Cumann na nÉireannach Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann na nÉireannach Aontaithe
(ga) Cumann na nÉireannach Aontaithe
(en) Society of United Irishmen Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht pholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtánachas in Éirinn
liobrálachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1791
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1804 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtTheobald Wolfe Tone Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 323d05bc-52a5-40ee-bc43-09079f72b9f0 Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht pholaitiúil a bhí gníomhach in Éirinn i rith an 18ú haois ab ea Cumann na nÉireannach Aontaithe (Béarla: Society of the United Irishmen), nó Na hÉireannaigh Aontaithe (Béarla: United Irishmen) mar a dtugtar orthu de ghnáth. An phríomhaidhm a bhí acu ná neamhspleáchas a fháil ón Ríocht Aontaithe, agus iad freagrach as Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe na bliana 1798.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theobald Wolfe Tone.

Bhí tionchar láidir ag Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789 ar fud an domhain, agus in Éirinn go háirithe a bhí faoi smacht na Sasanach fós. Thosaigh an Chinsealacht Phrotastúnach in Éirinn ag argóint i bhfabhar Caitlicigh na hÉireann, mar shampla Theobald Wolfe Tone a scríobh "An Argóint ar son Chaitlicigh na hÉireann” i mí Meán Fómhair, 1791. Cheap Tone, é ina Phrotastúnach féin, gur ba cheart Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí aontaigh le chéile chun athchóiriú polaitíochta a fháil.

Béal Feirste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Society of United Irishmen

Bhí an-tionchar ag paimfléad Tone ar fud na tíre, agus fuair sé cuireadh chun buail le naoínar Preispitéirigh i mBéal Feirste. Bhunaigh siad bráithreachas nua le chéile ar 14 Deireadh Fómhair 1791 leis an ainm Cumann na nÉireannach Aontaithe (ritheadh na rúin nua ar 18 Deireadh Fómhair i mBéal Feirste agus ar 9 Samhain i mBÁC). Na trí cuspóir a bhí acu ná:

  1. Go bhfuil tionchar na Sasanach róláidir in Éirinn, agus is ceart go mbeadh aontas idir na daoine go leor sa tír, chun an chothromaíocht a choinneál, é atá bunriachtanach chun ár saoirsí sibhialta a chaomhnaigh agus ár dtráchtáil a chothaigh
  2. Go bhfuil athchóiriú iomlán agus raidiciúil ar na ndaoine sa rialtas an t-aon modh bunreachtúil amháin a úsáid chun chur i gcoinne an tionchar seo
  3. Nach bhfuil aon athchóiriú ceart ach an athchóiriú a clúdaíonn gach Éireannach ó ngach creideamh

Na daoine a bhí ann ar an lá sin ná Tone, Thomas Russell, William Sinclair, Henry Joy McCracken, Samuel Neilson, Henry Haslett, Gilbert McIlveen, William Simms, Robert Simms, Thomas McCabe agus Thomas Pearce. Preispitéirigh ab ea an chuid is mó acu, as an tionscal línéadach sa chathair.

Sa bhliain 1792, thosaigh na hÉireannaigh Aontaithe ag seol amach a nuachtán féin, an Northern Star. Bhí Samuel Neilson ina eagarthóir.


Baile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh craobh nua den chumann i mBaile Átha Cliath ar 9 Samhain, 1791.

.

D'aontaigh siad le chéile leis na gCosantóirí freisin, eagraíocht Caitliceach a bhí ag troid chun athriar talúntais a fháil.

Roimh an réabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an ghluaiseacht faoin talamh i lár na 1790í, agus bhí díospóireacht ann idir na daoine a thacaigh réabhlóid i gcoinne na Sasanaigh gan aon cabhair, agus na daoine a cheap gur ba cheart dóibh fanacht chun cabhair a fháil ó na bhFraincigh. Sa bhliain 1794, b'é William Drennan an céad duine a chuireadh faoi ghlas mar gheall ar a obair ceannairceach.

leathchrochadh, 1798

Thosaigh na húdaráis ag tabhairt eachtraí na hÉireannaigh Aontaithe faoi deara ag an am seo, agus bunaíodh an tOrd Oráisteach sa bhliain 1795 mar fhórsa míliteacha i gcoinne iad.

Sa bhliain 1796, thosaigh cabhlach mór Francach ag seol go hÉirinn faoi cheannas an Ginearál Hoche, le 15,000 trúpa ann. Shroich cabhlach Hoche Bá Bheanntraí i gContae Chorcaí, ach ní raibh siad ábalta teacht isteach mar gheall ar an droch-aimsir a bhuail an réigiún.

Bhí air Hoche an cabhlach ar fad a thóg ar ais go dtí an bhFrainc. Fuair na húdaráis amach faoin eachtra seo freisin, agus thosaigh siad ionsaí mór ar na hÉireannaigh Aontaithe mar thoradh.

Éirí Amach sa bhliain 1798[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Here lieth the body of Archibel Wilson of Conlig who departed this life June the 26 in anno 1798, eg 26yr." Crochadh é

Sa bhliain 1798, bhí an-brú ar na hÉireannaigh Aontaithe éirí amach a thosaigh go tapaidh, mar bhí na na húdaráis ag fáil an lámh in uachtar. Bhí seans ann fós go mbeadh cabhair ar fáil ó na bhFraincigh arís, ach ní raibh siad ábalta fanacht leis. Fógraíodh go mbeadh an t-éirí amach ag tosú ar 23 Bealtaine, ach cuireadh an Tiarna Éadbhard Mac Gearailt faoi ghlas ar 18 Bealtaine agus ní raibh siad ábalta ionsaí a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath mar thoradh.

Thosaigh an troid in aon chor, cé go raibh an chuid is mó den ceannasaíocht ar iarraidh. Ní raibh aon rath ag na réabhlóidithe, taobh amuigh de Loch Garman.

Shroich na Francaigh Contae Mhaigh Eo i mí Lúnasa, ach bhí siad ródhéanach chun aon dul chun cinn mór a dhéanamh. Gabhadh Tone fhéin i mí Deireadh Fómhair, agus fuair sé bás faoi ghlas ar 19 Samhain 1798.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]