Scoil Éanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaScoil Éanna
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálfoirgneamh scoile Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Suíomh geografach
  • Map

Meánscoil Gaelach a bunaíodh in 1908 agus a dhún i 1935 ab ea Scoil Éanna. B'é an náisiúnaí Éireannach Pádraig Mac Piarais a bhunaigh í sa bhliain 1908 lena theoiricí oideachais a chur i ngníomh in obair phraiticiúil scoile.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar thoradh ar a chuid oibre do Chonradh na Gaeilge, d’éirigh an Piarsach lánchinnte de gurb é an t-oideachas an rud ba thábhachtaí d’athbheochan na Gaeilge.[2]

Bhí an scoil suite i mBaile Átha Cliath i dTeach Fhiodh Cuillinn, Raghnallach, ar dtús. Ach bhog an Piarsach an scoil amach chuig 'an Hermitage' i Ráth Fearnáin sa bhliain 1910.

Bhí sé faoi dhraíocht ag an seanteach álainn ón ochtú haois déag agus an fearann fairsing faoi ghrua Shliabh Chill Mochióg. Thabharfadh sé nasc leis an saol nádúrtha do na buachaillí agus chruthódh sé an spiorad ba ghá chun laochra a mhúnlú, dar leis. Mar bhreis air sin, bhí sé ráite gur anseo, ar fhearann an tí seo, a mbuaileadh Robert Emmet faoi rún lena ghrá geal, Sarah Curran, sular thionscain sé a éirí amach tubaisteach in 1803. Tar éis a bhog an scoil amach, ba é Emmet a bhí mar phríomhspreagadh ag an bPiarsach agus ag a scoil.[1]

Múinteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an Piarsach cabhair óna dheartháir Liam Mac Piarais, agus b'é Tomás Mac Donnchadha a bhí ina Leas-Phríomhoide ar an scoil. Bhí an t-ádh leis an bPiarsach maidir leis na múinteoirí spreagúla, fuinniúla a d’fhostaigh sé, ar a raibh an file Pádraic Colum. Chomh maith leis sin tháinig roinnt de na daoine ba thábhachtaí i saol cultúrtha na tíre ag an am go dtí an scoil chun léachtanna a thabhairt, Dubhghlas de hÍde, Maude Gonne agus W.B. Yeats ina measc.[2]

Margaret Pearse agus buachaillí, timpeall 1930 ?

Oideolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idéalachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dob ionann mana na scoile agus mana na Féinne "Glaine inár gcroí, Neart inár ngéaga agus Beart de réir ar mbriathar". Bhí “Irish standpoint and atmosphere” le bheith ag Scoil Éanna agus bheadh sé bunaithe ar an dá ghné a shíl an Piarsach féin a bheith lárnach i gcóras ársa oideachais na nGael: saoirse don dalta aonair agus teagasc spreagúil.[2]

Robert Emmet

Spreagadh na buachaillí le luachanna an laochais, an tírghrá agus na huaisleachta a chur rompu i gcónaí. Ba mhinic tagairtí do sheanlaochra na nGael, Fionn Mac Cumhaill, Cú Chulainn agus a leithéidí, mar aon le pearsana níos nua-aoisí ar nós Robert Emmet. Bhí na drámaí agus na tóstail a cheap an Piarsach do na buachaillí dírithe ar ghaiscígh a rinne gníomhartha móra laochais agus féiníobartha.[2]

Bhí sé ráite gur san Hermitage a mbuaileadh Robert Emmet faoi rún lena ghrá geal, Sarah Curran, sular thionscain sé a éirí amach tubaisteach in 1803. Tar éis a bhog an scoil amach, ba é Emmet a bhí mar phríomhspreagadh ag an bPiarsach agus ag a scoil.

Oifig sa scoil

Múineadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imigh teoiricí Maria Montessori agus go háirithe an ‘Modh Díreach’ de theagasc teangacha, a bhfaca sé in úsáid i scoileanna dátheangacha na Beilge, go mór i bhfeidhm air. Mhúinfí ranganna sa dá theanga, Gaeilge agus Béarla, agus bheadh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil na scoile.

