Úna Ní Fhaircheallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÚna Ní Fhaircheallaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Meitheamh 1874
Achadh an Iúir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Samhain 1951
77 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ríoga na hÉireann
Collège de France Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMáistir Ealaíon
Gníomhaíocht
Gairmacadóir, teangeolaí, file, scríbhneoir, gníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, léachtóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Scoláire agus Ollamh ab ea Úna Ní Fhaircheallaigh (Béarla: Agnes O'Farrelly; nom-de-plume 'Uan Uladh'), i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ba í an chéad úrscéalaí baineann Gaeilge í freisin, agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan, agus an ceathrú huachtarán ar Chumann Camógaíochta na hÉireann.[1]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Rafanaigh in aice le Achadh an Iúir i gContae an Chabháin a rugadh ‘Uan Uladh’ ar 24 Meitheamh 1874. Peter Dominic O’Farrelly a hathair agus Ann Sheridan a máthair. Bhí ceathrar cailíní eile agus triúr deartháireacha sa chlann. Ba é a céad saothar foilsithe ná sraith alt maoithneach san Anglo-Celt in Eanáir-Márta 1895, dar teideal Glimpses of Breffni and Meath, agus ina dhiaidh sin mhol Edward O'Hanlon, eagarthóir an Anglo-Celt di díriú ar chúrsaí liteartha agus bhain sí M.A. amach i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (An Ollscoil Ríoga).

I mí Feabhra 1887, chláraigh sí leis an “Irish Fireside Club”, colún nua sa Weekly Freeman arna chur in eagar ag Rose Kavanagh, siomptóm de réimse méadaitheach litríocht na leanaí le linn an fin de siècle. Údar mórtais don chlub seo an as níos mó ná 60,000 ball leanaí a bhí aige nuair a bhí an club i mbarr a réime, agus d’éascaigh sé oll-dhíonteagasc glúin de leanaí Éireannacha bhféiniúlacht chultúrtha na náisiúnaithe. Bhí sí le bheith ar an mbean is teanntásaí sa chlub seo, a mhúnlaigh a smaointe útóipeacha, feimineacha agus náisiúnaíocha le linn a bheith ina ndaoine fásta.[2]

Tuairim 1896 a thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge. Nuair a foilsíodh a húrscéilín Grádh agus crádh i 1901, d’éiligh an Dr Micheál Ó hIceadha gurbh é an t-aon leabhar amháin dár chuir an Conradh amach a bhí saor ó locht agus d’admhaigh sé gurbh é féin a bhí ag múineadh Gaeilge d’Úna le ceithre bliana anuas.

I ndiaidh Mháire Ní Aodáin ba í ab fhearr a rinne troid ar son comhdheise agus cothramaíochta do mhná san ollscolaíocht. Labhair sí os comhair an Choimisiúin Ríoga 1901–3 thar ceann an Irish Federation of University Graduates. Mar gheall ar an obair sin a ceapadh í ina ball de chéad Bhord Stiúrtha Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (Ollscoil na hÉireann) i 1909.

I 1902 d’fhoilsigh an Conradh leabhar a scríobh sí 'Smuainte ar Árainn'. agus úrscéilín eile 'An Cneamhaire', tuairim an ama chéanna.

I ndiaidh adhlacadh an Athar Ó Gramhnaigh i 1903 chuir sí eagar ar 'Leabhar an Athar Eoghan' —an chéad leabhar riamh le léaráidí agus grianghrafanna ar de dhéantús na hÉireann ar fad é.

Gairm acadúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh luath agus a d’éirigh sí neamhspleách ó thaobh airgeadais de, chláraigh sí i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Baile Átha Cliath, agus chuir sí ina luí go cuí ar Phríomhoide an Choláiste an chéad léachtóir Gaeilge riamh sa Choláiste a liostáil, ionas go bhféadfadh sí staidéar a dhéanamh ar an teanga mar chuid dá Céim Ealaíon.

Earcaíodh Eoin MacNeill, Leas-Uachtarán Chonradh na Gaeilge. an príomheagraíocht náisiúnach cultúrtha a bhí i bhfeidhm in Éirinn ó 1893, agus bunaíodh rang, le Farrelly (nó O’Farrelly mar a tugadh uirthi ansin) ag spreagadh mná óga ó Choláistí na mBan i mBaile Átha Cliath le freastal ann.

Tríd an tionscnamh seo, tháinig croíghrúpa de náisiúnaithe cultúrtha meánaicmeacha agus oilte chun cinn sa phríomhchathair, lena n-áirítear Máire Ní Chinnéide agus Máire de Buitléir, a rachadh, cosúil le Ní Fhaircheallaigh, ar aghaidh chun róil mhóra a imirt i bhforbairt Chonradh na Gaeilge tríd an gcéad dá fhiche bliain den fhichiú haois, mar fhigiúirí liteartha, oideachasóirí agus gníomhaithe teanga.

