Cadás
Is éard atá i gceist le cadás ná náth nó éadach a dhéantar as an gclúmh geal a fhásann ar phlanda cadáis.[1]


Planda
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ball de chlann lus na meall Muire (hocais) is ea cadás, gaolmhar le hocas gairdín. Is féidir go mbeidh sé bliantúil nó ilbhliantúil, nó fiú tomach, ag fás go hairde 6 m ach níos ísle nuair a shaothraítear é.
- Na duilleoga maothánach go bosach.
- Na bláthanna tonnadóirchruthach, suas le 5 cm ar trastomhas, le peitil bhánbhuílbhána, bhuí nó scothdhearga, a dtugann beacha is dordéin cuairt orthu.
- Pléascann na cochaill ubhchruthacha síolta (na faighneoga) nuair a bhíonn aibí chun na síolta a léiriú, pacáilte go dlúth is cumhdaithe le snáithíní bánbhuílbána a chuimsíonn 87-90% ceallalóis.[2]
Fabraicí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn an-tóir ar chadás le haghaidh éadaí, tuáillí agus braillíní leapa. Fásann snáithíní boga clúmhacha timpeall ar shíolta phlanda an chadáis. Is iad na snáithíní seo an cadás a úsáidimid chun fabraicí a tairgeadh.
Grádaítear cadás de réir fad is dreach na snáithíní seo. Is é an cháilíocht is airde ná snáithín fada (2.5-6.5 cm ar fhad) a úsáidtear i gcomhair snáithe is fabraicí sárrnhaithe. Úsáidtear an cadás sa chéad rang eile, snáithín meánach (1.3-3.3 cm), i gcomhair fabraicí éagsúla, agus cadás den 3ú rang, snáithín gearr (1-2 cm), chun fabraicí saora, blaincéid is cairpéid, a dhéanamh.
Pioctar na faighneoga nuair a bhíonn siad aibí de láimh nó le meaisín, tar éis na duilleoga a bhaint ó na plandaí le ceimiceáin (rud a osclaíonn na faighneoga uile ag an am céanna). Leanann 4 phróiseas an piocadh: baint amach na síolta (scaradh an chadáis), glanadh is scaradh na snáithíní (cardáil), síneadh (tarraingt), agus sníomh ina shnáithe. Ceann de na snáithíní nádúrtha is áisiúla.[2]
Tionscal
[cuir in eagar | athraigh foinse]is iad na Stáit Aontaithe, an Rúis, an tSín, an Éigipt, is an Tuirc na táirgeoirí is mó. De ghnáth, fásann planda an chadáis i dtíortha teo ar nós na hIndia agus na hAfraice, ach tagann formhór an chadáis a úsáidimid in Éirinn anois ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ón gceantar ar a dtugaimid an t-ainm ‘Crios an Chadáis’. Is iad Georgia, Tennessee, Alabama, Arkansas agus Mississippi na stáit atá i gCrios an Chadáis, go hairithe. Oireann an aimsir sna stáit seo do phlandaí an chadáis mar bíonn a lán gréine agus a lán báistí uathu. Tá an ithir torthúil. Is féidir snáithíní cadáis a fhí le chéile chun fabraic an chadáis a dhéanamh. Is féidir cadás a dhathú go héasca.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Foclóir Beag: cadás" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-07-24.
- 1 2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ tairseachcogg.ie (11 Bealtaine 2011). "Eureka - Chomh caomh le cadás".