirc Oiriall (Béarla: Oriel Park).[19]

Rugbaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is é Cumann Rugair Dhún Dealgan ceann de na cumainn rugair sóisearacha is suntasaí i gcúige Laighean. Bunaíodh é sa bhliain 1877 agus feictear go raibh stair rathúil thairbheach mar gheall ar na cluichí ceannais a bhuadar. Bhuaigh Cumann Rugair Dhún Dealgan Corn na mBailte Tuaithe 10 n-uair agus faoi láthair, tá siad i roinn 1A den tSraith Laighean. Tá trí fhoireann sinsireacha acu, chomh maith le foirne óige de gach aois agus roinnt foireann rugbaí leaiste na mban.[20]

Haca Oighir[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rinc bhaile d'fhoireann haca oighir Dhún Dealgan, Dundalk Ice Dome.

Bunaíodh Tairbh Dhún Dealgan (Béarla: Dundalk Bulls) an fhoireann haca oighir i nDún Dealgan nuair a d’oscail JJB Soccer Dome agus Dundalk Ice Dome a osclaíodh sa bhliain 2006. Chuaigh an fhoireann san iomaíocht i Sraith Haca Oighir na hÉireann. Bhí áit sa Ice Dome do 1,200 duine agus a bhí mar rhinc bhaile d’fhoireann haca oighir na hÉireann. Nuair an dúnadh an dá ionad sa bhliain 2012, cuirtear deireadh leis an bhfoireann Tairbh Dhún Dealgan chomh maith.[21][3]

Rasaíocht Chapall agus Chon[athraigh | athraigh vicithéacs]

Óstálann Staid Dhún Dealgan an dá spóirt seo. Osclaíodh an chéad pháirc uile-aimsire rásaíochta ar an ráschúrsa i mí Lúnasa 2007.[22][3]

Pionsóireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

D'óstáil Dhún Dealgan bhur gcéad comortas pionsóireachta náisiúnta i mí Aibreán 2007.[3]

Cispheil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá cumann cispheile ag an mbaile Dhún Dealgan, Dundalk Ravens.[23]

Peil Mheiriceánach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Louth Mavericks, an t-aon fhoireann pheil Mheiriceánach i gcontae Lú lonnaithe i nDún Dealgan. Bunaíodh an cumann sa bhliain 2012 agus imríonn siad mar chuid den tSraith Pheil Mheiriceánach na hÉireann. Is é bhur bpríomhchóitseálaí ná Robert Shevlin. Bítear ag traenáil san Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (DKIT).[24]

Leadóg[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá club leadóige ag Dún Dealgan chomh maith, An Club Leadóige Léana agus Badmantain (Béarla: The Dundalk Lawn Tennis and Badminton Club). Bunaíodh é sa bhliain 1913 agus d’óstáil an club Craobhchomórtais Sinsear na gCúigí (inter-pros sa Bhéarla) óna 29-31 de mhí Lúnasa 2010.[25]

Cruicéad[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh an Club Cruicéid Dhún Dealgan i mí na Samhna 2009 agus tosaíodh ag imirt cluichí sa séasúr 2010. Aithnítear an club san iris chruicéid atá mór cáil air timpeall na cruinne, The Wisden Cricketer, bronnadh duais ‘Club na Míosa’ orthu. Is rud as an ghnáth é seo chun an duais a bhronnadh ar chlub nach bhfuil bunaithe ach cúpla mí. Sa bhliain 2011, cuirtear an club go dtí an Cumann Cruicéad Laighean agus d’imir siad i roinn 11 sa Sraith Shinsearach Laighean. Sa bhliain 2011, bhuaigh an fhoireann an tsraith seo agus bhí siad an t-aon chlub i gcúige Laighean nár buadh orthu i 14 roinnte. Sa bhliain 2012, bhuaigh siad an Sraith Shinsearach Laighean don dara huair agus iad sa roinn 9.[26]

