Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
{{{ainm}}}

Ba náisiúnaí Éireannach agus shufraigéid í Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh (Béarla:Louise Gavan Duffy, 17 Iúil 1884 - 12 Deireadh Fómhair 1969), a bhí i láthair in Ard-Oifig an Phoist, an príomhcheanncheathrú i rith Éirí Amach na Cásca 1916. B'oideachasóir agus dhíograiseoir Gaeilge í chomh maith, a chur an chéad Ghaelscoil ar bun in Éirinn.

Rugadh Lúise i gCimiez, sa Fhrainc, i dteaghlach Éireannach, a bhí araon, go láidir Caitliceach agus náisiúnach go smior. Figiúirí tábhachtacha iad a hathair agus a deartháireacha i réimsí polaitiúla agus dlí. Tógadh í san Fhrainc i dteach gustalach agus bríomhar ó thaobh cultúir de, áit a bhfuair sí blaiseadh d'fhigiúirí agus de thuairimí polaitiúla.

Charles Gavan Duffy, 1846, athair Lúise

De réir a chéile d'éirigh sí tugtha don Ghaeilge, agus bhog sí go hÉirinn chun na teanga a fhoghlaim agus a mhúineadh, agus ar deireadh thiar, bhunaigh sí an chéad Ghaelscoil, sa bhliain 1917. Bhí sí ar cheann de na chéad mná chun céim a bhaint amach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath , agus baitsiléir sna hEalaíona bainte amach aici, sa bhliain 1911. [1] [2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Struggle with fortune, 1954.
  2. UCD Biography, 2015.