Altra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmAltra
Cineál fostaíochta
nursing professional (en) Aistrigh
Réimse oibre
altranas

Tugtar altra (banaltra an fhoirm bhaineannach) ar chleachtaitheoir a thugann aire do othair agus ar féidir leis nó léi scrúdú teoranta a dhéanamh.

I measc na rudaí a dhéanann sé nó sí tá piollaí a thabhairt don othar agus insteallaithe uaireanta, cuidiú le lia ag obráid, aire othar roimh agus i ndiaidh obráide, agus mórchuid den aire ghinearálta a thugtar d'othair san ospidéil.

Tá altraí ann freisin, a dhéanann a gcuid oibre i dtithe altranais, a chuirtear ar bun do dhaoine nach féidir leo ach an-bheagán aire a thabhairt dóibh féin, nó a dhéanann freastal ar othair ina mbaile féin.

In Éirinn, tógann sé trí nó ceithre bliana cáiliú mar altra. Déanann mic léinn áirithe traenáil mar altraí meabhairghalair.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]