Winifred Carney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWinifred Carney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Nollaig 1887
Beannchar, Contae an Dúin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Samhain 1943
55 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Bhaile an Mhuilinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceardchumannaí, gníomhaí ar son cearta vótála Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ghlac sé/sí páirt i
29 Aibreán 1916Éirí Amach na Cásca Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 20142692 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceardchumannaí, feimineach, agus poblachtach ab ea Winifred Carney (Winnie) (1887-1943), (nó Maria Winifred Carney) a rugadh ar an 4 Nollaig 1887 ag Cnoc na hIascairí, Beannchar, contae an Dúin.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Maria Winifred Carney nó ‘Winnie Carney’ i Bangor  ar an 4ú lá de Nollag 1887. Ba í Sarah Carney máthair s’aici agus Alfred Carney athair s’aici.ba í an páiste is óige. Bhí triúr deartháir agus triúr deirfiúr aici. Ba Chaitliceach í a mháthair agus ba Phrotastúnaigh é athair s’aici. Glacadh na páistí uilig anuas mar Caitlicigh. Bhris pósadh a thuismitheoirí suas agus chuaigh Winnie chun cónaí le máthair agus deartháireacha s’aici in Carlisle Circus i dtuaisceart Béal Feirste. Chuaigh athair s’aici chuig London agus ba bheag a chuala said uaidh arís. Thug a máthair tacaíocht don clan tríd siopa milseáin a bheith aici ar bóthar Falls. Chauigh Winnie chuig an CBS ar sráid Donegall áit ar tháinig sí ina mhúinteoir shóisearach

An Cheardchumann[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oibrigh sí mar rúnaí agus d’oibrigh sí mar chléireach in oifig aturnae ar feadh tamaill.Ina fichidí, ghlac sí páirt i gConradh na Gaeilge agus freisin i ngníomhaíochtaí vótála agus sóisialach i mBéal Feirste, in éineacht lena cara Marie Johnson, a raibh a fear céile Thomas le bheith ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre in Éirinn. D’oibrigh Marie mar rúnaí do Cheardchumann Oibrithe Teicstíle na hÉireann, a bhunaigh James Connolly i 1911 mar rannóg na mban de Cheardchumann Iompar agus Oibrithe Ginearálta Bhéal Feirste, agus nuair a d’éirigh sí tinn i 1912, d’iarr sí ar Carney a cuid oibre a ghlacadh mar rúnaí. don aontas.Bhí pá íseal agus neamhrialta aici ach d'oibrigh sí féin agus a comhghleacaí Ellen Grimley le díograis mhór chun pá agus coinníollacha na gcailíní muilinn a fheabhsú, agus d'éirigh le Carney an chuid árachais a thógann an t-am den cheardchumann a bhainistiú.Le linn fhrithdhúnadh 1913 bhí sí gníomhach in iarrachtaí tiomsaithe airgid agus fóirithinte d'oibrithe Bhaile Átha Cliath. Tarraingíodh cuid mhaith díobh siúd a raibh baint acu leis an ITGWU isteach i ngluaiseacht na poblachta agus bhí sí i láthair nuair a bunaíodh Cumann na mBan in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath ar 2 Aibreán 1914 . Comh-scríobh Carney agus Connolly Manifesto na Sclábhaithe Línéadaigh i mBéal Feirste i 1913. Mar náisiúnach díograiseach, bhí Carney ina bhall gníomhach de chraobh Bhéal Feirste de Chumann na mBan nuair a bunaíodh é, in éineacht le Nora agus Ina Connolly. Sheol Connolly chuici sular thosaigh Éirí Amach na Cásca, agus thug sí tacaíocht rúnaíochta don cheannaireacht, ag clóscríobh seoltaí agus teachtaireachtaí eile. Ba í Carney an chéad bhean a chuaigh isteach san GPO, mar bhall d’Arm Saoránach na hÉireann agus mar aide-de-camp do James Connolly. Ghéill sí in éineacht le ceannaireacht na bPoblachtánach agus cuireadh i bpríosún i Sasana í ar feadh tamaill ina dhiaidh sin. Níor éirigh le Carney seasamh le Sinn Féin ar ardán do Phoblacht na nOibrithe in oirthear Bhéal Feirste i dtoghchán 1918. Bhí an file náisiúnaíoch uasal Alice Milligan ar dhuine dá lucht tacaíochta.Lean Carney ar aghaidh ag obair don cheardchumann agus í fós ina Phoblachtánach gníomhach, faoi mhuinín cheannaireacht an IRA sa Tuaisceart.

