Príosún Chill Mhaighneann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Príosún Chill Mhaighneann
Image of interior (en)
Íomhá
Sonraí
CineálDefunct prison (en) Aistrigh agus prison museum (en) Aistrigh
Foirgníocht1960s Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta an dúnaidh oifigiúil1924 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath agus Cill Mhaighneann
SuíomhCill Mhaighneann
 53°20′30″N 6°18′34″W / 53.3417°N 6.3094°W / 53.3417; -6.3094
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir675
Láithreán gréasáin oifigiúilkilmainhamgaolmuseum.ie

Foirgneamh i mBaile Átha Cliath, Éire is ea Príosún Chill Mhaighneann. Príosún a bhí ann ó 1796 go dtí 1924, ach is músaem é anois. Áit thábachtach i stair na hÉireann is ea é. Osclaíodh é ag am Acht an Aontais, agus dúnadh é tar éis bhunú Saorstáit Éireann. Mar sin, ba shuíomh lárnach é sa tréimhse tábhachtach seo i stair na hÉireann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príosún Chill Mhaighneann

Bunaíodh an príosún i gCill Mhaighneann, in aice leis an chathair, sa bhliain 1796. Ar dtús, tugadh an t-ainm "an príosún nua" air, mar bhí seanphríosún eile in aice leis. Ó 1796 go dtí 1924, b'é seo an príosún inar cuireadh (agus a lámhachadh go minic) réabhlóidithe agus polaiteoirí a bhí ag troid ar son saoirse na hÉireann. Mar shampla, Réabhlóid na nÉireannach Aontaithe i 1798, éirí amach Robert Emmet i 1803, An Gorta Mór ó 1845 go dtí 1851, Éirí Amach na nÉireannach Óga i 1848, Éirí Amach na bhFíníní i 1867, Cogadh na Talún sna 1880í, Éirí Amach na Cásca i 1916, Cogadh na Saoirse ó 1919 go dtí 1921, agus Cogadh Cathartha na hÉireann sna 1920idí. Coinníodh agus lámhachadh ceannairí Éirí Amach 1916 ann, agus b'é Eamon de Valera an príosúnach deireanach a bhí faoi choinneáil i gCill Mhaighneann. Dhún rialtas an tSaorstáit é mar phríosún i 1924. I measc na bpríosúnaigh cáiliúla a bhí faoi ghlas ann ná:

Músaem[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is séadchomhartha náisiúnta é an príosún anois. Rinneadh a lán oibre ar an bhfoirgneamh agus athosclaíodh é mar mhúsaem náisiúnachais. Insíonn an músaem an scéal faoin bhóthar trioblóideach go saoirse na hÉireann. Thug 160,000 duine cuairt ar an músaem sa bhliain 1999.

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh roinnt scannáin san fhoirgneamh freisin, mar shampla:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]