Bord na Gaeilge UCD

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBord na Gaeilge UCD
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1997

Suíomh gréasáinucd.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: UCDBnaG Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Bord na Gaeilge UCD sa bhliain 1997 leis an aidhm an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun tosaigh san Ollscoil is mó in Éirinn. Ó shin i leith cuireadh iliomad tionscnamh sa tsiúil, tionscnaimh atá ag dul ó neart go neart.

I measc na dtionscnamh sin tá Scéim Chónaithe Ghaeilge Bhord na Gaeilge. Baineann na mic léinn seo le dámhanna éagsúla de chuid na hOllscoile agus eagraíonn siad imeachtaí éagsúla leis an teanga a chur chun tosaigh. Chomh maith leis sin tá sé ar chumas na mac léinn seo modúl faoi leith a dhéanmh mar chuid de clár Horizons UCD a chuireann traenáil orthu le cumarsáid a dhéanamh, imeachtaí a eagrú agus obair a dhéanamh leis na meáin., léinn seirbhíse atá i gceist anseo nó 'service learning' mar a ghlaotar air i dtíortha eile.

I mbliana, bhí na scileanna seo le feiceáil go soiléar le linn 'Sheachtain na Gaeilge UCD', 4-8 Feabhra 2008 .I measc na n-imeachtaí a eagraíodh bhí 'Peilfield', comórtas ollmhór sa pheil Ghaelach ina raibh mic léinn ó gach dámh de chuid na hOllscoile páirteach. Bhí le lucht Dlí agus Gnó i mbliana. Ina theannta sin bhí céilí amuigh faoi aer leis an gCumann Ceol Traidisiúnta, Ceolchoirm mór in Tripod, Cuairt ó Hector Ó hEochagháin agus cuairt ón mbanna ceoil Kíla. Bhí Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn fíor díograiseach i mbun na pleanna seo ar fad. Faoi láthair tá Cumann Gaelach na hOllscoile ag comóradh 100 bliain ar an bhfód agus tá ócáid beartaithe leis seo a cheiliúradh ar an 27 Feabhra. Níos déanaí sa mhí beidh Comórtas Dramaíochta na nOllscoileanna in Belfield.

Scéim Chónaithe Ghaeilge UCD[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús le sceim chónaithe Bhord na Gaeilge i gColaiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sna 1990idí. Bunaíodh an scéim chun deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí na hollscoile úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge ar bhunús laethúil agus iad ina gcónaí ar an gcampas i mBelfield. Bíonn sé de dhualgas ar lucht na scéime an Ghaeilge a chur chun cinn timpeall na hollscoile, agus mic léinn eile a spreagadh chun an teanga a labhairt chomh fada agus is féidir. I dtús báire bhí árasán amháin ag an scéim in aras cónaithe "Merville" san ollscoil. Anois, tá ceithre árasán ann, agus cuirtear lóistín ollscoile ar lascaine ar fáil do sé mhac léinn déag, idir bhuachaillí is cailíní, chuile bhliain.

Bíonn ochtar mac léinn sa chéad bhliain ar an scéim, agus ochtar atá sna blianta níos airde. Chun áit a fháil ar an scéim chónaithe, ní mór foirm iarratais a líonadh amach agus agallamh a dhéanamh. Tá liosta na n-iarratasóirí ag dul i bhfad bliain i ndiaidh bliana. Ní cheadaítear do mhic léinn níos mó ná dhá bhliain a chaitheamh ar an scéim san iomlán.

I mbliana, tá an-chuid imeachtaí á neagrú ag muintir na scéime. I gcomhar leis an gCumann Gaelach agus le Bord na Gaeilge UCD, bíonn siad páirteach i gcur chun cinn na teanga ar bhealaí éagsúla, go mórmhór seachtain na Gaeilge UCD. Bíonn an tseachtain seo ann go luath i mí Feabhra gach bliain. Le déanaí, saolaíodh "Spraoi UCD" (oíche siamsaíochta i mBeár na Mac Léinn, le fócas ar an nGaeilge) agus "Peilfield" (turnaimint pheile do mhic léinn le haíonna spéisialta, m.sh. Mícheál Ó Muircheartaigh). Tá súil acu siúd a bhí bainteach leis an dá ócáid seo go leanfaidh a gcoincheapa ar aghaidh mar thraidisiúin bhliantúla amach anseo.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]