Snúcar[athraigh | athraigh vicithéacs]

An tSraith Ceantar agus Dhún Dealgan ann ar feadh 20 bliain anuas. Sa bhliain 2012, rinneadh athbhrandáil ar an tSraith Snúcair Dhún Dealgan agus fuarthas urraíocht nua as Tool-Fix. Feictear gur fhás an tsraith toisc go fuarthas aitheantas náisiúnta ón gCumann Billéardaí agus Snúcair na hÉireann. D’ullmhaigh an cumann ‘ryder cup’ i gcomhair na himreoirí snúcair is fearr sa Sraith Snúcair Dhún Dealgan. Sa tsraith le linn an tséasúir seo, tá 15 foireann agus 113 imreoir atá in iomaíocht i 6 ócáidí craobhchomortais.[27]

Rothaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh an chéad chlub rothaíochta i nDún Dealgan sa bhliain 1874. Bhunaigh siad an Club Rothaíochta Cú Chulainn sa bhliain 1935 agus tá sé mar cheann de na clubanna rothaíochta is mó gníomhaí sa tír. Tá níos mó ná 300 ball acu agus déantar rothaíocht BMX, rothaíocht easbhóthar agus rothaíocht ar bhóthair. Fuair an club ceadúnas chun páirc rothaíochta i Muirtheimhne Mór.[28]

Cadhcáil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh an Club Cadhcála Dhún Dealgan sa bhliain 2005 agus bítear ag feidhmiú as an gclubtheach a shuíonn taobh amuigh den bhaile. Bíonn an club ag cur cúrsaí do gach cumas cadhcála ar fáil don phobal.[29]

Na hEalaíona[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá dhá chlub ag baile Dhún Dealgan – Cumann Grianghrafadóireachta Dhún Dealgan[30] agus Cumann Grianghrafadóireachta Tána. Sa bhliain 2010, bhuaigh an Cumann Grianghrafadóireachta Dhún Dealgan Comórtas Domhanda na gCumann Grianghrafadóireachta FIAP.[31]

Tá saol an cheoil Dhún Dealgan thar barr.

  • Sa bhliain 2010, bunaíodh Ceolfhoireann Aireagail Athair Mac an Fhaillí (Béarla: Fr. Mc Nally Chamber Orchestra). Is ceolfhoireann aireagail téide é le vióla, veidhlíní, dordveidhilí agus olldoird. Tá 29 ball acu chomh maith.[32]
  • Is é Ceolfhoireann Thrasteorann na hÉireann (Béarla: The Cross Border Orchestra of Ireland) ceann de na ceolfhoirne óige ba shuntasaí in Éirinn. Tá an cheolfhoireann lonnaithe in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus tá 160 ball óige acu idir 12 agus 24 bliain d’aois. Bunaíodh é sa bhliain 1995 ina dhiaidh feidhmiú an próiseas síochána agus aithnítear air mar cheann de na príomhthionscnaíochta síochána na hÉireann. Is minic a mbíonn an cheolfhoireann ag dul ar chamchuairteanna chun na hEorpa agus na Stát Aontaithe, seinntear in áiteanna mar Carnegie Hall I Nua Eabhrac.[33]
  • Bunaíodh An Chóráil Clermont sa bhliain 2003 le 30 ball, a tharraing ó gach cearn den Chontae Lú. Glactar le ceol ón 17ú go dtí an 21ú haois, stíleanna agus seánraí difriúla san áireamh chomh maith.[34]
  • Cruthaítear Scoil Cheol Dhún Dealgan (Béarla: Dundalk School of Music) i mí Feabhra 2010, is mar aidhm dóibh oideachas ceoil a chur ar fáil do gach aoisghrúpa.[35]

Pobail na Gaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir fhigiúirí an Daonáirimh 2016, is féidir le níos lú ná trian den daonra Dhún Dealgan an Ghaeilge a labhairt. Tá 12,236 cainteoirí Gaeilge i nDún Dealgan, a bhfuil 32.8% de dhaonra an cheantair. Dhearbhaigh 23,712 duine a labhraíonn an Ghaeilge, níor fhoilsigh 1,313 bhur gcumas teanga.

