Michael Davitt (feachtasóir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichael Davitt

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Márta 1846
An tSráid Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Bealtaine 1906
60 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
16 Iúil 1895 – 11 Feabhra 1896 (returned for another seat and chose to sit there (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Ciarraí Thoir

Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
13 Iúil 1895 – 26 Deireadh Fómhair 1899 (éirí as)

Toghcheantar: Maigh Eo Theas

Ball den 25ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Feabhra 1893 – 9 Bealtaine 1893 (éirí as)


Ball den 25ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
4 Iúil 1892 – 23 Nollaig 1892 (election petition (en) Aistrigh)

Toghcheantar: North Meath (en) Aistrigh

Ball den 22ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
24 Feabhra 1882 – 28 Feabhra 1882 (dícháiliú)

Toghcheantar: An Mhí

Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir, polaiteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Parlaiminteach na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáisteRobert Davitt, Cahir Davitt Cuir in eagar ar Wikidata
Is é seo leathanach faoin pholaiteoir Mícheál Daibhéad. Duine eile an file; féach Michael Davitt.

Bhí Mícheál Mac Daibhéid, Mícheál DáibhéadMichael Davitt (25 Márta 184630 Bealtaine 1906) ina fheachtasóir sóisialta agus ina náisiúnach, as Contae Mhaigh Eo; ba é a bhunaigh Conradh na Talún.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mícheál Mac Daibhéid sa tSráid i gCo. Mhaigh Eo ag an tréimhse ba mheasa den Ghorta Mór. Ba é an dara páiste de chúigear clainne é a saolaíodh do Martin agus do Sabrina Daibhéad. Nuair a bhí Mícheál sé bliana d’aois díshealbhaíodh a mhuintir agus bhí ar a athair dul ar imirce go Sasana ar thóir oibre.

Nuair a dhiúltaigh a bhean chéile agus a mhuintir dul isteach i dteach na mbocht, tháinig an sagart paróiste sa tSráid, An tAthair John McHugh, i gcabhair orthu agus thug sé dídean dóibh. Ar deireadh, i 1855, chuaigh Bean Dhaibhéid agus na páistí thar sáile go dtí an baile tionsclaíoch Haslingden i Lancashire mar a raibh Martin ina chónaí.

Ní raibh Mícheál ach deich mbliana d’aois nuair a chuaigh sé ag obair i muileann cadáis. Ach faoi cheann dhá bhliain, bhain timpiste le meaisín sníomhacháin dó agus b’éigean an ghéag dheas a bhaint de.

I ngeall ar an ngortú sin, d’fhreastail sé ar scoil Wesleyan ar feadh dhá bhliain nó go ndeachaigh sé ag obair i gclólann. Is thart faoin am seo a chur sé spéis i stair na hÉireann.

Na Fíníní[cuir in eagar | athraigh foinse]

roimh 1896

Ba í an spéis seo a spreag é le dul isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ), nó na Fíníní, i 1865. Dhá bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh sé as a phost le bheith ina Ard-Rúnaí ar na Fíníní i dTuaisceart Shasana agus in Albain.

Gabhadh i Londain é i 1870 agus é ag fanacht le seilbh a ghlacadh ar lastas airm. Daoradh téarma cúig bliana déag príosúnachta air ach ní raibh air ach seacht mbliana a chur isteach. Ar 19 Nollaig 1877 ligeadh é féin agus na príosúnaigh pholaitíochta eile amach faoi choinníollacha áirithe. Ach lean sé dá chuid imeachtaí agus tamall ina dhiaidh sin ceapadh ar Ard-Chomhairle BPÉ é.

The Bold Tenant Farmer's Cottage

Nuair a scaoileadh saor é, chuaigh sé go Meiriceá ag lorg tacaíochta ó Ghael-Mheiriceánacha dá bheartas nua “The Land for the People”. Chuir sé faoi in Philadelphia in 1873 agus a mháthair agus triúr deirfiúr in éineacht leis. Ba le linn dó a bheith i bpríosún gur rith sé leis nach raibh de leigheas ar fhadhbanna na hÉireann ach ligean do mhuintir na tíre an talamh a shealbhú.

Díbirt, 1879

Is minic a chualathas é ag rá a leithéid seo ag cruinnithe ina dhiaidh sin: “The land question can be definitely settled only by making the cultivators of the soil the proprietors”. I 1870 thug Rialtas na Breataine Acht Talún isteach a raibh “cíosanna cothroma” mar chuspóir aige: ach shíl Mac Daibhéad nár leor sin, mar ní bheadh dul chun cinn déanta ag cosmhuintir na hÉireann go dtí go mbeadh ceart acu ar a gcuid talún féin.

