The Nation (nuachtán Éireannach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesThe Nation
Cineáltréimhseachán
Cárta innéacs
Am tosaigh1842 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit a fhoilsitheBaile Átha Cliath

Ba nuachtán seachtainiúil náisiúnach Éireannach é The Nation, a foilsíodh sa 19ú haois. Cuireadh The Nation i gcló ar dtús ag 12 Sráid na Tríonóide, Baile Átha Cliath ó 15 Deireadh Fómhair 1842 go dtí 6 Eanáir 1844.

Foilsíodh an páipéar ina dhiaidh sin ag 4 Sráid D’Olier ó 13 Iúil 1844, go 28 Iúil 1848, nuair a urghabhadh an eisiúint don lá dár gcionn agus nuair a cuireadh an nuachtán faoi chois.

Foilsíodh arís é i Sráid na Mainistreach Láir ar a athbheochan i Meán Fómhair 1849 ..[1]

Thomas Davis, circa. 1840idí

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cathal Gabhán Ó Dubhthaigh, 1947

Sa bhliain 1842 tháinig triúr fear óg le chéile i mBaile Átha Cliath — Seán Blácach Diolún (John Blake Dillon), Connachtach ó Chontae Mhaigh Eo, Séarlas Gabhánach Ó Dufaigh, Ultach ó Chontae Mhuineacháin agus Tomás Dáibhis (Thomas Davis), mac le dochtúir de chuid Arm na Breataine, a rugadh i gContae Chorcaí i gCúige na Mumhan agus a tógadh i mBaile Átha Cliath. Beirt Chaitliceach agus Protastúnach amháin – a bhí, dar le staraí an nuachtáin TF O’Sullivan, ar fad "free from the slightest taint of bigotry, and were anxious to unite all creeds and classes for the country's welfare." [2]

Bhí an triúr ina mbaill de Chomhlachas Aisghairm Dhónaill Uí Chonaill a d'iarr aisghairm Acht Aontas 1800 idir Éirinn agus an Bhreatain; tabharfar Éire Óg ar an gcomhlachas seo níos déanaí.

Ba é an t-ainm a mhol Duffy don pháipéar ná The National, ach d’easaontaigh Davis, ag rá “"that the use of an adjective for such a purpose was contrary to the analogies of the English language". Mhol sé The Nation, ar aontaigh an triúr sin leis.[3] "Ba mhian linn Éire a dhéanamh ina náisiún", a scríobh Duffy, "and the name would be a fitting prelude to the attempt.".[3]

In am trátha agus tar éis go leor comhairliúcháin eile idir na bunaitheoirí, d'eisíodh an fógra seo a leanas maidir le dáta foilsithe, ainm na hirise, agus na rannpháirtithe:.[4]

On the first Saturday in October will be published the first number of a; DUBLIN WEEKLY JOURNAL TO BE CALLED THE NATION, for which the services of the most eminent political writers in the country have been secured. It will be edited by Charles Gavan Duffy, Editor of The Vindicator (Ulster Newspaper), aided by the, following distinguished contributors:— JOHN O'CONNELL, ESQ., M.P.; Thomas Osborne Davis, Esq., Barrister-at-Law; W. J. O'Neill Daunt, Esq., Author of The Green Book, John B. Dillon, Esq., Barrister-at-Law Clarence Mangan, Esq., Author of Anthologia Germanica and Litterae Orientales; The Late Editor of the London Magazine and Charivari, J. C. Fitzgerald, Editor of The True Sun, And others whose names we are not at liberty to publish.[4]

Ba é Charles Gavan Duffy an chéad phríomheagarthóir.

Ailt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tríú heagrán, ar an 29 Deireadh Fómhair 1842, foilsíodh amhrán tírghrá ‘Faugh a Ballagh’ leis an Dufach, faoin ainm cleite ‘Black Northern’.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Young Ireland, T. F. O'Sullivan, The Kerryman Ltd. 1945 pg 44
  2. Young Ireland, T. F. O'Sullivan, The Kerryman Ltd. 1945 pg 6
  3. 3.0 3.1 Young Ireland, T. F. O'Sullivan, The Kerryman Ltd. 1945 pg 42
  4. 4.0 4.1 Young Ireland, T. F. O'Sullivan, The Kerryman Ltd. 1945 pg 43
  5. Art Ó Maolfabhail. (Feabhra 2011). "Feasta 64 (2), lch 10-12.". Dáta rochtana: 2023.