Éirí Amach na Cásca 1916[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí go leor ball den ITGWU tarraingthe istigh chuig Gluaiseacht na Poblachta. Bhí Carney i láthair ag an bunú de Cumann na mBan in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath (2 Aibreán 1914). Mar chara de chuid James Connolly, thosaigh sí ag obair leis an Arm Cathartha. Ceapadh í mar rúnaí pearsanta aige. Is cosúil go raibh sí go hiomlán faoi rún aige agus go raibh sí ag teacht go hiomlán lena haidhmeanna réabhlóideacha. Bhí an-scil aici le raidhfilí.

Ar an 14 Aibreán 1916, cuireadh toghairm uirthi dul chuig Baile Átha Cliath, chun cabhair a thabhairt leis na gnéithe deireanach d'Éirí Amach na Cásca a eagrú. Don chéad seachtain eile, chaith sí am s'aici ag chlóscríobh seoltaí agus ordaí slógadh i Halla na Saoirse. Bhí sí mar an t-aon bhean sa cholún a ghabh Ard-Oifig an Phoist ar Luan na Cásca, 24 Aibreán 1916. (tháinig go leor mná ina ndiaidh áfach).

Le linn an Éirí Amach, d'oibrigh sí mar rúnaí Connolly agus, fiú tar éis an chuid is mó de na mná a aslonnú ó Ard-Oifig an Phoist, dhiúltaigh sí imeacht agus thug sí freagra géar ar Phádraig Mac Piarais nuair a mhol sé gur cheart di. D'fhan sí le Connolly sa Cheanncheathrú sealadach ag 16 Sráid an Mhúraigh, ag clóscríobh seoltaí agus ag tabhairt garchabhair dó.   

Saol Poblachtánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Fómhair I 1917 bhí sí ina toscaire do Bhéal Feirste do chomdháil Chumann na mBan , agus cheapadh í ina huachtaráin ar chraobh Bhéal Feirste. Cuireadh I bpriosúin í ar feadh tréimhse in 1918 i phriosúin Armagh and Lewes. Sheas sí ar son Sinn Féin I roinn Victoria I mBéal Feirste san olltoghchán in 1918. Ba í an t-aon bhean a sheas sa toghchán in Éirinn seachas an Constance Markievicz. Ach níor éirí go maith léi, níor bhuaigh sí ach 4% de na vótaí. Chuaigh sí I gcoinne an conradh agus thug sí tacaíocht do phoblachtánaigh ar nós Markievicz agus Austin Stacks. Ar an 25ú de Iúil 1922 gabhadh í ag an RUC agus cuireadh faoi choimeád í ar feadh 18 lá. Dhiúltaigh sí aitheantas a thabhairt don chúirt agus gearradh fíneál de dhá phunt uirthi.

Bás agus Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sláinte Carney in olcas go mór i ndeireadh na bliana 1930 agus fuair Winifred bás ar an 21ú lá de mí na Samhna 1943 ag aois 55 mar gheall ar eitinn agus cuireadh í ina luí i Milltown Cemetery , i mBéal Fearaiste in uaigh gan mharcáil . Dúirt a gar-neacht, Joan Austin, go raibh sé seo thíos le míshuaimhneas óna deartháir ag aontas Winnie le Georgie . Ach , i 1985 , chuir an National Graves Association leac chinn in airde le cead ó George McBride agus ceann de neachtanna Winifred.

Uaigh Winifred Carney i mBéal Fearaiste

Tar éis do Shinn Féin moladh a dhéanamh maidir le dealbh Winifred Carney a thabhairt os comhair Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste in 2017, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ,8 Márta 2024 nochtadh a cosúlacht in éineacht le dealbh den United Irishwoman, leasaitheoir sóisialta agus díothaí Mary Ann McCracken ar thailte Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Léiríonn an dealbh chré-umha Carney in éide Arm Saoránach na hÉireann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Winifred Carney - A Century Of Women

Carney, Winifred (‘Winnie’) | Dictionary of Irish Biography (dib.ie)

BBC One - Voices 16 - Winifred Carney

Great Women: Winifred Carney - Great Place (greatplacenorthbelfast.com)

IWD 2024: Mary Ann McCracken and Winifred Carney statues unveiled - BBC News