Senedd Cymru

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSenedd Cymru
(en-gb) National Assembly for Wales
(cy) Cynulliad Cenedlaethol Cymru
(en-gb) Welsh Parliament
(cy) Senedd Cymru Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálreachtas comhstáit
córas an aon seomra reachtaigh
teach reachtaíochta tofa Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1999
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtDafydd Elis-Thomas (1999–2011)
Rosemary Butler (en) Aistrigh (2011–2016)
Elin Jones (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de
Le cuid

Suíomh gréasáinsenedd.wales Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: seneddwales Twitter: seneddwales Instagram: senedd LinkedIn: senedd Youtube: assemblycynulliad Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Senedd Cymru ([ˈsɛnɛð ˈkəm.ri], Parlaimint/Seanad na Breataine Bige) reachtas cineachta, aonseomrach na Breataine Bige. Déanann sé dlíthe don Bhreatain Bheag, gearrann sé cánacha áirithe, agus déanann sé iniúchadh ar Rialtas na Breataine Bige.[1] Is institiúid dhátheangach é, le Breatnais agus Béarla mar theangacha oifigiúla. Ó bunaíodh é i mBealtaine 1999 go dtí Bealtaine 2020, tugadh Cynulliad Cenedlaethol Cymru (Tionól Náisiúnta na Breataine Bige) air.

Toghtar 60 ball den Senedd, ar a dtugtar Aelod o'r Senedd (Baill den Seanad),[2] giorraithe “AS” (nó “MS” i mBéarla),[3] gach cúig bliana. Go hiondúil, is é an páirtí is mó sa Senedd a fhoirmíonn Rialtas na Breataine Bige.

I measc na nithe atá faoi chúram an Senedd, tá sláinte, oideachas, forbairt eacnamaíochta, iompar, an comhshaol, talmhaíocht, rialtas áitiúil, agus roinnt cánacha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh Tionól Náisiúnta na Breataine Bige leis an Acht um Rialtas na Breataine Bige 1998, tar éis toradh reifreann na bliana 1997. I dtús báire, ní raibh sé de chumhacht ag an Tionól reachtaíocht phríomha a achtú. Bronnadh cumhachtaí teoranta reachtaithe air leis an Acht um Rialtas na Breataine Bige 2006.

Tar éis an vóta “Tá” sa reifreann ar 3 Márta 2011, bhí an tionól in ann achtanna a bhain leis an 20 ceantar cineachta a rith gan dul i gcomhairle le Parlaimint na Ríochta Aontaithe ná le Rúnaí Stáit na Breataine Bige.[4]

Leathnaíodh na cumhachtaí sin a thuilleadh le hAcht na Breataine Bige 2014 agus Acht na Breataine Bige 2017. Thug an dara hAcht samhail cineachta nua isteach, bunaithe ar chumhachtaí forchoimeádta mar atá ag Parlaimint na hAlban.

I mí na Bealtaine 2020, baisteadh an t-ainm nua “Senedd Cymru” ar an tionól nuair a tháinig alt 2 den Acht um Senedd agus Toghcháin (An Bhreatain Bheag) 2020 i bhfeidhm.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. What is the role of the Senedd?”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Meitheamh 2020. Dáta rochtana: 13 Bealtaine 2020.
  2. Senedd and Elections (Wales) Act 2020”. Legislation.gov.uk (5 Márta 2020). Dáta rochtana: 11 Bealtaine 2020.
  3. Senedd and Elections (Wales) Bill”. senedd.wales.
  4. "Wales says Yes in referendum vote". BBC News (4 Márta 2011).