Cumann Peile na hÉireann
Sonraí | |
---|---|
Cineál | association football federation (en) |
Dáta a bunaíodh | 1921 |
Gníomhaíocht | |
Spórt | sacar |
Tír spóirt | Éire |
Ball de | FIFA (1923–) UEFA (1958–) |
Cód tíre FIFA | IRL |
Rialachas corparáideach | |
Príomhchóitseálaí | Martin O'Neill |
Máthaireagraíocht | UEFA |
Úinéir de | Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann League of Ireland XI (en) Republic of Ireland national under-23 football team (en) Republic of Ireland national under-19 football team (en) Republic of Ireland national under-20 football team (en) Republic of Ireland B national football team (en) Republic of Ireland national under-21 football team (en) Republic of Ireland national under-17 football team (en) Foireann sacair ban Phoblacht na hÉireann Republic of Ireland national beach soccer team (en) |
Suíomh gréasáin | http://www.fai.ie |
Is é Cumann Peile na hÉireann (Football Association of Ireland as Béarla nó FAI) an eagraíocht a rialaíonn peile i bPoblacht na hÉireann. Tharla scoilt idir an IFA, lena gceannáras i mBéal Feirste agus na clubanna sacair i Saorstát Éireann i 1921. Ba é John Delaney príomhoifigeach feidhmiúcháin an Chumann Peile na hÉireann ó 2004 go 2019.[1]
Sacar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá peil (nó sacar) ar cheann de na spóirt is sine ar domhan.[2] Tá aon imreoir déag ar an bhfoireann peile.[2] Tá cúl báire amháin ann.[2] De ghnáth bíonn ceathrar cosantóirí, ceathrar imreoir lár páirce, agus beirt tosaithe.[3] Tá seacht n-ionadach ar an binse na n-ionadaithe i ngach cluiche.[2] Is féidir le gach foireann trí ionadach a ainmniú i ngach cluiche.[2] Tá réiteoir amháin beirt agus maor líne i ngach cluiche.[2] Maireann cluichí peile nócha nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead a cúig nóiméad agus faigheann na himreoirí sos cúig nóiméad déag.[2] De ghnáth bíonn an pháirc peile céad fiche slat ar fad agus tá sé seachtó cúig slat ar leithead.[2]
Scóráil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é aidhm an chluiche cúil a scóráil.[2] Chun cúl a scóráil caithfidh an liathróid a bheith os cionn na líne.[2] Chun an cluiche a bhuachan caithfidh an fhoireann níos mó cúil a scóráil ná an fhoireann eile.[2] De bharr seo faigheann siad trí phointe.[4] Má thagann deireadh leis an gcluiche agus scóráil an dá fhoireann an líon céanna cúil, faigheann an dá fhoireann pointe amháin.[4] Mura bhfuil aon cúil scóráilte sa chluiche ní fhaigheann siad aon phointí.[4]
Rialacha peile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cic pionóis - Tugtar pionós nuair a tharlaíonn imirt fhealltach nó liathróid láimhe taobh istigh den bhosca.[5]
- Cic cúinne - Tarlaíonn sé seo nuair a thosaíonn an fhoireann atá ag cosaintan liathróid thar an líne chúil.[5] Faigheann an fhoireann eile seans scór ó chiceáil na liathróide ó choirnéal na páirce.[5]
- Cic amach - Thosaíonn an cúl báire an liathróid ó líontán an chúl báire.[5]
- Caitheamh isteach - Nuair a thosaíonn foireann an liathróid thar teorainn, faigheann an fhoireann eile an liathróid a chaitheamh isteach.[5]
Stair an Chumainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunú an Chumainn Peile na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) sa bhliain 1880.[6] Tar éis sin imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann mar go raibh ceanncheathrú Chumann Sacair na hÉireann lonnaithe i mBéal Feirste.[6] Bunaíodh an Cumann Peile Bhaile Átha Cliatha sa bhliain 1883.[6] Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh an Cumann Peile Laighean sa bhliain 1892.[6]
Ní raibh clubanna atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann sásta leis an mbainistíocht mar cheap siad go raibh an bhainistíocht i bhfabhar imreoirí ó thuaisceart na hÉireann.[6] Tharla Éirí Amach na Cásca ag an am seo.[6] De bharr sin bhí náisiúnachas Éireannach tábhachtach do go leor daoine agus thosaigh clubanna i ndeisceart na hÉireann ag éileamh níos mó ó Chumann Peile na hÉireann.[6] Bhí díomá le feiceáil nuair a d’fhág trí chlub léig na hÉireann.[6] D'fhág Club Peile Bóithéimeach (Béarla: Bohemians), Club Peile St James Gate agus Club Peile Shíol Bhroin (Béarla: Shelbourne)[7] sraithchomórtas na hÉireann.[6] Ach d’imir siad i gcomórtais coirn.[6] D'imir an fhoireann Shíol Bhroin i gcoinne an fhoireann Bhéal Feirste i gcoirn Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1921.