Cogadh na Talún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar theacht abhaile dó i 1879 bhí dálaí an ghorta ar Iarthar na hÉireann arís. Bhí sé ar cheann de na blianta ba fhliche riamh agus bhí teipthe ar bharr na bprátaí don tríú bliain as a chéile. D’fhreastail an Daibhéadach ar chruinniú mór ar an mBaile Gaelach, Co. Mhaigh Eo ar 20 Aibreán mar a leagadh síos pleananna le haghaidh ollfheachtas agóide a raibh sé mar aidhm aici cíosanna a ísliú. I gCaisleán an Bharraigh ar 16 Lúnasa 1879 bunaíodh Conradh na Talún Mhaigh Eo go foirmiúil le lántacaíocht ó Shéarlas Stíobhardach Parnell (Charles Stewart Parnell). Ar 21 Deireadh Fómhair ceapadh Parnell ina Uachtarán ar Chonradh na Talún agus bhí an Daibhéadach ar dhuine de na rúnaithe air. Anois bhí gach cuid den fheachtas agóide agus den ghluaiseacht faoi chearta talún faoi aon scáth amháin. Ba é a bhí de dhíth ar Cogadh na Talún ná cíos cóir, cinnteacht seilbhe agus ceart díola agus ón uair sin go 1882 tugadh faoin gcath le dúthracht. Cuireadh an Daibhéadach i bpríosún arís in 1881 de bharr a chuid óráidí.

Toghadh mar fheisire parlaiminte é do Chontae na Mí é sa bhliain 1882. Ach níor acmhainn dó freastal ar an bParlaimint de bharr gur i bpríosún a bhí sé ag an am.

Scaoileadh saor é i mí na Bealtaine 1882. Nuair a ligeadh amach é in 1882 chuaigh sé i mbun feachtais le go mbeadh úinéireacht ar thalamh na hÉireann ag an Stát chomh maith le comhghuaillíocht a thionscnamh idir lucht oibre na Breataine, oibrithe na hÉireann agus feirmeoirí tionóntachta.

Chuaigh sé go Meiriceá i mí Iúil

In 1883 cuireadh i bpríosún arís é, ar feadh ceithre mhí, an uair dheireannach.

Cé nach raibh sé féin agus Parnell ar aon tuairim faoi cheist na talún thug sé lántacaíocht don chomhghuaillíocht Liobarálach / Náisiúnach - fiú in 1890 nuair a bhí scoilt sa pháirtí de bharr cholscaradh Pharnell. Thaobhaigh sé leis an bhfaicsean frith-Pharnell sa Pharlaimint ach de réir a chéile ghéaraigh ar a mhífhoighne nuair a chonacthas dó an easpa cumais nó tola ag an institiúid sin le deireadh a chur leis an éagóir. Agus Dáil na Breataine á fhágáil ina dhiaidh aige in 1886 thuar sé “no just cause could succeed there unless backed by physical force”.

Michael Davitt, 1882 i Nua-Eabhrac (grianghraf ag Napoleon Sarony)

Dul chun cinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

póstaer sna 1880idí

A bhuíochas d’iarrachtaí leanúnacha Mhíchíl Mac Dhaibhéid, tugadh tuilleadh achtanna talún isteach i ndiaidh an chéad Acht Talún de chuid Gladstone in 1870. Ba é an cheann ba thábhachtaí Acht na Talún 1881 a thug aitheantas ar deireadh do na 3C-anna (Cíos cothrom, Cinnteacht seilbhe, agus Ceart díol).

I 1903 tháinig Acht Wyndham i bhfeidhm - acht a chuir ina luí go láidir ar Thiarnaí Talún a gcuid eastát a dhíol le Coimisiún na Talún. Ba iad anáidí feirme in ionad cíosa a bheadh le híoc ina dhiaidh sin. I ndeireadh na dála d’aistreofaí úinéireacht talún ó na tiarnaí talún go dtí na tionóntaí. Bhí cuspóir an Daibhéadaigh curtha i gcrích ar deireadh. D’easaontaigh sé le hAcht Wyndham toisc nár chóir tiarnaí talún a chúiteamh ar thalamh ar leis An Stát é, dar leis.

Bás agus tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d’éag an Daibhéadach i 1906, d’fhreastail Fear-Ionad an Rí ar an tsochraid, rud a léirigh an turas polaitiúil ar feadh tríocha bliain.

Tá sé curtha sa tSráid, a bhaile dúchais. Tá an droichead idir Oileán Acla agus an mórthír a bhaisteadh as Daibhéad.

Áirítear é leis ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Lucht Oibre na Breataine chomh maith le bheith ina inspioráid don Irish Land and Labour Association le D.D. Sheehan. Dúirt Mahatma Gandhi roinnt blianta ina dhiaidh sin go ndeachaigh An Daibhéadach agus Conradh na Talún go mór i gcion air agus an ghluaiseacht um léirsiú síochána á bunú aige san India.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]