An Foras Pátrúnachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Foras Pátrúnachta
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1993

Suíomh gréasáinforas.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is é An Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo.An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal i bPoblacht na hÉireann. Tá breis is 70 scoil faoina bpátrúnacht. Tá siad ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is mian leo líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás freisin ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí agus deánann siad stocaireacht ar son an sprioc sin a bhaint amach.[1]

Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.[2]

Is é Caoimhín Ó hEaghra mar Ard-Runaí na heagraíochta.

Nuacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag deireadh 2018 sheol siad feachtas ollmhór dar teideal Gaelscoil4All agus tá siad ag stocaireacht maidir le seo ionas go mbeadh líon ard gaelscoileanna nua ag an mbunleibhéal agus tuilleadh gaelcholáistí nua bunaithe ina dhiaidh an bhliain sin.[3][4]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1]More Gaelscoileanna must be opened to breathe life into Irish- Caoimhín Ó hEaghra, The Irish Times 13 Mí na Márta 2018.
  2. [2] An Foras Pátrúnachta- Foras.ie
  3. [3] Suíomh gréasáin feachtas GaelscoilforAll
  4. [4]Feachtas #Gaelscoil4All, An Foras Patrúnachta- Raidió na Life