Jump to content

Gaelcholáiste Reachrann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGaelcholáiste Reachrann
Sonraí
Cineálgairmscoil
Gaelcholáiste Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2001
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáingcreachrann.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Instagram: gc_reachrann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map
Domhnach Míde

Is meánscoil lán Gaeilge í Gaelcholáiste Reachrann, suite i nDomhnach Míde i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Tá an scoil faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.[1] Tá áitreabh roinnte ag Reachrann le Coláiste Pobail An Ghráinseach.[2] San bhlian 2024 bhí 494 dáltaí sa scoil, 257 acú buachaillí agus 237 acú cailíní.[3]

Bunaíodh Gaelcholáiste Reachrann i mí Mheán Fómhair 2001. Bhí na chéad scrúduithe Teastais Shóisearaigh suite sa scoil sa bhliain 2004,[4] agus na chéad scrúduithe Ardteistiméireachta sa bhliain 2007.[5]

Ba í Fionnuala Ní Chaisil mar an chéad príomhoide, agus tháinigh Máire Ní Ghealbháin ina dhiadh. Is í Eimer Nic an Rí an príomhoide reatha.[6]

Fuair an scoil roinnt tuairisciú ó na meáin mar gheall ar an cruthú agus margú don suaitheantas ''Béal na nGael''.[7] "An fáth go bhfuil an tionscadal seo á bhunú againn ná go bhfuil gá le rud éigin sa mhargadh chun daoine óga a spreagadh i dtaobh na Gaeilge a labhairt. Is iad na daoine óga todhchaí na Gaeilge agus is iad ár spriocghrúpa.… seasfaidh suaitheantas Béal na nGael ar son spiorad agus spraoi na Gaeilge," Is leagan nua-aimseartha den Fháinne é Béal na nGael, suaitheantas a chaitear chun léibhéal líofachta san Gaeilge, agus tuilteanas cumarsáid a dhéanamh inti a léiriú.

Sa bhliain 2018, bhí Reachrann le feiceáil in alt san Irish Independent, dar teideal "Schools Build Relationships to inspire better performance" inar pléadh a rath acadúil.[8]

Cuireann Gaelcholáiste Reachrann curaclam na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta ar fáil. Feidhmíonn an scoil clár na hIdirbhliana freisin, atá éigeantach do gach dalta sa choláiste. Múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge.[9]

Tá foirne ag Gaelcholáiste Reachrann sa pheil Gaelach, Iomáint, chamógaíocht, sacar, chispheil, badmantan agus friosbaí.[10]

I mí na Bealtaine 2013, bhain Reachrann churaidh iománaíochta Bhaile Átha Cliath amach, tar éis dóibh Scoil Phobail Chúil Mhín a shárú 4-5 in aghaidh 3-5 i gcluiche ceannais Iomána Sóisear Scoileanna Bhaile Átha Cliath.

Sa bhliain 2016, bhuaigh Reachrann craobh Pheil Ghaelach Bhaile Átha Cliath agus Laighean araon, ach chaill an fhoireann cluiche ceannais na hÉireann le 4 phointe i gcoinne St. Joseph's C.C. ó Maigh Eo.

I mí Eanáir 2020, d’imir duine de dhaltaí na scoile ar fhoireann peile faoi-18 na hÉireann i gcluiche cairdiúil idirnáisiúnta in aghaidh na hAstráile, áit ar bhuaigh foireann na hÉireann 2-0.[11]

I mí Feabhra 2024, bhuaigh foireann shinsearach peile na scoile craobh shinsearach “C” Bhaile Átha Cliath den chéad uair ina stair, ag bua i gcoinne Choláiste Cois Life sa chluiche ceannais le scór 4-11 in aghaidh 1-9. Sharú iad i gcluiche ceannais Laighean ag Coláiste na Trócaire, Baile Uí Mhatháin.

Ar an 27ú do mí Eanáir 2025, choimead an fhoireann peile shinsearach a dteideal “C” i mBaile Átha Cliath trí bhua a fháil ar St. Mac Dara’s le scór 3-5 in aghaidh 1-6. Chuaigh an fhoireann ar aghaidh arís go dtí cluiche ceannais Laighean, an uair seo ag imirt in aghaidh O’Carolan’s of Nobber ar an 7ú Feabhra 2025. Bhuaigh Gaelcholáiste Reachrann le scór 2-7 in aghaidh 0-11 chun Churaidh Laighean a bhaint amach den chéad uair ina stair ag leibhéal “C”.

Seach-Churaclaim

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacann Gaelcholáiste Reachrann páirt i Taispeántas an Eolaí Óig bliantúil. Sa bhliain 2018, bhain duine dá ndaltaí an 3ú háit amach sa chatagóir aonair idirmheánach i rannóg na nEolaíochtaí Bitheolaíocha agus Éiceolaíocha.[12]

Tá Grúpa Ceoil ag an scoil a bhíonn ag cleachtadh agus ag léiriú Ceol Traidisiúnta na hÉireann.[13] Sheinn an grúpa ceoil traidisiúnta seo go poiblí go minic, go háirithe i bhFéile Cheoil DDLETB, Scléip do Gael Linn agus Trad for Trócaire do Trócaire.

San bhlian 2015 bhuaigh an scoil gradam Scothléiriú na Féile san Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta i Muileann gCearr lena léiriú den dráma Miotach.[14] Freisin bhuaigh an dráma gradam don feisteas is Fearr i nGradaim Amharclainne daltaí Bhord Gáis Energy.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Dara Leibhéal - ddletb" (ga-IE) (2017-12-12). Dáta rochtana: 2026-05-03.
  2. "Subject Inspection Report English 2006". assets.gov.ie. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  3. "Gaelcholáiste Reachrann Bóthar Mhainistir Na Gráinsí Domhnach Míde Dublin" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  4. John Downes. "Students happy at Dublin all-Irish school" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  5. "Gaelcholáiste Reachrann Donaghmede Dublin 13 Dublin" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  6. Gaelcholáiste Reachrann. "Ár Scoil" (Irish). Gaelcholáiste Reachrann. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  7. "BBC - Northern Ireland - Irish Language - Blas". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  8. "Schools build relationships to inspire better performance" (en). Irish Independent (2018-02-06). Dáta rochtana: 2026-05-03.
  9. Gaelcholáiste Reachrann. "Cúrsaí / Courses" (Irish). Gaelcholáiste Reachrann. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  10. Gaelcholáiste Reachrann. "Spóirt / Sports" (Irish). Gaelcholáiste Reachrann. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  11. Jerome O'Connell (2020-01-20). "WATCH: Limerick teenager scores two goals as Ireland defeat Australia" (en). www.limerickleader.ie. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  12. "2018 Category awards - BT Young Scientist & Technology Exhibition" (en-US). BT Young Scientist & Technology Exhibition. Dáta rochtana: 2026-05-03.[nasc briste go buan]
  13. Gaelcholáiste Reachrann. "Seach-Churaclaim / Extra-Curricular" (Irish). Gaelcholáiste Reachrann. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  14. "Duaiseanna Scoildrámaíochta fógartha – Gaelcholáiste Reachrann a bhuaigh an duais don scothléiriú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2015-04-30). Dáta rochtana: 2026-05-03.