Roibeard Emmet

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Robert Emmet)

Ba cheannaire réabhlóideach Éireannach é Roibeard Emmet (nó Roibeard Eiméad uaireanta - 4 Márta 1778 - 20 Meán Fómhair 1803). Theip ar a Éirí Amach sa bhliain 1803, gabhadh, agus maraíodh é ina dhiaidh.

Roibeard Emmet
A leac uaigh

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh é i gCrois Sam, in aice le Cloich na Coillte in iarthar Chorcaí sa bhliain 1778. Ba dhochtúir, i gcomhair tiarna leifteanant na hÉireann, é a athair agus muintir an chlann ríoga nuair a tháinig siad go hÉireann. D'ainneoin an áit pribhléideach a bhí aige i sochaí na hÉireann, mheall polaitíocht na poblachtánaigh réabhlóidithe é.

Stop a oideachas i gColáiste na Tríonóide, nuair a chláraigh sé leis na hÉireannaigh Aontaithe a bhí ag iarraidh leasú pharlaiminteacha agus deireadh a chuir le idirdhealú in aghaidh Caitlicigh (cé go raibh Emmet agus baill eile mar Phrotastúnaigh). I ndiaidh forógra cogaidh na Sasanach ar An Fhrainc cuireadh cosc ar na hÉireannaigh Aontaithe sa bhliain 1793. Ó shin ar aghaidh, bhí ar an eagraíocht dul faoi thalamh, agus bhí neamhspleáchas na hÉireann mar a n-aidhm, ag fáil réidh le Éirí Amach le chabhair ó na bhFrancaigh. Bhí ar dheartháir Roibird, Thomas Addis Emmet dul go dtí an Fhrainc le héalú ó smachtú an rialtas. Theip ar Éirí Amach 1798 ach d'éalaigh Emmet agus daoine eile go dtí an Fhrainc.

Nuair a thosaigh an cogadh in aghaidh Napoléon san Eoraip arís i mBealtaine 1803, d'fhill Emmet ar Éireann le réabhlóidithe ar nós Thomas Russell agus James Hope, le héirí amach nua a thosú. Rinne sé airm agus pléascán timpeall Baile Átha Cliath. Murab ionann agus Éirí amach 1798, choimeád siad pleananna an Éirí amach faoi rún, go dtí gur phléasc ceann de stóras na n-airm a mharaigh fear. Bhrú Emmet dáta an t-éirí amach chun tosaigh dá bharr.

Ar ndóigh theip an t-Éirí amach, de dheasca easpa airm, agus neamh-oird na bhfear i mBaile Átha Cliath. Níor chabhraigh Michael Dwyer agus a fir ó Chill Mhantáin agus Chill Dara. Theip siad Caisleán Bhaile Átha Cliath agus maraíodh an Príomh Breitheamh Lord Kilwarden. Chuir Emmet stop leis an t-Éirí Amach chun stop a chuir leis an méid basanna.

Básdreach.

Chuaigh Emmet i bhfolach i ndiaidh an Éirí Amach ach ghabhadh é ar an 25 Lúnasa, in aice le Crois Araild. Chuir sé féin a shaoil i ndainséir nuair a bhog sé ó Ráth Fearnáin go dtí Crois Araild le bheith ina aice a mhuirnín, Sarah Curran. Thrialú é de réir an dlí ag baint le treas ar an 19 Meán Fómhair; cheannaigh an coróin cabhair ó dlíodóir Emmet, Leonard MacNally, don praghas £200 agus pinsean. Ar an 20 Meán Fómhair cuireadh Emmet chun báis trí chrochadh agus cheann a bhaint. Cuireadh a chorp i bhfolach.

Tar éis an chinne a thabhairt dó, thug Emmet óráid. Tá cáil ar na línte dheireanach, "Let no man write my epitaph...".

Cé gur theip an t-Éirí Amach go hiomláin, tá Emmet mar laoch i stair na hÉireann. Rinne crógacht agus foirtile bean an tí Emmet, Anne Devlin, in aghaidh céasadh, laoch di, i stair na hÉireann freisin.

Scríobh Emmet litir ó bPríosún Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath ar 8 Meán Fómhair, 1803. An seoladh a bhí ann ná "Miss Sarah Curran, the Priory, Rathfarnham" agus a thug sé é don maor príosúnach, George Dunn. Ach sceith Dunn é nuair a thug sé an litir do húdaráis an rialtas, rud a chuir saol Sarah Curran go mór i ndainséir. Rinne an eachtra seo, ar barr a n-iarrachtaí bheith an aice léi (a chríochnaigh lena bás) é mar duine rómánsúil freisin.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]