Cruinniú na nÓg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCruinniú na nÓg
Cineálimeacht féiltiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2017 - 
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincruinniu.creativeireland.gov.ie Cuir in eagar ar Wikidata


Reáchtáladh Cruinniú na Cásca ar Luan Cásca 2017,[1] agus tharla Cruinniú na nÓg na blianta ina dhiaidh sin.[2] Tá sé mar aidhm ag an lá páistí agus daoine óga a chumasú chun léiriú cruthaitheach a fhorbairt trí dheiseanna a thairiscint chun freastal ar imeachtaí go háitiúil, saor in aisce.[3]

2017[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh Cruinniú na Cásca ar an 17 Aibreán 2017. Imeachtaí poiblí saor in aisce é a bhí ar siúl i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann. Bhí béim ar chultúr agus ar chruthaitheacht.

Bhí imeachtaí éagsúla ar siúl don teaghlach iomlán. Bhí ceol agus damhsa beo, códú, amharclannaíocht, ceardlanna ceoil agus ealaíon, cainteanna agus blaiseadh bia, léitheoireacht agus ábhar ar scáileán agus imeachtaí speisialta eile ar siúl ar an lá speisialta seo.

2018[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh an chéad Chruinniú na nÓg ar an 23 Meitheamh 2018. Cuireadh níos mó ná 500 imeacht ar siúl i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre. Is tionscnamh suaitheanta de chuid Phlean Óige Ildánaí an chláir Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg chun scaoileadh le cumas cruthaitheach leanaí agus daoine óga.[4]

2021ː Lá Náisiúnta Cruthaitheachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh Lá Náisiúnta Cruthaitheachta na hÉireann do pháistí ar an 12 Meitheamh 2021. Chraol TG4 'Cruthaím', dírithe ar na tallanna ar leith ag Gaeilgeoirí óga as gach contae in Éirinn agus ar dhaoine óga ón diaspóra [5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. maynoothuniversity.ie. "Eleathanach 260". Dáta rochtana: 2020.
  2. "Cruinniú na nÓg" (ga-IE). Creative Ireland Programme. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  3. "Open Call - Cruinniú na nÓg" (en-US). Creative Ireland Programme. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-13. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  4. cruinniu.creativeireland.gov.ie (2021). "leathanach baile" (ga). Cruinniú na nÓg. Dáta rochtana: 2021.
  5. "Cruthaím | Cruinniú na nÓg 2021 - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2021-06-26.