Captaen (sacair)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ball foirne é captaen na foirne ar fhoireann sacair comhlachais, ar a dtugtar an scipéir[1] uaireanta, a roghnaítear le bheith mar cheannaire ar an bpáirc den bhfoireann. is minic go bhfuil siad ar cheann de na baill níos sine/nó níos mó taithí sa scuad, nó imreoir atá in ann tionchar mór a imirt ar chluiche nó a bhfuil cáilíochtaí maithe ceannaireachta aige. Is gnách go n-aithnítear captaen na foirne trí chaitheamh banda múinchille[2].

Banna captaein ar a bhfuil mana FIFA “My game is fair play” (“Is é cothrom na Féinne mo chluiche”)

Freagrachtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an t-aon fhreagracht oifigiúil atá ar chaptaen a shonraíonn Dlíthe an Chluiche ná páirt a ghlacadh i gcaitheamh na mona roimh an túschic (chun foircinn a roghnú nó a tog an cead tús) agus sula ndéanfar cic pionóis a ghearradh amach. Is féidir le captaein labhairt leis an réiteoir ar an bpáirc le linn an chluiche, ach ní féidir leo agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh réiteora[3][4].

Ag searmanas bronnta duaiseanna tar éis cluiche cosúil le cluiche ceannais comórtais cupáin, is gnách go dtugann an captaen an fhoireann suas chun a mbonn a bhailiú. Gheobhaidh an captaen aon trófaí a bhuaigh foireann agus beidh sé ar an gcéad duine a thógfaidh é. De ghnáth bíonn an captaen i gceannas ar na foirne as an seomra feistis ag tús an chluiche. Cuirtear de chúram ar chaptaen an seomra feistis a reáchtáil freisin. Meastar go gcabhróidh an captaen le meanma na foirne a threisiú agus gníomhú mar daoine slógaidh.

Captaein Sheffield Wednesday agus Juventus ag caitheann páirt sa caith bonn roimh a gcluiche i gcupán Angla-Iodálach 1970.

Féadfaidh captaein cuidiú leis an mbainisteoir cinneadh a dhéanamh maidir leis an aon cheann déag tosaigh do chluiche áirithe. Sa pheil óige nó áineasa, is minic a ghlacann an captaen dualgais, a dhéanfaí, ar leibhéal níos airde, a tharmligean chuig an mbainisteoir.

Club[cuir in eagar | athraigh foinse]

Priomh-Captaen[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth ceaptar captaen club ar feadh séasúr. Mura bhfuil siad ar fáil nó mura roghnaítear iad le haghaidh cluiche áirithe, nó má chaithfidh siad an pháirc a fhágáil, glacfaidh leaschaptaen an chlub dualgais den chineál céanna.

Is é captaen an chluiche an chéad imreoir a tóg trófaí suas má bhuaigh an fhoireann ceann, fiú mura captaen an chlub iad. Sampla maith de seo ba ea Cluiche Ceannais Sraith na Seaimpíní UEFA i 1999 nuair a d’ardaigh captaen an chluiche Peter Schmeichel an trófaí do Manchester United mar cuireadh captaen an chlub Roy Keane ar fionraí[5][6]. I gCluiche Ceannais Sraith na Seaimpíní UEFA 2012, d’ardaigh captaen an chluiche Frank Lampard (a bhí ina leaschaptaen) an trófaí do Chelsea le captaen an chlub John Terry[7], a cuireadh ar fionraí, ach a thug UEFA cead dó[8].

Real Madrid, le captaen Sergio Ramos ag tógeann suas an córn tar éis ag bua an Champion's league 2018

Féadfaidh club dhá ról ar leith a cheapadh: captaen club chun ionadaíocht a dhéanamh do na himreoirí i ról caidrimh phoiblí, agus comhfhreagraí ar an bpáirc. Bhí an dá chineál captaen seo ag Manchester United: ba é Roy Keane captaen an chlub ar an bpáirc agus uaidh ó 1997 go 2005 mar bhí sé baill rialtá san aon déag tosaigh, ach bhí a chomharba Gary Neville ina chaptaen club ainmniúil ó 2005 go 2010 ach is beag láithriú a rinne sé ar an chéad fhoireann de bharr gortuithe. Ina éagmais roghnaíodh imreoirí eile (Rio Ferdinand nó an leaschaptaen Ryan Giggs) mar chaptaen ar an bhfoireann ar an bpáirc, mar shampla sa bhliain 2008 (bhí Ferdinand mar chaptaen mar a bhí sé san aon déag tosaigh, agus Giggs ina ionadaí) agus 2009 Cluichí Ceannais Sraith Seaimpíní UEFA, faoi seach. Tar éis do Neville dul ar scor i 2011, ainmníodh an tosaitheoir rialta Nemanja Vidić mar chaptaen an chlub.

