Cathal Gabhán Ó Dubhthaigh
Cathal Gabhán Ó Dubhthaigh | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||
Iúil 7, 1852 - Márta 3, 1856 District: New Ross (en) ![]() Election: 1852 United Kingdom general election (en) ![]()
Meitheamh 19, 1871 - Meitheamh 10, 1872 ← James McCulloch (en) ![]() ![]() | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | Muineachán, Aibreán 12, 1816 | ||||
Náisiúntacht | Éire | ||||
Bás | Nice, Feabhra 9, 1903 | ||||
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon | ||||
Muintir | |||||
Athair | John Duffy | ||||
Máthair | Anne Gavan | ||||
Céile/Céilí |
Emily McLaughlin (en) ![]() Susan Hughes (en) ![]() Louise Hall (en) ![]() | ||||
Páistí |
liosta iomláin
| ||||
Oideachas | |||||
Alma mater | Coláiste Naomh Maolmhaodhóg | ||||
Teangacha | An Béarla | ||||
Gairm | |||||
Gairm | iriseoir, polaiteoir, scríbhneoir agus file | ||||
Áit oibre | Londain | ||||
Duais | |||||
Sloinnte | Black Northern agus The Black Northern | ||||
Creideamh | |||||
Reiligiúin | Caitliceachas |
Náisiúnach, iriseoir, file agus polaiteoir, in Éire agus san Astráil, ab ea An Ridire Séarlas Gabhánach Ó Dufaigh, Cathal Gabhán Ó Dubhthaigh, nó Charles Gavan Duffy (12 Aibreán 1816 - 9 Feabhra 1903).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
In Éirinn ba é an chéad eagarthóir ar 𝙏𝙝𝙚 𝙉𝙖𝙩𝙞𝙤𝙣. Sa bhliain 1842 bhunaigh an Dufach, in éineacht le Tomás Dáibhís agus Seán Blácach Diolúin, nuachtán seachtainiúil — The Nation, nuachtán na nuachtán na gluaiseachta ‘Éire Óg’.[1] Bhí sé chun tosaigh in Éire Óg agus bhí sé ina Fheisire thar ceann Ros Mhic Thriúin (i gContae Loch Garman) ó 1852 go 1856.
Astráil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tar éis dó dul ar eisimirce chun na hAstráile, tháinig Gabhán Ó Dufaigh chun bheith ina 8ú Príomh-aire de Victoria agus ar dhuine de na daoine ceannasacha i stair pholaitiúil Victoria. Bhí sé ina phríomh-aire ar Victoria (1871-72) agus ina Spéicéir ar an Tionól Reachtach (1877-80).[1]
Ar scor sa Fhrainc[cuir in eagar | athraigh foinse]
In 1881, phós an Dufach Louise Hall, i bPáras, agus in aois 65 dó. D'éag sé i Nice ar 9 Feabhra 1903.
D'eagraigh an Duffy Memorial Committee sochraid ollmhór i mBaile Áthá Cliath agus bhí go leor daoine ar an tsochraid ar an 9 Márta. Tá an Dufach curtha i Reilig Ghlas Naíon.[2]
Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí mac leis, Proinsias, a bhí ina phríomh-bhreitheamh Ard-Chúirt na hAstráile (1931-35).
Bhí mac eile, Seoirse, leathdheartháir le Proinsias, ina ghnáthbhreitheamh (1936-46) agus ina Uachtarán (1946-51) d'Ard-Chúirt na hÉireann.[1]
B'oideachasóir agus dhíograiseoir Gaeilge í a iníón, Luíse Gabhánach Ní Dhufaigh.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "An Ridire Séarlas Gabhánach (1816-1903)". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "BURIAL OF SIR CHARLES GAVAN DUFFY.". Barrier Miner (Broken Hill, NSW : 1888 - 1954) 2 (10 Márta 1903). Dáta rochtana: 2021-04-12.