Léirigh an suirbhé go bhfuil na mná níos fearr le Gaeilge a labhairt. Tá 34.9% de mhná agus 30.7% de fhir ab fhéidir an Ghaeilge a labhairt.

Taispeánadh go bhfuil an Ghaeilge is mó labhartha ar imeall an bhaile Dhún Dealgan. Tá 169 cainteoir Gaeilge laethúla i nDún Dealgan tuaithe, tháinig an uimhir sin aníos ón mbliain 2011. Tá éileamh na teanga ag fás i mBaile Hagaird, bhí 65 duine a raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga dóibh sa Daonáireamh 2011, ardaíodh an uimhir go 78 cainteoir sa bhliain 2016.

Nochtann na figiúirí go bhfuil 42,047 de dhaonra an contae ina chainteoir Gaeilge, áirítear 34.1% de dhaoine atá ag cur fúthu i nDún Dealgan. Feictear go raibh titim ar líon na gcainteoirí sa bhliain 2011, le 36.1% den daonra Dún Dealgan agus cainteoirí Gaeilge iad.[36]

Dún Dealgan an lae inniu[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sráid Chlann Bhreasail, Dún Dealgan

Sa lá atá ann, tá Dún Dealgan mar lárionad riaracháin agus an tríú baile is mó in Éirinn. Tá daonra de 35,000 duine sa bhaile faoi láthair.

Rinneadh éabhlóid ar an mbaile chun a bheith mar an mol teicneolaíochta, leictreonach agus innealtóireachta ina bhfuil sé inniu. Tá an baile lán le taipéisí stairiúil i Músaem Contae Dhún Dealgan, a bhfuil ceann de na músaeim údaráis áitiúla is déise sa tír.[2]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. http://www.fallingrain.com/world/EI/19/Dun_Dealgan.html
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 https://eoceanic.com/sailing/harbours/europe/ireland/cork/127/dundalk, Alt ar stair Dhún Dealgan ar shuíomh eOceanic. [Béarla]
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 https://www.dkit.ie/international-office/international-students/about-ireland/dundalk, Alt ar stair Dhún Dealgan ar shuíomh DKIT [Béarla]
  4. https://www.jstor.org/stable/pdf/27729714.pdf, Gosling, P. (2018). From Dún Delca to Dundalk: The Topography and Archaeological and Historical Society. 22ú eagrán. Dún Dealgan: County Louth Archaeological and History Society, lgh.249.
  5. https://www.dkit.ie/cao-hub/download-our-prospectus/undergraduate-prospectus-2018/19.html Réamheolaire Institúide Teicneolaíochta Dhún Dealgan [Béarla]
  6. https://www.ofi.ie/, Leathanch baile an Coláiste Bhreisoideachas Uí Fhiaich [Béarla]
  7. http://www.gaelscoildd.ie/, Suíomh idirlíon Gaelscoile Dhún Dealgan [Gaeilge]
  8. https://www.schooldays.ie/primary-schools-in-ireland/primary-Louth, Liosta na mbunscoileanna i nDún Dealgan ar shuíomh School Days.[Béarla]
  9. https://www.schooldays.ie/secondary-schools-in-ireland/Louth, Liosta na meánscoileanna Dhún Dealgan ar shuíomh School Days.[Béarla]
  10. http://www.askaboutireland.ie/reading-room/history-heritage/history-of-ireland/first-public-library-in-i/louth-county-library-serv/, Alt ar stair Leabharlainne Dhún Dealgan ar shuíomh Ask About Ireland. [Béarla]
  11. http://www.librarybuildings.ie/library.aspx?ID=54, Alt ar stair Leabharlainne Dhún Dealgan ar shuíomh Ask About Ireland. [Béarla]
  12. https://www.independent.ie/regionals/argus/, Ardán sóisialta an nuachtáin The Argus. [Béarla]
  13. https://www.dundalkdemocrat.ie/, Suíomh idirlíon an nuachtáin The Dundalk Democrat. [Béarla]
  14. http://www.dundalkleader.com/, Suíomh an nuachtáin, Dundalk Leader. [Béarla]
  15. https://talkofthetown.ie/, An nuachtáin ar líne, Talk of the Town. [Béarla]
  16. http://www.dundalkfm.com/, Suíomh idirlín an stáisiún raidió Dundalk FM. [Béarla]
  17. https://www.lmfm.ie/home/, Suíomh idirlíon an stáisiún raidió, LMFM. [Béarla]
  18. https://www.iradio.ie/, Suíomh idirlín an stáisiún raidió, iRadio. [Béarla]
  19. http://www.dundalkfc.com/, Suíomh gréasán An Cumainn Peile Dhún Dealgan. [Béarla]
  20. https://web.archive.org/web/20131202234629/http://dundalkrfc.com/home/, Suíomh idirlín an Cumainn Rugbaí Dhún Dealgan. [Béarla]
  21. https://www.mytown.ie/b/Dundalk-Bulls, Alt faoin dTairbhe Dhún Dealgan ar shuíomh mytown.ie. [Béarla]
  22. http://www.dundalkstadium.com/, Suíomh gréasáin Staid Dhún Dealgan [Béarla]
  23. https://talkofthetown.ie/tag/dundalk-ravens/, Ailt ar fhoireann Dundalk Ravens ar nuachtán ar líne, Talk of the Town. [Béarla]
  24. http://www.americanfootball.ie/american-football/iafl1-conference/?team_61=469, Suíomh gréasáin an gCumainn Peile Mheiriceánach na hÉireann.[Béarla]
  25. http://www.dundalkracketsclub.com/, Suíomh greásáin an gClub Leadóige Léana agus Badmantain Dhún Dealgan. [Béarla]
  26. https://www.cricketleinster.ie/clubs/dundalk, Suíomh idirlín an gClub Cruicéid Dhún Dealgan. [Béarla]
  27. http://www.ribsa.ie/?p=187, Alt ar an tSraith Snúcair Dhún Dealgan ar shuíomh R.I.B.S.A. [Béarla]
  28. http://www.dundalkcycling.com/, Suíomh greásáin an gClub Rothaíochta Dhún Dealgan. [Béarla]
  29. http://kayaking.ie/kayaking-clubs-ireland/, Suíomh idirlín an gClub Cadhcála Dhún Dealgan. [Béarla]
  30. http://www.dundalkphoto.com/, Suíomh greásáin an gCumann Grainghrafadóireachta Dhún Dealgan. [Béarla]
  31. https://www.independent.ie/regionals/argus/lifestyle/dundalk-photo-society-garner-praise-on-international-stage-34318192.html
  32. https://www.dkit.ie/creative-arts-media-music/performing-groups-ensembles/orchestra-residence, Alt ar Cheolfhoireann Aireagail Athair Mac an Fhaillí ar shuíomh DKIT. [Béarla]
  33. http://peaceproms.com/, Suíomh greásain an gCeolfhoireann Thrasteorann na hÉireann. [Béarla]
  34. https://www.dundalk.ie/news/01022013/clermont-chorale-2, Alt ar An Chóráil Clermont ar shuíomh dundalk.ie. [Béarla]
  35. http://www.dundalkschoolofmusic.com/, Suíomh greásáin na Scoile Cheoil Dhún Dealgan. [Béarla]
  36. https://talkofthetown.ie/just-third-dundalks-population-can-speak-irish/ Alt ar an bpobal Gaeilge Dhún Dealgan ar shuíomh Talk of the Town. [Béarla]