[6] Cluiche cothrom a bhí ann agus shocraigh Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) go ndéanfaí an cluiche a athimirt i mBéal Feirste arís.[6] Dhiúltaigh an fhoireann Shíol Bhroin imirt i mBéal Feirste toisc go raibh siad ag iarraidh an cluiche a imirt i mBaile Átha Cliath.[6] Shocraigh siad gan an cluiche a imirt arís agus chaill siad an cluiche.[6] Tharla cruinniú ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an gcéad lá de Mheitheamh 1921 toisc nach raibh an Cumann Peile Laighean agus an Cumann Peile Mumhan sásta eis an mbainistíocht i mBéal Feirste lena gcinneadh faoin an cluiche a imirt arís i mBéal Feirst.[6] Ag an gcruinniú seo scar clubanna i mBéal Feirste agus clubanna sa phoblacht toisc nach raibh siad in ann ceart a bhaint dá chéile agus bunaíodh Cumann Peile na hÉireann (Béarla: FAI).[6] Tá na sé chontae is fiche de phoblacht na hÉireann faoi údarás Cumann Peile na hÉireann.[6] Bunaíodh an eagraíocht seo chun cluiche peile in Éirinn a fheabhsú, a fhorbairt agus a spreagadh.[8] Cosnaíonn an eagraíocht seo na baill agus an cluiche peile ó mhí-úsáid.[8]
Tharla cruinniú ar siúl i halla Theach Laighean i mBaile Átha Cliath.[6] Ag an gcruinniú seo bunaíodh sraith na hÉireann.[6] Ba iad an fhoireann St James Gate an chéad fhoireann a bhuaigh an comórtas seo.[6] Ar dtús bhí go leor deacrachtaí ag an eagraíocht tiosc nár grúpa peile aitheanta iad in Éirinn agus mar thoradh air sin ní raibh siad in ann imirt i gcluichí idirnáisiúnta.[6] Sa bhliain 1923 chuir An Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair (Béarla: FIFA) fáilte roimh chumann peile na hÉireann mar bhaill oifigiúla.[6] Sa bhliain 1926 ghlac Éire páirt i gcluichí agus i gcomórtais idirnáisiúnta. D’imir Éire an Iodáil dá gcéad chluiche idirnáisiúnta.[6] Tharla an cluiche seo i gcathair san Iodáil agus chaill Éire an cluiche seo.[6] Toisc go raibh dhá chumann peile in Éirinn bhí go leor mearbhaill ann maidir le cluichí idirnáisiúnta.[6] Bhí conspóid ann mar chreid Cumann Sacair na hÉireann nach bhféadfadh Cumann Peile na hÉireann ach imreoirí as poblacht na hÉireann a roghnú le himirt ina gcluichí idirnáisiúnta.[6] Ach phioc Cumann Sacair na hÉireann imreoirí ó phoblacht na hÉireann agus tuaisceart na hÉireann chun imirt ina gcluichí idirnáisiúnta.[6] Mar thoradh air sin d’imir go leor imreoirí i gcluichí idirnáisiúnta d’fhoireann IFA agus d’fhoireann FAI araon.[6]
Imríodh an chéad chluiche baile in Éirinn i mí Aibreáin sa bhliain 1927.[6] Bhí suas le 20,000 ag an gcluiche i staid Bóthar Lansdún.[6] D’imir Éire i gcoinne an Bheilg agus bhuaigh siad a gcéad chluiche sa bhliain 1928.[6]
Comhairle agus bord Chumann Peile na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc chomhlachtaí comhairleacha Chumann Peile na hÉireann tá:
- Comhairle Chumann Peile na hÉireann.[9] - Tagann an páirtí le chéile chun uachtarán nua agus baill nua coiste a thoghadh.[9] Déanann siad na cinntí laethúla, na cinntí stiúrthóra agus na cinntí tábhachtacha.[9]
- An Coiste Chumann Peile na hÉireann.[9]
- An Fhoireann Riaracháin Chumann Peile na hÉireann.[9]
- An Bord Bainistíochta.[9] Is é Gerry McAnaney Uachtarán an Chumainn agus is é Paul Cooke Iar-Uachtarán an chumainn.[9] Tá siad ar an mbord bainistíochta.[9]
An bord stiúrthóirí bainistíochta:
[cuir in eagar | athraigh foinse]Comhaltaí tofa den bhord eatramhach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tá Dick Shakespeare agus Martin Hegarty ar an mbord eatramach agus tá siad i gceannas ar chomórtais Náisiúnta na hÉireann.[9]
- Tá Ursula Scully ar an mbord eatramhach agus tá sí i gceannas ar shraith buachaillí scoile agus cailíní scoile.[9]
- Tá Joe O'Brien ar an mbord eatramhach agus tá sé i gceannas ar ghrúpaí eile a bhfuil baint acu le Cumann Peile na hÉireann.[9]
- Tá Dave Moran agus John Finnegan ar an mbord eatramhach agus tá siad i gceannas ar pheil do dhaoine fásta amaitéaracha.[9]
An bhainistíocht shinsearach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Is é Jonathan Hill príomhoifigeach feidhmiúcháin an chumainn.[10]
- Is é Stephen Kenny Stiúrthóir Peile Idirnáisiúnta an chumainn.[10]
- Is í Rea Walshe Príomhoifigeach Oibriúcháin an chumainn.[10]
- Is é Alex O'Connell stiúrthóir airgeadais an chumainn.[10]
- Is é Barry Gleeson Stiúrthóir Oibríochtaí Idirnáisiúnta an chumainn.[10]