Múineadh chuile ábhair trí Ghaeilge, seachas na hábhair eolaíochta[3] de cheall friotal cuí a bheith acu chuige seo. Mar sin cuireadh béim ar leith ar an nGaeilge agus na healaíona in obair na scoile. Ar na hábhair neamhghnáthach a múineadh sa scoil bhí, Garraiodóireacht agus Éigipteolaíocht.

Ealaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhinic tagairtí do sheanlaochra na nGael, mar shampla Cú Chulainn

Bhí áit lárnach ag an ealaín i saol na scoile. Bhí an foirgneamh féin maisithe le píosaí suntasacha d’ealaín Éireannach na linne, saothair le Beatrice Elvery, George Russell agus Jack B. Yeats ina measc. Liam Mac Piarais a bhí ina mhúinteoir ealaíne. Ar na daltaí a mhúin sé bhí Pádraic Ó Tuathaigh, a bhí ar dhuine de mhórphéintéirí Éireannacha an fichiú haois.[2]

Turas eachtraíochta ina spreagfaí samhlaíocht na ndaltaí agus ina bhforbrófaí an cumas a bhí iontu go léir a bheadh in oideachas i Scoil Éanna.

Bhí a h-iris féin ag daltaí na scoile dar teideal An Scoiláire agus bhí ceann eile dar teideal an Macaomh Curtha i gcartlann 2020-06-24 ar an Wayback Machine.

Sa bhliain 2016, pléadh oidhreacht Scoil Éanna agus fealsúnacht oideachais an Phiarsaigh ag comhdháil lae i Scoil Éanna féin i mBaile Átha Cliath.[4]

1916 agus Scoil Éanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba i Scoil Éanna a tharla go leor de na cruinnithe ba thábhachtaí roimh an Éirí Amach agus ba mhinic a d’úsáideadh Óglaigh na hÉireann an fearann chun druileála.[1]

Ghlac go leor iardhaltaí páirt san Éirí Amach. Bhí grúpa amháin d’iardhaltaí, ar a dtugtaí ‘the Dogs’, curtha fúthu sa scoil fiú agus iad ag freastal ar an Ollscoil. Chuir siad seo buamaí le chéile faoi rún in íoslach na scoile.

Bhí Tomás Mac Donnchadha agus Con Colbert, beirt a mhúin sa scoil tráth, lárnach san Éirí Amach chomh maith agus bhí siad orthu siúd a cuireadh chun báis ina dhiaidh.[2]

Scoil Íde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1910, mar go mbeadh Teach Fhiodh Cuillinn folamh, bhunaigh an Piarsach scoil do chailíní ann agus thug sé Scoil Íde uirthi.

Níor mhair Scoil Íde ach dhá bhliain (1910-1912).[5] Ach mhúscail an bhliain a chaith Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh ann a spéis i dteagasc trí mheán na Gaeilge. I ndiaidh bhás an Phiarsaigh in 1916, bhí Lúise tiomanta fís an Phiarsaigh a chomhlíonadh, agus bhunaigh sí Scoil Bhríde sa bhliain 1917 dá bharr.

Dúnadh agus iarsmalann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1935 dhún Scoil Éanna. Ar deireadh, bhí costas ró-ard ar an Hermitage. D’fhág na fiacha a bhí ar an scoil agus an cíos sa bhreis a bhí ar an Hermitage go raibh an scoil an-ghar de thitim i bhféimheacht go mion minic.

iarsmalann sa bhfoirgnimh inniu i Ráth Fearnáin, a choinníonn cuimhne ar an bPiarsach agus ar a chuid oibre.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Pádraig Mac Cuaig (1986). "Scéal Scoil Eanna The story of an educational adventure". National Parks and Monuments Service, Office of Works. 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 "St Enda’s | Pearse Museum" (ga). Dáta rochtana: 2021-09-08.
  3. "St Enda’s School/Scoil Éanna by Joseph E.A. Connell Jr". History Ireland (2013-03-08). Dáta rochtana: 2020-09-22.
  4. "GAILEARAÍ: ‘An Piarsach – Oide’, seimineár Chonradh na Gaeilge i Scoil Éanna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-08.
  5. Scoil Bhríde 1917. "Stair na Scoile - Céad Bliain faoi Bhláth" (Irish). Scoil Bhríde 1917. Dáta rochtana: 2021-09-08.
  6. "Pearse Museum | An enthralling chapter in the story of 1916" (en-US). Dáta rochtana: 2021-09-08.