Jump to content

Cumann na mBan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann na mBan
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálparaimíleatach Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtánachas in Éirinn
Náisiúnachas in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2 Aibreán 1914
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Cumann na mBan - Gasra ag máirseáil

Eagraíocht Phoblachtánach Éireannach do mhná ab ea Cumann na mBan a bunaíodh i mí Aibreáin 1914 le cúnamh agus tacaíocht Óglaigh na hÉireann. In Éirinn amháin a tháinig airm na mban ar an bhfód. Dúcheist staire a bhí ann; níor tharla a leithéid i dtíortha eile san Eoraip ag an am, le linn réabhlóidí[1] Cé gur eagraíocht neamhspleách a bhí ann, bhí a Choiste Feidhmiúcháin faoi réir Choiste na nÓglach.

Ar na baill is cáiliúla den eagraíocht, bhí Úna Ní Fhaircheallaigh (nó Agnes Farrelly agus údar agus Ollamh  le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann), Elizabeth O’Farrell, Sighle Humphreys, Máire Ní Chinnéide, Máire Nic Shuibhne (Mary MacSwiney agus céimí de chuid UCD), Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh  (ar an gcéad choiste sealadach), Caitlín Bean Uí Chléirigh (Kathleen Clarke), Eithne Inglis (Ada English), Helena Molony, Lily Kempson agus Constance Markievicz.

Bunú an Chumainn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 2 Aibreán 1914, tháinig grúpa ban le chéile in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath, le plé a dhéanamh ar conas a d'fhéadfaidís tacaíocht a thabhairt d'Óglaigh na hÉireann, eagraíocht úrbhunaithe ag an am.[2]

Bhí  Agnes Farrelly nó Úna Ní Fhaircheallaigh, údar agus Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, mar chathaoirleach ag an chéad chruinniú de Chumann na mBan.[3]

Ar an 14 Aibreán 1914, bunaíodh Cumann na mBan go hoifigiúil i Seomra na gColún, Teach an Ard-Mhéara.

Máire Nic Shuibhne

Tugadh Ard-Chraobh ar an gcéad chraobh den Chumann, agus iad ag cruinniú i Sráid Brunswick.[4]

Cuspóirí an Chumainn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mBunreacht an Chumainn tagraíodh go neamhbhalbh don ghleic armtha in aghaidh fórsaí na nGall in Éirinn. Ba é "cur chun cinn saoirse na hÉireann" príomhchuspóir an Chumainn, de réir an Bhunreachta, agus "garchabhair, druileáil chogaidh, comharthaíocht agus cleachtadh raidhfilí" a mhúineadh do na baill, le go bhféadfaidís "teacht chun fortachta d'fhir na hÉireann" in am an ghátair.

Ballraíocht an Chumainn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí cineál mná a chuaigh isteach sa Chumann. Bhí an chuid ba mhó acu ina suí go socair, nó múinteoirí agus mná gairmiúla a bhí iontu, ach ba mhná den lucht oibre cuid nár bheag acu fosta. I mí Mheán Fómhair 1914, tháinig scoilt ar na hÓglaigh, nuair a d'éiligh Seán Mac Réamainn orthu cuidiú leis an Ríocht Aontaithe in aghaidh na nGearmánach sa chogadh (an Chéad Chogadh Domhanda).

Chuaigh an chuid ba mhó de na hÓglaigh le Mac Réamainn, ach d'fhan formhór Chumann na mBan dílis don chúpla míle Óglach nár ghlac le moladh Mhic Réamainn.

Cumann na mBan in Éirí Amach na Cásca

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 23 Aibreán 1916, chinn Coiste Míleata Bhráithreachas na Poblachta go gcuirfear na pleananna don Éirí Amach i bhfeidhm an lá dár gcion, ar Luan Cásca. Samhlaigh siad ar Chumann na mBan mar chuid d'"Arm Phoblacht na hÉireann" in éineacht leis na hÓglaigh agus le hArm Cathartha na hÉireann. Ceapadh Pádraig Mac Piarais ina Ard-Cheannasaí, agus bhí Séamas Ó Conghaile le bheith i gceannas ar an rannán i mBaile Átha Cliath.

