Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Páirtí an Lucht Oibre
Ceannasaíocht Jeremy Corbyn
Bunaithe 1900
Ceanncheathrú 1 Brewer's Green, Londain SW1, An Ríocht Aontaithe
Idé-eolaíocht Eite chlé
Cleamhnas Idirnáisiúntas Sóisialach
Dathanna Dearg
Gréasáin labour.org.uk

Páirtí an Lucht Oibre ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Glacann an páirtí seasamh eite chlé ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasamh liobrálach ar cheisteanna sóisialta. Ó 2010, tá an páirtí ar fheasúra oifigiúil na Ríocht Aontaithe. In olltoghchán is déanaí na Ríocht Aontaithe, i Meitheamh 2017, bhain an páirtí 262 suíomh amach de na 650 cinn a bhí le fáil i dTeach na dTeachtaí, agus 40.0% de na guthanna. Ó 2015, is é Jeremy Corbyn atá ina cheannaire ar an bpáirtí. Tá an páirtí freisin ar an bpáirtí is mó i rialtas na Breataine Bige, agus is é Mark Drakeford, de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, atá ar Phríomh-Aire na Breataine Bige.

Comórtas Ceannaire 2015 agus Olltoghchán 2017[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre ó 2015
Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg, agus 262 den 650 suíomh acu, go háirithe sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Shasana agus i Londain.
Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg.

Sna laethanta atá inniu, is Jeremy Corbyn atá ina cheannaire ar an bPáirtí, suíomh a bhain sé sa bhliain 2015, tar éis gur chaill an páirtí olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015, agus gur éirigh a réamhcheannaire, Ed Miliband, as. Ag an am sin, measadh gur iarrthóir an-chleitiúil go coibhneasta chun cheannais an Pháirtí a bhí i gCorbyn – bhí in áireamh a choid beartas ná go gcruthódh Banc Shasana airgead le haghaidh infheistiú i dtithíocht agus in iompar poiblí[1]; go n-athnáisiúnófaí na córais fuinnimh agus iarnróid[2]; agus go ngearrfadh an rialtas cuid den £93 billiún a thugann an rialtas, de réir Kevin Farnsworth, léachtóir ar Ollscoil Eabhrac, i maoluithe cánacha do chomhlachtaí éagsúla[1][3]. Bhuaigh sé an comórtas ceannaire mar gheall ar thacaíocht an-mhór ó bhaill an pháirtí cé nach bhfuair sé a lán tacaíochta óna chuid Fheisirí Westminster. Maireann scoilte poiblí idir eite chlé agus eite dheis an pháirtí go fóill, cé go bhfuil siad seo maolaithe go fiúntach tar éis toradh Olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 don pháirtí, a thug dóibh méadú measartha i líon na suíomhanna Westminster agus méadú mór i líon na vótaí, in ainneoin tairngreachtaí forleathan go gcaillfí an páirtí a lán tacaíochta.

Amach as Olltoghchán 2017[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meirge de chuid an pháirtí ag agóid ar son 'People's Vote' (Vóta an Phobail), nó vóta ar fhanacht san Aontas Eorpach tar éis don rialtas margadh Breatimeachta a chinneadh. Tá díospóireacht ina rith go láithreach sa pháirtí faoi sheasamh an pháirtí ar an mBreatimeacht.

Amach as Olltoghchán 2017, leanann an páirtí ar chur chun cinn polasaithe eacnamaíochta níos mó chun na heite clé ná cinn an rialtais (atá giollaithe ag an bPáirtí Coimeádach). Ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain 2018, bheartaigh an scáth-seansailéir, John McDonnell, go mbeadh ar chomhlachtaí móra 10% a gcuid scar a thabhairt dá gcoideanna fostaithe; go gcuirfear pá íosta na Ríochta Aontaithe suas go £10 le haghaidh na huaire; go mbeadh margáil chomhchoiteann idir na haontais fhostaithe agus na fostaitheoirí i ngach earnáil eacnamaíochta; agus go n-atógfaí an córas uisce (chomh maith leis na gcórais iarnróid, fuinnimh agus poist) faoi sheilbh poiblí, chomh maith le cuid mhór polasaithe eile.[4][5]

I Rialtas na Breataine Bige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Páirtí an Lucht Oibre fosta ar an bpáirtí is mó i Rialtas na Breataine Bige, feidhmeannacht díláraithe laistigh den Ríocht Aontaithe. Is é Mark Drakeford ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag, agus mar sin Céad-Aire na Breataine Bige. Ón toghchán deireanach i 2016, tá an páirtí i gcomhaontú leis an bPáirtí Daonlathach Liobrálach.

