Plé:Theobald Wolfe Tone

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríobh an t-úsaideoir 83.71.13.225 an téacs seo a leanas ag Wolfe Tone cé go raibh an t-alt seo ann cheana féin. An féidir le duine ar bith an téacs a mheascadh leis an alt seo? --Gabriel Beecham 01:00, 8 Márta 2006 (UTC)[reply]

Rugadh Wolfe Tone i mí an Mheithimh 1763, agus fuair sé bás i mí na Samhna 1798. Tá ardchlú ar Wolfe Tone mar go raibh sé ina cheannaire ar ghluaiseacht an neamhspleáchais agus bainteach le fás an phoblachtánachais in Éirinn. Níor dhaoine mór le rá a thuistí, mar sin féin, chaith sé seal i gColáiste na Tríonóide, bhain sé céim le dlí amach i Londain agus glaodh chun an Bharra Éireannach é i 1789. Chuaigh prionsabail Réabhlóid na Fraince go mór i bhfeidhm air agus chuir sé a smaointe i gcló i 1790 ina thráchtas 'A Northern Whig'. Is é bunchloch a argóna ná go mba chóir do dhaoine ó reiligiúin áirithe teacht le chéile, chun go bhfaighidís a gcearta agus ní raibh meas ar bith aige ar na bealaí bunreachtúla a chur Grattan agus Henry Flood chun cinn. I 1791 chuaigh sé céim níos faide agus bhunaigh sé Cumann na nÉireannach Aontaithe ( i dteannta le Napper Tandy agus Thomas Russell). Ba é príomhaidhm an chumainn ná cearta vótála don saoránach a chur ar fáil, agus bacanna creidimh a chur ar leataobh. Leasuithe parlaiminte a bhí ag teastáil ón chumann i dtosach, ach nuair a theip orthu siúd, d'iompaigh an cumann ar pholasaithe níos bunúsaí. Tháinig deighilt sa chumann agus ghlac grúpa faoi cheannaireacht John Keogh seilbh ar an chumann. Rinne an cumann teagmháil le ceannairí na Fraince. I 1794 tréigeadh an cumann: theith ceannairí áirithe ón tír agus d'imigh Tone chun na Stáit Aontaithe. Ní raibh sé róshásta sna Stáit agus thug sé aghaidh arís ar an Fhrainc, ag iarraidh a chur ina luí ar an Directoire go mba chóir cabhair mhíleata a chur chun na hÉireann, cabhair a thabharfadh misneach do dhaoine éirí amach i gcoinne an rialtais. Bhí ar fheachtas amháin faoi cheannaireacht Hoche filleadh ar an Fhrainc toisc drochaimsir; d'éirigh ar bhealach bheag le feachtas Humbert i Maigh Eo agus gabhadh Tone féin i bhfeachtas Hardy, i Loch Súile in 1798. Daoradh Tone chun a chrochta ach chuir sé lámh ina bhás fhéin, sular crochadh é. Cúig bliana is tríocha a bhí slánaithe aige.