Jump to content

Acaill

(Athsheolta ó Oileán Acla)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAcaill
(ga) Acaill Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dena hOileáin Bhriotanacha Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie36851 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 57′ 32″ N, 10° 02′ 20″ O / 53.9589°N,10.0389°W / 53.9589; -10.0389
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige688 m Cuir in eagar ar Wikidata
Imlíne128 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCruachán Cuir in eagar ar Wikidata  (688 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar148 km²
36,572 acre Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Acaill[1] an t-oileán is mó in Éirinn. Tá sé suite ar an gcósta thiar, i gContae Mhaigh Eo, i gCúige Chonnacht.

Tá 2,569 duine ina gcónaí ann. Tá leithinis an Chorráin i bparóiste Acla.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iolar is ciall le Acaill.

Tá achar 146 ciliméadar (57 míle cearnach) cearnach ann.

Is é an Cruachán (688m) an pointe is airde ar an oileán. Tá aillte an Chruacháin, ar an taobh thiar den oileán, ar na tríú haillte farraige is airde san Eoraip.

Acaill Bheag díreach taobh ó dheas d'Acaill, ós comhair na Cé Móire i gCloch Mhór.

Bhí sampla neamhchoitianta de shéadchomhartha deasghnátha ón gCré-Umhaois aimsithe ar Oileán Acla sa bhliain 2025. Bhí an t-ailíniú cloiche i bhfolach ag crainn ársa a leagadh síos le linn Stoirm Éowyn 2025. Rinneadh an fhionnachtain le linn turas seandálaíochta le mic léinn Mheiriceánacha ar cuairt ó Ollscoil Notre Dame in Indiana. Bhí na mic léinn ar thréimhse thar lear in Ollscoil na Gaillimhe agus i Mainistir Choill Mhór. Tá raidhse séadchomharthaí agus dúnta réamhstairiúla ar Oileán Acla ach tá an suíomh Cré-Umhaoise seo atá ag breathnú amach ar Chuan Mó ar cheann de na cinn is suntasaí.[2]

Cois fharraige

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar tonnmharcaíocht go coitianta ar an Trá Mór i gCaol.

Tháinig bád tarrthála go hAcaill i samhradh na bliana 1996. Tá sé ar stáisiún anois i gCill Damhnait.

Sa bhliain 1984 bhí stoirm mhór in iarthar na tíre.[3] Bhain an stoirm an gaineamh go léir ó Thrá Dumhach ar Oileán Acla. Bhí an gaineamh go léir imithe san fharraige agus ní raibh ach clocha agus carraigeacha fágtha cois farraige. Ach sa bhliain 2017, tháinig tonnta móra agus chuir an fharraige gaineamh ar ais.[4]

D'fhill trá eile tamaill níos déanaí. I Samhain 2017, tharla an rud céanna le trá eile ar an oileán. Bhí Béal na hAisléime imithe le 12 bhliain anuas.[5] Níl a fhios ag aon duine an bhfanfaidh an gaineamh an uair seo nó an imeoidh sé sna tonnta arís. 

Tá an leath thoir d'Oileán Acla agus leithinis an Chorráin i nGaeltacht Acla. Ach tá i bhfad níos mó Gaeilge sa Chorrán anois.

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Acaill/Achill Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (20 Meán Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-09-20.
  3. Eleathanach 274, 21 Deireadh Fómhair 2017
  4. "Beach reappears overnight in freak tide after being washed away 33 years ago" (en). The Independent (2017-05-09). Dáta rochtana: 2025-09-20.
  5. "Beach reappears overnight after vanishing 12 years ago" (en). The Independent (2017-11-21). Dáta rochtana: 2025-09-20.