Gaelcholáiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is iad na heagraíochtaí Gaeloideachas agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (nó COGG) a dhéanann ionadú agus a thacaíonn leis na Gaelcholáistí i bPoblacht na hÉireann agus Comhairle na Gaelscolaíochta ó Thuadh. Tacaíonn Gaeloideachas freisin le scoileanna Gaeilge sa Ghaeltacht freisin.
Coláiste de hÍde i dTamhlacht, Baile Átha Cliath 24

Is éard atá i nGaelcholáiste ná ionad oideachais dara leibhéal ar oileán na hÉireann, lasmuigh den Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge mar an bpríomhtheanga oideachais agus cumarsáide. Murab ionann agus Gaelscoil, is don mheánscoil a thagraíonn Gaelcholáiste.

Is iad na heagraíochtaí Gaeloideachas agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (nó COGG) a dhéanann ionadú agus a thacaíonn leis na Gaelcholáistí i bPoblacht na hÉireann, agus Comhairle na Gaelscolaíochta ó Thuadh. Tacaíonn Gaeloideachas freisin leis na scoileanna Gaeltachta freisin.

Tá 31 Ghaelcholáiste agus 17 n-aonad dara leibheál Gaeilge ar oileáin na hÉireann agus breis is 12,000 dalta ag freastal orthu. Tá breis is 3,000 dalta i mbun oideachais dara leibhéal trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta freisin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaelcholáistí le linn na mblianta 2010-2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh Gaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin agus Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín in 2014, agus osclaíodh Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin i gCarraig Uí Leighin agus Gaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin in 2015.

Osclaíodh Gaelcholáiste Mhic Shuibhne i gCnoc na hAoine i gCathair Chorcaí in 2019 agus osclaíodh Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad i Maigh Nuad in 2020.

Is minic go mbíonn sé mar chuspóir mheántéarmach ag na hAonaid Ghaeilge stádas Ghaelcholáiste a bhaint amach, i gcás ina bhfuil éileamh ann.


Liosta na nGaelcholáistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Coláiste Ailigh (Leitir Ceannain, Dún na nGall)
  • Coláiste an Phiarsaigh (Corcaigh)
  • Gaelcoláiste an Phiarsaigh (Ráth Fearnáin, Áth Cliath)
  • Gaelcholáiste Charraig uí Leighin (Corcaigh)
  • Scoil Chaitríona (Glas Naíon, Áth Cliath)
  • Gaelcholáiste Cheatharlach (Ceatharlach)
  • Gaelcholáiste Chéitinn (mar chuid de CTI Clonmel, Tiobraid Árann)
  • Gaelcholáiste Chiarraí (Trá Lí, Ciarraí)
  • Coláiste Chilliain (Cluain Dolcáin, Áth Cliath)
  • Gaelcholáiste Chill Dara (An Nás, Cill Dara)
  • Coláiste Cois Life (Leamchán, Áth Cliath)
  • Coláiste de hÍde (Tamhlacht, Áth Cliath)
  • Gaelcholáiste Dhoire (Doire)
  • Coláiste Eoin (Baile an Bhóthair, Áth Cliath)
  • Coláiste Feirste (Béal Feirste)
  • Coláiste Ghlór na Mara (Baile Brigín, Áth Cliath)
  • Coláiste Íosagáin (Baile an Bhóthair, Áth Cliath)
  • Gaelcholáiste Luimnigh (Luimneach)
  • Gaelcholáiste Mhic Shuibhne (Cnoc ha hAoine, Corcaigh)
  • Coláiste Mhuire (Ráth Tó, Áth Cliath)
  • Coláiste na Coiribe (Gaillmh)
  • Gaelcholáiste na Mara (An tInbhear Mór, Cill Mhantáin)
  • Coláiste Ráithín (Bré, Cill Mhantáin)
  • Gaelcholáiste Reachrann (Domhnach Mide, Áth Cliath)
  • Coláiste an Eachréidh (Áth an Rí, Gaillimh)
  • Meanscoil Gharman (Inis Córthaidh, Loch Garman)
  • Gaelcholáiste Mhaigh Nuad (Maigh Nuad, Cill Dara)

Le hOscailt

  • Coláiste na Tulchann, Cluain Saileach (Áth Cliath)


Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]