Bhain sí céim amach in Ollscoil Ríoga na hÉireann (BA 1899, MA 1900), agus chaith sí téarma i bPáras ag staidéar faoi Henri D’Arbois de Jubainville, ollamh le Cheiltis sa Collège de France. Ba í an chéad bhean í a rinne staidéar ar an Cheiltis go leibhéal chomh hard sin. Ceapadh Ní Fhaircheallaigh mar léachtóir le Gaeilge i gcoláistí Alexandra agus Loreto, agus theagasc sí Gaeilge i bPríom- Oifig an Chonartha freisin.

Chuir sí ina luí ar Mháire Ní Aodáin (Mary Hayden) iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Shinsearach na hOllscoile Ríoga, mar iarracht dúshlán a thabhairt don tuairim go raibh scoláirí ban neamh-incháilithe le haghaidh dámhachtainí den sórt sin. I 1902, in éineacht le Hayden, chabhraigh sí leis an gCumann Céimithe na mBan agus Ábhair Chéimithe a bhunú, d’fhonn comhdheiseanna san oideachas ollscoile a chur chun cinn. Thug sí fianaise do choimisiúin Robertson (1902) agus Fry (1906) ar oideachas ollscoile na hÉireann, ag argóint go rathúil ar son comhoideachais iomlán ag COBÁC.

Nuair a bunaíodh Ollscoil na hÉireann i 1909 ceapadh Úna ina Léachtóir le Nua-Ghaeilge. I 1911 foilsíodh an t-aon saothar amháin léinn dá cuid, 'Filidheacht Sheagháin Uí Neachtain', ina bhfuil eagar curtha aici ar dhosaen dán. I 1932 ceapadh í ina hollamh le Filíocht na Nua-Ghaeilge i gcomharbacht ar an gCraoibhín. An Craoibhín a scríobh an réamhrá i gcnuasach dá dánta 'Áille an Domhain' a foilsíodh i 1927.

I 1921 d’fhoilsigh Cló an Talbóidigh cnuasach dá véarsaí Béarla, Out of the Depths.

Nuair a chuaigh Dubhghlas de hÍde ar scor i 1932, ceapadh í ina ollamh le Nua-Ghaeilge, agus d'fhan sí sa phost sin go dtí gur scoir sí i 1947.

Conradh na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith an tsamhraidh 1898, nuair a chríochnaigh Ní Fhaircheallaigh a dara bliain staidéir i gColáiste Naomh Muire, shocraigh Eoin Mac Néill di cuairt a thabhairt ar Inis Meáin, chun a Gaeilge a fheabhsú. Thar na cúig samhraí eile a chaith sí ar Inis Meáin, bhain sí líofacht amach sa Ghaeilge agus i mí Lúnasa 1899 bhunaigh sí ‘Craobh na mBan’ de Chonradh na Gaeilge, bliain tar éis do Chraobh na bhFear den Chonartha a bheith ar bun in Inis Mór agus Inis Meáin. Chuir an chraobh seo an chéad gníomhaíochtaí fóillíochta ar fáil do mhná an oileáin.

Nuair a d’fhill sí ó Oileáin Árann i bhfómhar na bliana 1898, chláraigh sí leis an Chraobh Lárnach de Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ba ghearr go raibh sí ina ball dá Choiste Gnó agus den bhall ban ba mhó tionchar sa Chonradh go dtí 1915. Le linn a luath rannpháirtíocht sa Chonradh chuir Ní Fhaircheallaigh a 'clár oibre na mban' chun cinn i measc a chomhghleacaithe fireannaha mór le rá. Más rud ar bith é, chuir sé seo leis an tóir a bhí uirthi, rud a léiríodh nuair afuair sí an vóta is airde sna toghachán i 1903 agus 1904. Bhí sí ar cheann de na gníomhaígh teanga ba ghníomhaí agus is dúthrachtaí ag an am seo.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “NÍ FHAIRCHEALLAIGH, Úna (1874–1951) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Ríona Nic Congáil, "Fiction, Amusement, Instruction": The Irish Fireside Club and the Educational Ideology of the Gaelic League, Éire-Ireland – Volume 44:1&2, Earrach/Samhradh / Spring/Summer 2009, pp. 91–117
  3. TIMOTHY G. MCMAHON, 'All Creeds and All Classes?? Just Who Made Up the Gaelic League?' Eire-Ireland 37 no3/4 118–68 Fall/Wint 2002