Theobald Wolfe Tone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Theobald Wolfe Tone

Duine aithnidiúil ar son neamhspleáchas na hÉireann ab ea Theobald Wolfe Tone (20 Meitheamh 1763 – 19 Samhain 1798) ar a dtugtar Wolfe Tone go minic. Ba phríomhphearsa réabhlóideach é agus ceann de bhunaitheoirí Cumann na nÉireannach Aontaithe, agus feictear air mar athair an poblachtánachas in Éirinn. Bhí sé mar cheannaire ar Éirí Amach na hÉireann 1798.

Luath Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Saolaíodh Theobald Wolfe Tone i mí an Mheitheamh 1763. Ba de shliocht clann Protastúnach Fraincise é a theith go Shasana ón nGascogne sa 16ú aois chun géarleanúint ar bhonn reiligiúin a sheachaint. Shochraigh brainse den chlann i mBaile Átha Cliath sa 17ú aois. Ba dhéantóir cóiste de chuid Eaglais na hÉireann é a athair, Peter Tone. Bhí feirm aige gar do na Solláin, i gContae Chill Dara. Tháinig máthair Theobald ó chlann ceannaí Caitliceach a d'athraigh go Phrotastúnachas tar éis gur rugadh Theobald. Ba chaptaen é a sheanathair ar thaobh a mháthar ar long thrádála sna hIndiacha Thiar.

Baisteadh é mar Theobald Wolfe Tone in onóir ar a athair baistí, Theobald Wolfe ón Halla Dubh, Contae Chill Dara, col ceathar ar Arthur Wolfe, 1ú Viscount Kilwarden. Mar sin fein, creidtear go leathan gur mac Theobald Wolfe é Tone agus más an rud é go raibh sin fíor ba leath-dearthar é ar an bhfile Charles Wolfe.

I 1783, fuair Tone post mar thionchascóir ar Anthony and Robert, leath-dhearthaireacha ar Richard Martin, teachta pharlaiminte i nGaillimh, a thug tacaíocht go Fuascailt na gCaitliceach. Thit Tone i ngrá le bean chéile Martin, ach níor tháinig aon rud as. I rith an tréimhse seo bhí sé ag smaoineamh faoi ghairm sna healaíona mar aisteoir.

Rinne sé staidéar ar dlí i gColáiste na Trínóide i mBaile Átha Cliath, áit a bhí sé gníomhach i gCumann Stair an Coláiste, club díospóireachta, agus tógtar é mar reachtaire ar an gcumann i 1785. Fuair sé céim BA i Feabhra 1786. Cáiligh sé mar abhcóide i King's Inn agus é 26 agus d'fhreastal sé ar Óstaí na Cúirte i Londain. Mar dhalta, d'éalaigh sé le Martha Witherington, iníon le William agus Catherine Witherington (née Fanning) as Baile Átha Cliath. D'aistrigh sí a ainm go Matilda mar a d'iarr Tone uirthi.

Polaiteoir[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaitheoir Chumann na nÉireannach Aontaithe ab ea Tone. Chaith sé tamall mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus cháiligh mar dhlíodóir. Ina óige theastaigh uaidh cóilíneacht a bhunú san Aigéan Ciúin ach ní raibh duine ar bith sásta tacú leis. Dhírigh sé ar pholaitíocht na hÉireann ansin agus bhí an-éileamh ar na paimphléidí a scríobh sé faoi chás na tíre lena linn. Bhí an poblachtánachas ag teacht chun cinn ag an am, agus Preispitéirigh Chúige Uladh go háirithe ag teacht faoi thionchar Réabhlóid na Fraince. Bhí Tone ag agairt ar Chaitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí teacht le chéile chun poblacht a bhunú in Éirinn, agus sa bhliain 1791, i gcomhar le Thomas Russell agus Napper Tandy agus daoine eile, chuir sé Cumann na nÉireannach Aontaithe ar bun. De réir a chéile tháinig baill na heagraíochta ar an tuairim nach raibh réiteach ar bith ar chás na hÉireann ach poblacht neamhspleách a bhunú le fórsa agus tosaíodh ar chraobhacha den eagraíocht a bhunú ar fud na hÉireann.

Ceapadh Tone ina rúnaí lánaimseartha ar Choiste na gCaitliceach in earrach na bliana 1792 agus bhí sé i mbun feachtais chun cliarscoil a bhunú in Éirinn ionas go mbeadh sagairt na tíre á n-oiliúint ina dtír féin. De réir mar a chonacthas nach ngéillfeadh Rialtas na Breataine d'éileamh na nÉireannach Aontaithe chuathas i muinín na réabhlóideach sa Fhrainc. Iarradh ar na Francaigh fórsaí a chur go hÉirinn chun an réabhlóid a chur i gcrích. Fuair na húdaráis amach go raibh an chomhcheilg seo ar bun agus gabhadh cuid mhaith de cheannairí na nÉireannach Aontaithe. Tugadh cead do Tone an tír a fhágáil agus d'imigh sé lena chlann go Philadelphia sna Stáit Aontaithe ar feadh tamaill. Ach níor thaitin na Meiriceánaigh leis, ní raibh i Washington dar leis ach "high-flying aristocrat" agus ní raibh na Meiriceánaigh chomh ceanúil ar an daonlathas agus a mhaígh siad, dar leis.

Chuaigh Tone go Páras chun an Stiúrthóireacht a spreagadh chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Sheoil cabhlach mór le 14,000 fear as calafort Brest ach theip go tubaisteach ar an iarracht teacht i dtír i gCuan Bheanntraí i 1796. Chaith Tone tamall ina oifigeach in arm na Fraince agus rinne sé cúpla iarracht eile ionradh a eagrú i gcomhar leis na Francaigh agus na hOllannaigh.

Thosaigh Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe in Éirinn i 1798 agus Tone thar sáile, agus arís rinne sé a dhícheall chun ionradh Francach a eagrú. Cuireadh fórsa beag go Maigh Eo faoi cheannas Humbert ach bhí formhór na tíre ceansaithe ar Arm na Breataine faoin am sin agus níor mhair an feachtas sin i bhfad. Chuaigh Tone é féin le cabhlach beag go Loch Súilí ach chloígh cabhlach na Breataine go héasca é agus gabhadh Tone. Daoradh chun báis é, ach ghearr sé a scornach le scian póca ar an 12 Samhain 1798, agus fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin.

Bhí an-tionchar ag scríbhinní agus gníomhartha Wolfe Tone ar ghluaiseacht na saoirse agus na poblachta in Éirinn ó lá a bháis.

Léigh freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]