Elizabeth O'Farrell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Elizabeth O'Farrell
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Samhain 5, 1884
Náisiúntacht Poblacht na hÉireann
Bás Bré, Meitheamh 25, 1957
Áit imtheorannaithe Reilig Ghlas Naíon
Gairm
Gairm Altra, cnáimhseachas, gníomhaí agus gníomhaí polaitiúil

B'altra, poblachtach agus ball de Chumann na mBan Éireannach í Elizabeth O Farrell (5 Samhain 1884 – 25 Meitheamh 1957).

Saol a hóige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Elizabeth O'Farrell ar 5 Samhain 1884 i mBaile Átha Cliath, iníon Christopher O'Farrell, a bhí ag obair i gclódóirí Armstrong agus Margaret Kenneah, a bhí ina coimeádaí tí. Bhí sí oilte ag Siúracha na Trócaire. Fuair a hathair bás nuair a bhí sí óg agus cuireadh ag obair í. Ghlac sí post i siopa Armstrong - clódóirí a bhí suite ar Sráid Amiens. Bhí siopa beag ag a máthair ar Ché Cathrach Átha Cliath.

Bhí sí ina ball den gCroí ró-Naofa agus cuallachtaí Staonadh Iomlán (Total Abistinence sodalities i mBéarla). I ndiaidh a hoideachas bhí sí ina cnáimhseach agus thosaigh sí ag obair san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais ar shráid Holles tar éis a bheith páirteach in Éirí Amach na Cásca 1916. Bhí sí ina ball d'Inghinidhe na hÉireann agus d'éirigh léi a bheith líofa sa Ghaeilge. Sa bhliain 1906 glac sí páirt i gCumann na mBan in éineacht le seanchara di Julia Grenan. Ansin ghlac sí ballraíocht le Chumann na mBan - craobh ban d'Óglaidh na hÉireann - nuair a bunaíodh é i 1914.

Éirí Amach na Cásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oibrigh O'Farrell mar riarthóir teachtaireachta roimh agus le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireadh go dtí Baile Átha an Rí í chun teachtaireacht a sheoladh ar Luan na Cásca. Nuair ar fhill sí, chuaigh sí agus a seanchara agus comh-altra, Julia Grenan, go dtí Ard-Oifig an Phoist. Cuireadh ar fud sráideanna dáinséaracha Átha Cliath iad i rith na seachtaine le teachtaireachtaí, bia agus lón lámhaigh i bhfolach ina gcuid sciortaí fada go dtí stáisiúin airm ag Boland's Mill, Powers' Distillery, Jacobs' Factory, Faiche Stiabhna agus na Ceithre Cúirteanna. Le Grenan, thug sí aire do na daoine a gortaíodh, James Connolly san áireamh. Bogadh mná agus an lucht gortaithe ó Ard-Oifig an Phoist ar Aoine na Cásca, ach d'fhan O'Farrell, Grenan agus Winifred Carney leis an chuid eile de na saighdiúirí, a bhfuair sólás i dteach béal dorais ar Shráid an Mhúraigh.

Géilleadh Mac Piarais, buataisí O'Farrell le feiceáil

Ar an Sathairn, roghnaigh Pádraig Mac Piarais Elizabeth O'Farrell chun téarmaí géillte a fháil ón mBriogáidire-Ghinearál Lowe. Ag 12.45 i.n. tugadh suaitheantais Croise Dearg agus brat bán di agus iarradh uirthi an géilleadh a thabhait do mhíleata na Breataine. Chuaigh sí go dtí Sráid an Mhúraigh le linn lámhach trom, rud a laghdú nuair a aithnigh siad an brat bán. Tógadh chun an Briogáidire-Ghinearál William Lowe í agus sheol sé ar ais go dtí Mac Piarais í ag uimhir 16 Sráid an Mhúraigh leis an éileamh le haghaidh géilleadh neamhchoinníollach a thabhairt. Ghlac Mac Piarais leis, agus chuaigh sé in éineacht le O' Farrell, chun an géilleadh a thabhairt do Ghinearál Lowe.[1] Tá cáil ar ghrianghraf a léiríonn Mac Piarais os comhair General Lowe ag barr Shráid an Mhúraigh. Díreach sular tógadh an grianghraf, thóg O'Farrell coiscéim ar ais. Tá a cuid cosa le feiceáil in aice le Mac Piarais sa bhunghrianghraf. Foilsíodh an grianghraf 10 lá ina dhiaidh sin sa nuachtán Daily Sketch.[2] I bhfoilseacháin eile rinneadh aerscuabadh ar an grianghraf ionas nach bhfuil a cuid cosa le feiceáil.[3] Mar thoradh, deir roinnt tráchtairí nua-aimseartha go "rinneadh aerscuabadh ó stair di".[4] Go deimhin, rinneadh cur síos cruinn ar an ról a bhí ag O'Farrell san géilleadh i leabhair a fhoilsíodh i rith an 20ú haois, mar shampla The Irish Republic (1937) le Dorothy Macardle, The Easter Rebellion (1963) le Max Caulfield agus The Easter Rising (1999) le Foy agus Barton.[5][6][7]

Iarmhairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcomhlacht sagart agus trí saighdiúirí, thóg O'Farrell an t-ordú géillte, sínithe ag Mac Piarais, go dtí aonaid na oibrithe deonacha agus arm cathartha ag na Ceithre Cúirteanna, Coláiste na Máinlianna, Boland's Mill agus Jacob's factory. Thug Lowe geall di nach mbeadh sí mar phríosúnach tar éis na horduithe sin a sheoladh.[1]

A saol tar éis An Éirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith O'Farrell an chuid eile dá saol ag obair mar bhean chabhartha agus altra san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais i mBaile Átha Cliath. Fuair Elizabeth bás ar 25 Meitheamh 1957[8] fad is a bhí sí ar saoire i dteach Fatima i mBré, Co. Chill Mhantáin agus tá sí curtha i Reilig Ghlas Naíon in aice le Julia Grenan sa phlota poblachtach.

Comórthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneacháin ag Páirc Elizabeth O'Farrell, Baile Átha Cliath

I ndiaidh a bás, bunaíodh an Nurse Elizabeth O'Farrell Foundation sa bhliain 1967 chun tacaíocht a thabhairt do mhic léinn iarchéime altranais. Nochtadh plaic cuimhneacháin in ómós di in Ospidéal Sráid Holles chomh maith, áit a bhfuair sí oiliúnt mar bhean chabhartha ó 1920 go 1921.[9] Gach bliain, bronann an t-ospidéal an gradaim comórtha 'Elizabeth O 'Farrell' ar mac léinn a rinne sárobair acadúla ina gcuid scrúduithe deireanacha le haghaidh cáilíocht mar cnáimhseach.[9]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • O'Farrell, Elizabeth, 'Events of Easter Week', The Catholic Bulletin 1917.
  • O'Farrell, Elizabeth & Grenan, Julia, 1972, Memorial Card, Kilmainham Collection (KGC).

Bunfhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Doherty, Shuna,[10]
  • Henderson, Fr Enna, Cistercian Abbey Roscrea, Testimony, 1997, Kilmainham Gaol Collection (KGC)
  • Agallamh le Tove O'Flanagan agus Jill Andrews ón Ospidéal Náisiúnta Máithreachais i 2003.

Foinsí tánaisteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • McCoole, Sinead, No Ordinary Women: Irish Female Activists in the Revolutionary Years 1900–1923 (Dublin 2003).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press". dib.cambridge.org. Dáta rochtana: 2019-02-18.
  2. Stair na hÉireann (2016-06-25). "1957 – Death of Elizabeth O’Farrell, a nurse and member of Cumann na mBan, best known for delivering the surrender in the Easter Rising of 1916." (en-GB). Stair na hÉireann/History of Ireland. Dáta rochtana: 2019-02-18.
  3. https://www.dublininquirer.com/contributors/louisa-mcgrath.+"It's Time to Acknowledge the Lesbians Who Fought in the Easter Rising (with Podcast)". Dublin Inquirer. Dáta rochtana: 2019-02-18.
  4. "Elizabeth O'Farrell: The woman airbrushed from history" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-02-18.
  5. "The Irish Republic" (1968): 164-5. Corgi Books. 
  6. "The Easter Rebellion" (1963): 274-281. Holt, Rinehart and Winston. Retrieved on 2 March 2018. 
  7. "The Easter Rising" (2004): 236-40. Stroud: Sutton Publishing. Retrieved on 2 March 2018. 
  8. An Phríomh-Oifig Staidrimh. (n.d.) Elizabeth O ' Farrell. Daonáireamh agus Mná ar an Éirí amach. Éirinn. CSO. Aisghabháil 21 Samhain 2016
  9. 9.0 9.1 Brosnan, M. (n.d.) Elizabeth O ' Farrell, An Náisiúnta Máithreachais Ospidéal. Aisghabháil 2 Feabhra 2018.
  10. 'Elizabeth O Farrell agus na Mná de 1906', Neamhfhoilsithe MA tráchtas faoi bhráid Leabharlann Náisiúnta Na Héireann (LNÉ 1995)