Sníomh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Athrú snáithíní ina snáithe. Dhéantaí dhá shaghas snáithe go traidisiúnta: i snáithí olla bíonn na snáithíní cóirithe go randamach, ach i snáithe mustairte bíonn na snáithíní go léir cóirithe i dtreo fhad an tsnáithe. Sa 18ú céad bhí an próiseas seo ar na próisis a meicníodh den chéad uair, ag úsáid an chadáis ar dtús. Tá modhanna nua, cosúil le sníomh frithchuimilte is sníomh rótair, an-tábhachtach anois is iad an-dhifriúil ar fad ó na modhanna luatha láimhe leis an gcoigeal, agus níos déanaí ón 11ú céad sa tSín leis an tuirne.