Constance Gore-Booth Markiewicz. Uachtarán Chumann na mBan 1914 go 1927.

Nuair a gheal lá na cinniúna, chuaigh 40 ball de chuid Chumann na mBan isteach in Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill in éineacht leis na fir a shealbhaigh an foirgneamh. Ina measc, bhí Winifred Carney, agus í ag iompar idir chlóscríobhán agus ghunnán Webley léi. Le clapsholas, bhí mná de chuid an Chumainn i ngach garastún de chuid na gceannairceoirí, ach amháin i Muilte Uí Bheoláin, áit a raibh Éamon de Valera i gceannas. Ní raibh de Valera sásta mná a fheiceáil ag troid ansin.

Ag tús na cogaíochta, bhí na mná ag troid bráid ar bhráid leis na fir. Thairis sin, bhí siad ag bailiú faisnéise, ag dul amach ag déanamh taiscéalaíochta agus ag iompar arm agus teachtaireachtaí.

Mar shampla, nuair nach raibh an tÉirí Amach ach díreach tar éis tosú, scaoil an Chuntaois Markievicz urchar piostail i gcloigeann péas in aice le Faiche Stiabhna. Ina dhiaidh sin, bhí sise agus cúpla bean eile ag déanamh snípéireachta. I ndiaidh an chéad lá, bhí siad ag iarraidh cead le hÓstán Shelbourne a bhuamáil.

Cúis mhór feirge agus meascán mearaí ab ea é do na saighdiúirí dearga go raibh mná ag troid. Mharaigh siad roinnt bhan de chuid an Chumainn freisin i bpáirc an áir. Ina measc siúd, bhí an tÓglach Margaretta Keogh, a maraíodh í in aice le foirgnimh Aontas Átha Cliath Theas.

Nuair a bhí na hÓglaigh á ngéilleadh do na Gaill, chabhraigh mná an Chumainn leis an ngarastún sna Ceithre Cúirteanna an áit a fhágáil. Chuir siad cuid mhaith doiciméad ionchoirithe trí thine freisin. Rud as an ngnáth a bhí ann, áfach. In Ard-Oifig an Phoist, mar shampla, d'áitigh an Piarsach ar na mná glanadh leo as an áit Dé hAoine, an 28 Aibreán. Bhí na saighdiúirí dearga díreach tar éis tús a chur leis an ionsaí throm sliogán a rinne siad ar an Ard-Oifig, agus an chuma ar an scéal go raibh slua mór daoine chun bás a fháil faoin mbombardú seo.

Nuair a chinn an Piarsach ar éirí as, d'fhág sé faoi Eilís Ní Fhearaíl, ball den Chumann, a bhí ag obair ina bean ghlúine in Ospidéal Náisiúnta an Mháithreachais, an t-ordú géillte a thabhairt a fhad leis na díormaí d'Óglaigh a bhí fágtha ag troid anseo is ansiúd ar fud na cathrach.

Lucy Agnes Smyth

I ndiaidh an Éirí Amach, gabhadh breis is 70 bean, ceannairí an Chumainn ina measc. Coinníodh cuid mhaith dóibh faoi ghlas i gCill Mhaighneann, ach má coinníodh féin, ní raibh ach dáréag acu fágtha i mbraighdeanas ar an 18 Bealtaine 1916.

Tar éis an Éirí Amach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cumann na mBan protest outside Mountjoy Prison, July 23, 1921

Tar éis an Éirí Amach, agus an Chuntaois Markiewicz ina ceannaire air, thóg Cumann na mBan áit chun tosaigh le ceannairí an Éirí Amach a cheiliúradh, ag eagrú faoiseamh na bpríosúnach agus níos déanaí ag dul in éadan coinscríofa, agus ag iarraidh vótaí a fháil do Shinn Féin in olltoghcháin na bliana 1918. Sa toghchán céanna bhuaigh an Chuntaois Markiewicz suíocháin sa chéad Dáil. Ag an am bhí sí fós i bpríosún, ach ceapadh í ina Aire Saothair i rialtas Poblacht na hÉireann ón mbliain 1919 go 1922.