- Is é Ger McDermott Ceann gnáthphobal an chumainn.[10]
- Is é Ruud Dokter Stiúrthóir Peile & Ardfheidhmíochta an chumainn.[10]
- Is é Mark Scanlon Stiúrthóir Sraith na hÉireann.[10]
- Is é Mark Russell Stiúrthóir Tráchtála agus Margaíochta an chumainn.[10]
Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an lógó 'Ireland' scríofa ar an suaitheantas.[11] Tá dathanna an chlub (glas, bán agus oráiste) agus liathróid le feiceáil ar an suaitheantas freisin.[11] Cuireadh an seamróg san áireamh i sean suaitheantais Chumann Peile na hÉireann.[12]
Ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an seancheanncheathrú lonnaithe ag 80 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.[13] D'aistrigh an eagraíocht seo a cheanncheathrú sa bhliain 2007.[13] Tá an cheanncheathrú nua lonnaithe san ionad spóirt náisiúnta i mBaile an Aba.[13]
Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann sa bhliain 2015.[14] Tá sé lonnaithe ar an gCampas Náisiúnta Spóirt.[14] Tá cúig pháirc peile agus páirc uile-aimsire amháin ann.[14]
Staid pheile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Páirc Cnocán Uí Dhálaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’imir an fhoireann Saorstát Éireann a gcéad chluiche baile i Páirc Cnocán Uí Dhálaigh [15] ar an séú lá déag de mhí an Mheitheamh sa bhliain 1924.[16] Bhuaigh siad an cluiche.[16] D’imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa pháirc seo ochtó dhá uair.[16] Thosaigh an fhoireann Phobhacht na hÉireann ag imirt sa staid Bóthar Lansdún toisc go raibh Páirc Cnocán Uí Dhálaigh róbheag.[16] Imríodh an cluiche peile idirnáisiúnta deireanach sa Pháirc Cnocán Uí Dhálaigh an an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1990.[16]
Staid Bóthar Lansdún
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid Bóthar Lansdún i 1872.[17] Bhí an staid lonnaite i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath.[17] Bhí áit sa staid do 49,000 duine.[18] Tharla an chéad pheil idirnáisiúnta ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta sa bhliain 1900.[17] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne Sasana.[17] Sa bhliain 1981, d’fhreastail 48,500 lucht leanúna ar chluiche idirnáisiúnta ag an staid.[18] Ba é an tinreamh peile ba mhó.[18] Leagadh an staid sa bhliain 2007 agus tógadh Staid Aviva ina áit.[18]
Páirc an Chrócaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa staid seo nuair a bhí an Staid Aviva á thógáil.[19] Tharla an chéad chluiche peile sa staid seo ar an gceathrú lá is fiche de mhí an Mhárta sa bhliain 2007.[19] D'imir Éire i gcoinne An Bhreatain Bheag i gCraobhchomórtais na hEorpa.[19]
Staid Aviva
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[20] Is staid idirnáisiúnta spóirt é.[20] Tá áit sa staid do 51,700 duine.[20] Imríonn foireann Peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.[20] Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.[20] Imríodh an chéad chluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.[21] D'imir an fhoireann Manchain Aontaithe i gcoinne foireann sraithe.[21] Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de Lúnasa sa bhliain 2010.[21] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne An Airgintín.[21]
Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Seamus Coleman captaen na foirne.[22] Tá seacht n-imreoir is fiche ag fhoireann Sacair Phoblacht na hÉireann.[23]
Comórtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Comórtais idirnáisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Craobhchomórtais na hEorpa - Is comórtas idirnáisiúnta peile é.[24] Imríonn baill d’Aontas na gCumann Peile Eorpach nó UEFA sa chomórtas seo.[24] Bhí Craobhchomórtais na hEorpa ar siúl den chéad uair sa bhliain 1960.[24] Tosaíonn cáiliú don chomórtas seo dhá bhliain roimh an gcluiche ceannais ar siúl.[24]
- Corn Sacair an Domhain - Is é an comórtais is mó a bhfuil tóir air sa domhan iomlán.[25] Bhí Corn Sacair an Domhain ar siúl den chéad air sa bhliain 1930.[25] Bhunaigh an Comórtas Idirnáisiúnta Sacair an comortais seo.[25] Tarlaíonn sé gach ceithre bliana. Imríonn tríocha a dó foireann sa chomórtas seo.[25] Díbríodh Éire sna babhtaí ceathrú ceannais.[26]
Comórtais peile sinsir
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Príomhroinn Sraith na hÉireann - Bhunaigh Cumann Peile na hÉireann Príomhroinn Sraith na hÉireann sa bhliain 1921.[27]