Aighneas faoin bhFrith-Ghiúdachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón bhliain 2016, tá aighneas sa pháirtí faoi imnithe go bhfuiltear ag cur suas le frith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí. I mí Aibreáin 2016, i ndiaidh airde sna meáin ar dhá ráiteas conspóideach ó bhaill iomráiteacha den pháirtí – Naz Shah, feisire i dTeach na dTeachtaí, agus Ken Livingstone, iar-mhéara de Londain, faoi seach – coimisiúnaíodh tuairisc ar fhrith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí ó dlíodóir agus ball den pháirtí Sami Chakrabarti.[6] Níor chuir an tuairisc seo deireadh leis an aighneas, áfach; tá daoine éagsúla laistigh agus lasmuigh den pháirtí araon ag déanamh líomhan nach bhfuil ceannasaíocht an pháirtí ag déanamh a dhóthain le dul i ngleic leis an bhfrith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí; na líomhaine seo ag teacht chun cinn i mí Mhárta 2018, nuair a fuair sean-trácht a rinne Jeremy Corbyn faoi mhórphictiúr aird sna meáin[7], agus i mí Feabhra 2019, nuair a d'imigh an feisire parlaiminte Luciana Berger, ar Giúdach í, den pháirtí, agus í ag lua drochíde frith-Ghiúdaí agus an chreidiúint a bhí aici go raibh an páirtí anois "ina páirtí go forleitheadach frith-Ghiúdach".[8]

Pobalbhreitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir mí na Márta agus mí na Bealtaine 2019, is idir 19% agus 41% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Bhreatain Mhóir a deir gurb ar son Pháirtí an Lucht Oibre a vótálfaidís dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[9][10] Tá titim mhór tagtha ar thacaíocht an pháirtí sa tréimhse seo - tagann an figiúr 41% ó phobalbhreitheanna a rinneadh ag deireadh Mhí na Márta agus tosú Mhí Aibreáin, fad is a thagann an figiúr 19% ó cheann a rinneadh ag deireadh Mhí na Bealtaine.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 LabourList (22 Mhí Iúil 2015). """You just cannot cut your way to prosperity" – Jeremy Corbyn outlines plans to make "large reductions" in £93bn of corporate subsidies" (Béarla). LabourList. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  2. Jane Merrick (9 Mhí Lúnasa 2015). "Jeremy Corbyn to 'bring back Clause IV': Contender pledges to bury New Labour with commitment to public ownership of industry" (Béarla). The Independent. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  3. [Chakrabortty] (7 Mhí Iúil 2015). "The £93bn handshake: businesses pocket huge subsidies and tax breaks" (Béarla). The Guardian. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  4. "John McDonnell offers an ambitious alternative economic policy" (en). The Economist. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  5. "Labour: We'll make firms give staff shares" (en-GB). BBC News (2018-09-24). Dáta rochtana: 2018-10-20.
  6. Zack Beauchamp (2018-03-29). "The UK Labour Party’s anti-Semitism crisis, explained". Vox. Dáta rochtana: 2019-03-12.
  7. Serina S, hu (2018-03-26). "Jeremy Corbyn’s anti-Semitism row: the key facts you need to know" (en-GB). inews.co.uk. Dáta rochtana: 2019-03-12.
  8. "7 MPs Quit The Labour Party To Form 'The Independent Group'" (en). HuffPost UK (2019-02-18). Dáta rochtana: 2019-03-12.
  9. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  10. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Dáta rochtana: 2018-10-20.