Pádraig Ó Siochfhradha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Seabhac ("Údar" ar TG4)

Fear ildánach i stair na hathbheochana na Gaeilge agus Scríbhneoir Éireannach ab ea Pádraig Ó Siochfhradha (10 Márta 1883 - 19 Samhain 1964). Scríobh sé Jimín Mháire Thadhg, úrscéal greannmhar faoi bhuachaill óg tuaithe a foilsíodh faoin ainm cleite An Seabhac.


Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

an ceantar - Baile an Ghóilín, Ballymeenbocht, Burnham East

Saolaíodh Pádraig Ó Siochfhradha i gCiarraí, i mBaile an Ghóilín, timpeall agus trí mhíle siar ó Dhaingean Dí Chúis ar an 10 Márta 1883. Fuair sé oideachas ó na Bráithre Críostaí sa Daingean go dtí go raibh sé sé bliana déag d'aois.

An Ghaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an Ghaeilge ag imeacht as an cheantar úd sna 1880idí. Ní raibh Gaeilgear siúl ag na Bráithre Críostaí sa Daingean sna 1890idí ach an oiread. Ach bhí tuiscint réasúnta cruinn ag an Seabhac ar an Ghaeilge fiú an uair sin. [1]

As leabhair Dí Ghramhnaigh agus ó mhúinteoir ina cheantar a d'fhoghlaim Ó Siochfhradha conas Gaeilge a léamh agus a scríobh. Sula raibh sé fiche bliain d'aois, bhí léamh agus scríobh na teanga á múineadh aige féin do chomharsana dá chuid i dteach Mháire Hussey ar an Chuaismóir, in aice a bhaile.

Gníomhaíochas[athraigh | athraigh vicithéacs]

San bhliain 1899, thosaigh Ó Siochfhradha ag obair mar fhear oibre. Lean sé don chineál sin oibre go dtí 1922.

Ó cuireadh na hÓglaigh ar bun, ó 1913, bhí Ó Siochfhradha iontu. Bhí sé ina oifigeach ceannais acu i gCorca Dhuibhne ó 1917 go dtí 1921.

Austin Stack

Roghnaigh Austin Stack é le dul go Baile Átha Cliath Aoine an Chéasta 1916 chun eolas ar an éirí amach a bhí beartaithe a fháil do mhuintir Chiarraí. Chuir na Sasanaigh i sé phríosún éagsúla é idir 1918 agus 1922. Dhiúltaigh Ó Siochfhradha páirt a ghlacadh san aighneas polaitíochta a tháinig i 1922[2].

Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile agus bhí sé ina chigire agus ina phríomhchigire ina dhiaidh sin. Ó 1920 go dti 1922 ag an chéad Dáil a bhí Ó Siochfhradha ina thimire Gaeilge do Chiarraí.

Bhí sé ina Bhreitheamh Dúiche freisin, agus, idir 1920 agus 1923, ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Chiarraí.

I 1926 bhí sé ar bhoird sláinte Chontae Ros Comáin agus Chontae an Longfoirt, agus ceapadh ina choimisinéir ag stiúrú Chontae Liatroma é nuair a cuireadh an chomhairle contae ansin ar ceal faoin Saorstát.

Sa bhliain 1926 tugadh go Baile Átha Cliath é agus cuireadh sa Roinn Oideachais é. Bhí baint aige ag an am sin le bunú na gColáistí Ullmhúcháin, agus ina le bunú Choláiste Mhuire na mBráithre Críostaí i mBaile Átha Cliath. Thug sé tamall ina eagarthóir ag an Ghúm freisin.

D'éirigh sé as an státseirbhís i 1932 agus chuaigh sé ina eagarthóir agus ina chomhstiúrthóir ar Chomhlacht Oideachais na hÉireann agus ar Clólucht an Talbóidigh.

D'éirigh sé as a phost i 1965 agus gradam Phríomhchigire bainte amach aige. Ba Sheanadóir é (1946–48, 1951–54, 1957–64, ceaptha ag an Taoiseach).

Fuair sé bás ar an 19 Samhain 1964.

An Seabhac, ainm cleite[athraigh | athraigh vicithéacs]

Seabhac

Ba ghá ainm cleite le haghaidh chomórtais an Oireachtais. Mar sin ‘sé an t-ainm cleite ba mhó a d'úsáidtí san Oireachtas. Lean an nós an-fhada-isteach sna 1920idí agus sna 1930idí. Ach b'annamh scríbhneoir Gaeilge san am úd gan ainm cleite a bheith in úsáid go poiblí féin aige. Agus níl aon ainm cleite a sheas chomh fada ná chomh buacach le hainm cleite Phádraig Dí Shiochfhradha - "An Seabhac."

Go deireadh a shaoil ba mhinice a thráchtfaí airsean i ngach treo baill mar "An Seabhac" ná mar Phádraig Ó Siochfhradha.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Tá a fhios againn inniu, mar i litir chuig Muiris Ó Droighneáin i mí Eanáir 1928, scríobh An Seabhac "is cuimhin liom go mbaininn taitneamh mór as an scéalaíocht a bhíodh ar siúl ag na seandaoine le linn tórraimh nó ócáide dá shaghas." (l. 198, Risteard Ó Glaisne, Ceannródaithe, FNT 1974).
  2. l. 199, Risteard Ó Glaisne, Ceannródaithe, FNT 1974

Saothair[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Pádraig Ó Siochfhradha, "An Baile seo Againne"
  • Pádraig Ó Siochfhradha, "Jimeen: An Irish Comic Classic", ISBN 0-86278-680-0
  • Pádraig Ó Siochfhradha, "Learner's Irish-English pronouncing dictionary in new standard spelling" The Talbot Press, 1959
  • Pádraig Ó Siochfhradha, "Seanfhocail na Mumhan", ISBN 1-85791-511-9