- Corn Sinsir Cumann Peile na hÉireann - Is é seo an comórtas is sine in Éirinn agus bhunaigh Cumann Peile na hÉireann an comórtas seo sa bhliain 1922.[28] Imríonn clubanna ón bPríomhroinn Sraith na hÉireann i gcoinne clubanna idirmheánacha agus clubanna sóisearacha.[28]
- Léig náisiúnta na mban.[29]
- Corn spóirt EA.[30]
- Corn sinsir na mban.[31]
Comórtas idirmheánach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Delaney signs on". Extratime.ie. Dáta rochtana: 2010-07-13.[nasc briste go buan] (en)
- ↑ 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 "Football Rules: How To Play Football/Soccer | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ Megan Garcia. "Positions in Soccer and Their Roles" (en). HowTheyPlay - Sports. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Ben. "A Goal in Soccer: What It Is, the Rules, and It’s Worth" (en-us). Your Soccer Home. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 "Soccer: Rules and Regulations". www.ducksters.com. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ 6.00 6.01 6.02 6.03 6.04 6.05 6.06 6.07 6.08 6.09 6.10 6.11 6.12 6.13 6.14 6.15 6.16 6.17 6.18 6.19 6.20 6.21 6.22 6.23 6.24 6.25 6.26 6.27 6.28 6.29 6.30 "FAI History: The Early Years | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ "Lána Shíol Bhroin/Shelbourne Lane" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-17.
- ↑ 8.0 8.1 "Benefacts". search.benefacts.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-24. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ 9.00 9.01 9.02 9.03 9.04 9.05 9.06 9.07 9.08 9.09 9.10 9.11 9.12 9.13 9.14 9.15 "FAI Board and Council | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 10.5 10.6 10.7 10.8 "Senior Leadership Team | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ 11.0 11.1 "The top 10 classic football crests that need to make a comeback" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "Football Association of Ireland" (en). Logopedia. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ 13.0 13.1 13.2 "FAI Headquarters | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ 14.0 14.1 14.2 "FAI National Training Centre | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "Cnocán Uí Dhálaigh/Dalymount" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ 16.0 16.1 16.2 16.3 16.4 "Dalymount Park : Dalyer : Republic of Ireland's First Football Ground : Home of Irish Soccer : Ireland's Record at Dalymount". www.soccer-ireland.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-18. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ 17.0 17.1 17.2 17.3 "Lansdowne Road: From old to new". Dublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ 18.0 18.1 18.2 18.3 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ 19.0 19.1 19.2 "First Floodlit & Rugby Game, 125th Year anniversary - Croke Park". crokepark.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ 20.0 20.1 20.2 20.3 20.4 "The Aviva Stadium Dublin" (en). O'Callaghan Collection. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ 21.0 21.1 21.2 21.3 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ "Seamus Coleman | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "Players | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ 24.0 24.1 24.2 24.3 "European Championship | History, Winners, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ 25.0 25.1 25.2 25.3 "World Cup | History & Winners" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ "Ireland At The World Cup - DoDublin Bus Tours" (en). dodublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ "SSE AIRTRICITY LEAGUE INFORMATION". Dáta rochtana: 2021-03-19.
- ↑ 28.0 28.1 "Extra.ie FAI Senior Cup | Football Association of Ireland" (en). www.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-18. Dáta rochtana: 2021-03-19.
- ↑ "Womens National League - Women's National League". wnl.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-23. Dáta rochtana: 2021-03-19.
- ↑ "EA SPORTS Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-12. Dáta rochtana: 2021-03-19.
- ↑ "FAI Women's Senior Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.[nasc briste go buan]
- ↑ "FAI Intermediate Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ "FAI Intermediate Cup (Wmns) | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |