Gaelscoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Comhartha le haghaidh Gaelscoil in Iúr Cinn Trá, Contae an Dúin
Tá os cionn ná 40 Gaelscoileanna i gContae Átha Cliath ina freastalaíonn os cionn ná 13,000 dalta orthu
Chuaigh an dornálaí MMA agus UFC Éireannach Conor McGregor chuig Gaelscoileanna ag an mbun agus dara-leibhéil
Chuaigh an láithreoir agus fear grinn Éireannach Dara Ó Briain chuig Gaelscoileanna ag an mbun agus dara leibhéil


Scoil lasmuigh de Ghaeltacht na hÉireann nó na hAlban ina n-úsáidtear Gaeilge mar mheán teagaisc í Gaelscoil, agus i bhformhór na gcásanna bíonn páistí den dá inscne ag freastal uirthi. Ós rud é gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga, foghlaimíonn na daltaí go mear agus go líofa í agus bíonn siad dátheangach laistigh de chúpla bliain. Anuas air sin, léiríonn suirbhéanna éagsúla go mbíonn caighdeán oideachais níos fearr ag daltaí na scoileanna seo ná mar a bhíonn ag formhór na scoileanna in Éirinn.[1] Aithníonn teangeolaithe go bhfuil an dátheangachas ina bhuntáiste do dhaltaí, agus go gcabhraíonn sé le páistí a bheith níos fearr ag foghlaim teangacha.

Bunscoileanna is mó atá ag múineadh trí Ghaeilge ach tá fás ag teacht de réir a chéile ar líon na meánscoileanna sé sin Gaelcholáistíaonaid Ghaeilge mar a thugtar dóibh a n-oibríonn trí mheán na Gaeilge freisin. Bhí sé le maíomh sa bhliain 2005 go raibh gaelscolaíocht ar fáil i ngach aon chontae sa tír, nuair a bunaíodh an chéad ghaelscoil i gContae Liatroma, an t-aon chontae a raibh sí in easnamh air go dtí sin.[2] Ba é Pádraig Mac Piarais a chuir tús leis an scolaíocht dhátheangach i gColáiste Éinne lasmuigh den nGaeltacht ag tús an fichiú haois, agus bhí scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú ar fud Shaorstát Éireann agus na Poblachta ó shin i leith. Bunaíodh eagraíocht nua, Gaelscoileanna Teo., i 1973 chun scoileanna nua a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. In ainneoin go leor deacrachtaí bunaíodh a lán scoileanna nua ar fud na hÉireann. Má chuirtear gaelscolaíocht Thuaisceart Éireann san áireamh, tá 171 bunscoil agus 7 aonaid bunscoil agus 31 meánscoil agus 17 aonaid dara-leibhéal lán-Ghaelach ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht ag deireadh 2017, le breis is 50,000 dalta. Tá breis is 13,000 dalta ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge ag an mbun agus dara-leibhéil sa Ghaeltacht freisin. [3]

Is í an eagraíocht Gaeloideachas an t-ainm nua ar Ghaelscoileanna Teo. ó 2016 a chuireann an ghaelscolaíocht chun cinn ar fud na hÉireann. Déanann an eagraíocht An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta COGG ionadaíocht agus freastal orthu i bPoblacht na hÉireann freisin. Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal i bPoblacht na hÉireann.

Tuaisceart Éireann[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh an chéad Ghaelscoil i dTuaisceart na hÉireann sna 1970idí faoin ainm Scoil Phobal Feirste i nGaeltacht Sheoige an t-aon Ghaeltacht i dTuaisceart Éireann. Tá breis is 6,000 dalta i dTuaisceart Éireann ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge anois.[4] Déanann Gaeloideachas Teo. agus Comhairle na Gaelscolaíochta freastal agus ionadaíocht ar Gluaiseacht na nGaelscoileanna i dTuaisceart Éireann.

Féach Freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]