I rith Cogadh na Saoirse, bhí a baill gníomhach. Chuir siad airm i bhfolach agus fuair siad tithe sábháilte do na hÓglaigh, chabhraigh siad lena cúirteanna Dála agus údaráis áitiúla, agus chuir siad le nuachtáin oifigiúil Phoblacht na hÉireann.

ELIZABETH O’FARRELL, City Quak Park, BÁC

San olltoghchán i mí na Bealtaine 1921, toghadh Markiewicz arís chomh maith le baill eile Cumann na mBan Máire Nic Suibhne, Dr. Eithne Inglis agus Caitlín Bean Uí Chléirigh mar Theachtaí Dála.

Bhí comhdháil le díospóireacht a bheith acu faoi théarmaí an Chonartha Angla-Éireannaigh. Vótáil 419 ball de chuid Chumann na mBan gcoinne an chonartha, agus 63 ina fhabhar. Lean Cogadh Cathartha na hÉireann ar aghaidh, agus thug baill an Chumainn tacaíocht do na Poblachtánaigh a bhí i gcoinne an chonartha. Ghabh fórsaí an tSaorstáit chuid mhaith dóibh agus cuireadh i bpríosún iad.

Tar éis an Chonartha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhair Cumann na mBan i ndiaidh an Chonartha, agus bhí siad ar cheann de na heagraíochtaí de chuid na bPoblachtánach Éireannach (in éindí le Sinn Féin, Óglaigh na hÉireann (an tIRA), Fianna Éireann agus grúpaí eile). Chuir rialtas an tSaorstáit cosc orthu i mí Eanáir 1923 agus osclaíodh Príosún Chill Mhaighneann chun mná amhrasacha a choinneáil.

Chaill an eagraíocht amach go mór le scoilteanna i stair Phoblachtánachais in Éirinn, d'fhág mná chun bheith mar baill d'Fhianna Fáil, Clann na Poblachta agus páirtithe eile.

Republican Sinn Féin linked Cumann na mBan at Bodenstown in 2004.

Sa lá atá inniu ann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Cumann na mBan tacaíocht don eite shealadach sa scoilt 1969/70 san IRA agus i Sinn Féin. Mharaigh dílseoirí bean de na leasuachtaráin agus de na baill thábhachtacha de Chumann na mBan, Máire Drumm, in 1976. Rinne Cumann na mBan iomlánaigh leis an IRA i rith na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann, cé gur lean siad mar eagraíocht neamhspleách ar an taobh dheas den teorainn.

Sa bhliain 1986, stop an tIRA agus Sinn Féin le polasaí neamh-fhreastálaíocht, bhí Cumann na mBan i gcoinne an chinneadh seo agus d'ailínigh siad le Sinn Féin Poblachtach agus leis an IRA Leanúnachais. Sa bhliain 1995, cuireadh i bpríosún rúnaí RSF agus ball de Cumann na mBan Josephine Hayden ar feadh sé bliana, ar chúiseamh go raibh gunnaí ina seilbh aici.

Cuimhneachán 1916 – 1921, (IRA, agus Cumann na mBan), in Tuaim Gréine, Clár

Baill eile a bhí tábhachtach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ann Matthews (maynoothuniversity.ie) (1995). "Cumann na mBanː Redressing the balance". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Cumann na mBan: Forgotten Women of Revolution" (as en) (2014-03-28). 
  3. Blas (BBC) (2014). "Úna Ní Fhaircheallaigh". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2021-04-02.
  4. "Cumann na mBan founded in Dublin | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-04-02.