Ken Livingstone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKen Livingstone

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Meitheamh 1945
78 bliana d'aois
Lambeth, England Cuir in eagar ar Wikidata
Cathaoirleach C40 Cities Climate Leadership Group (en) Aistrigh
2005 – 2008 – David Miller →
1 Méara Londan
4 Bealtaine 2000 – 4 Bealtaine 2008
← luach ar iarraidh – Boris Johnson →
Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
6 Márta 2000 – 14 Bealtaine 2001 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Brent East (en) Aistrigh
Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Bealtaine 1997 – 6 Márta 2000 (exclusion from a political party (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Brent East (en) Aistrigh

Ball den 51ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Aibreán 1992 – 8 Aibreán 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Brent East (en) Aistrigh

Ball den 50ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
11 Meitheamh 1987 – 16 Márta 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Brent East (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síTulse Hill School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dírbheathaisnéisí, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Croineolaíocht
20 Márta 2000apology to the House of Commons (en) Aistrigh
25 Eanáir 1988Suspension from the UK parliament (en) Aistrigh
Cúis leis seo: disorderly conduct (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinlondon.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0515324 Musicbrainz: bb595293-9425-458b-ba75-0aa44988100d Songkick: 3238356 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceannaire rialtais áitiúil é Kenneth Robert Livingstone sa Ríocht Aontaithe (17 Meitheamh 1945 a rugadh é).

Ba Mhéara Londan é Livingstone ó cruthaíodh an post sin i 2000 go dtí an 3 Bealtaine 2008. Bhí sé ina cheannaire ar Chomhairle Mhórcheantar Londan ó 1981 go dtí 1986 nuair a cuireadh é ar ceal. Toghadh ina Fheisire Parlaiminte é i 1987 do thoghcheantar Brent East, ach níor bhain sé taitneamh as an bpolaitíocht náisiúnta agus ní raibh mórán tionchair aige sa Pharlaimint.

Tugtar Red Ken ar Livingstone mar gheall ar a dhearcadh den eite chlé. Níor éirigh leis ainmniúchán Pháirtí an Lucht Oibre a fháil i 2000 do thoghchán Mhéara Londan, agus sheas sé mar iarrthóir neamhspleách. Ligeadh isteach arís é go dtí an páirtí i mí Eanáir 2004, agus roghnaíodh mar iarrthóir an pháirtí i dtoghchán Mhéaracht Londan (Meitheamh 2004). Atoghadh é le 828,380 vótaí.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Livingstone i Lambeth, Londain, agus d'fhreastail sé ar Scoil Chuimsitheach Tulse Hill. D'oibrigh sé mar theicneoir taighde don ailse agus thraenáil sé le bheith ina mhúinteoir freisin. Cháiligh sé i 1973. Toghadh é chuig comhairle baile Lambeth i 1971 agus d’fhreastail sé mar leaschathaoirleach do bhainistíocht na tithíochta ó 1971 go dtí 1973 (tar éis John Major).

Toghadh é mar chomhalta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ar Chomhairle Mórcheantar Londan i 1973 agus d'fhriotháil sé uirthi mar Leaschathaoirleach de Bainistíocht tithíochta i 1974-1975. D'fhreastail sé ar Chomhairle Camden ó 1978 go dtí 1982 freisin agus sheas sé don Pharlaimint i Hampstead i 1979, ach níor éirigh leis.

Ceannaire Chomhairle Mhórcheantar Londan[cuir in eagar | athraigh foinse]

An lá tar éis thoghchán 7 Bealtaine, 1981 thug Andrew McIntosh dúshlán Livingstone mar cheannaire na Comhairle Mórcheantar Londan agus bhuaigh Livingstone an post (30 in aghaidh 20 vótaí). Scaoileadh an CML toisc gur laghdaigh sí táillí bus agus meitreo Londan. Bá bheart é a raibh an-mheas ag daoine uirthi. Ach bhí Comhairle Bromley ina choinne agus níor chuir i gcrích í.

Chuir sé fógra suas ar an díon de Halla Contae a léiriú staidrimh dífhostaíocht na Londan ag an am sin, ag cur brú ar an Páirtí Caomhach. Bhí Livingstone conspóideach. Mar shampla: dúirt sé go poiblí go raibh sé ag tacú 'Bliain Antiracist,' (tacaíocht do ghrúpaí mar 'Babies Against the Bomb'), agus fógraíodh Londain mar cheantar "neamhnúicléach".

Livingstone as cumhacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Livingstone as cumhacht mar Mhéara Londan i mBealtaine 2008, nuair a d'éirigh leis an iarrthóir Coimeádach, Boris Johnson, bua cuimsitheach a fháil air sna toghcháin áitiúla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Johnson snatches Tories' biggest prize" (en). the Guardian (2008-05-03). Dáta rochtana: 2021-06-27.