Leas-Captaen[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is imreoir é leaschaptaen (nó captaen cúnta) a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé mar chaptaen den foireann nuair nach gcuirtear captaen an chlub san áireamh san aon cheann déag tosaigh, nó más rud é, le linn cluiche, go gcuirtear an captaen in ionad nó go gcuirtear as dó. I measc na samplaí tá Marcelo ag Real Madrid, Sergio Busquets ag Barcelona, Thomas Müller ag Bayern München, Presnel Kimpembe ag Paris Saint-Germain, Jorginho ag Chelsea, Héctor Bellerín ag Arsenal, Leonardo Bonucci ag Juventus, Kevin de Bruyne ag Manchester City, Harry Kane ag Tottenham Hotspur agus Mats Hummels ag Borussia Dortmund.

Ar an gcaoi chéanna, ainmníonn roinnt clubanna 3ú captaen, 4ú captaen, nó fiú 5ú captaen chun ról captaen a ghlacadh nuair nach bhfuil an captaen agus an leaschaptaen araon ar fáil[9][10]. I measc na samplaí tá Robert Lewandowski mar 3ú captaen do Bayern München, Keylor Navas mar 3ú captaen do Paris Saint-Germain, Karim Benzema mar 3ú captaen agus Raphaël Varane mar 4ú captaen do Real Madrid, Gerard Piqué mar 3ú captaen agus Sergi Roberto mar 4ú captaen do Barcelona, Virgil van Dijk mar 3ú captaen agus Georginio Wijnaldum mar 4ú captaen do Learpholl[11], agus Thiago Silva mar 3ú captaen, N’golo Kante mar 4ú captaen, agus Mason Mount mar 5ú captaen do Chelsea.

Idirnasíunta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lionel Messí, captain Argintin, sa Corn an Domhain FIFA 2018

I gCorn Domhanda FIFA 1986, nuair a gortaíodh Bryan Robson agus nuair a fuair an leaschaptaen Ray Wilkins fionraí dhá chluiche ar chárta dearg, tháinig Peter Shilton mar chaptaen Shasana don chuid eile den chomórtas. Le linn Chorn Domhanda FIFA 2010 san Afraic Theas, bhí triúr captaen sa Ghearmáin. Bhí Michael Ballack mar chaptaen ar an bhfoireann náisiúnta ó 2004, lena n-áirítear na cáilitheoirí rathúla do Chorn an Domhain 2010, ach níor imir sé sa chomórtas deireanach mar gheall ar ghortú nóiméad deireanach. Ceapadh Philipp Lahm mar chaptaen san Afraic Theas, ach mar gheall ar bhreoiteacht a chuir as do deireadh chluiche na Gearmáine é, bhí Bastian Schweinsteiger mar chaptaen ar an bhfoireann don chluiche sin a bhí sa chluiche sa tríú háit. Dúirt Lahm in agallamh go bhfanfadh sé mar chaptaen nuair a d’fhill Ballack, ag cruthú conspóide éigin, agus mar sin shoiléirigh bainisteoir na foirne Oliver Bierhoff an scéal ag rá "Is é Philipp Lahm captaen Chorn an Domhain agus is é Michael Ballack an captaen fós"[12][13]. D’fhan Lahm mar chaptaen go dtí go ndeachaigh sé ar scor, mar níor glaodh Ballack ar an bhfoireann náisiúnta riamh arís.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "What does a soccer captain do? Role, responsibilities & best-ever icons of the game | Goal.com". www.goal.com. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  2. "Captain". web.archive.org (2017-12-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-01. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  3. The Football Association. "The website for the English football association, the Emirates FA Cup and the England football team" (en). www.thefa.com. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  4. The Football Association. "The website for the English football association, the Emirates FA Cup and the England football team" (en). www.thefa.com. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  5. "Suspended Terry can lift trophy" (en-GB). BBC Sport. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  6. UEFA.com (2010-03-29). "Schmeichel recalls 1999 marvel" (en). UEFA.com. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  7. Matt Debono. "Frank Lampard defends John Terry wearing full kit after Champions League triumph" (en). Sports Illustrated Chelsea FC News, Analysis and More. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  8. "Suspended Terry can lift trophy" (en-GB). BBC Sport. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  9. "Smalling made Man United's third captain" (en). ESPN.com (2015-08-30). Dáta rochtana: 2021-02-19.
  10. "Super Eagles boss wants his players to perform without Mikel" (en-US). Pulse Nigeria (2018-03-23). Dáta rochtana: 2021-02-19.
  11. "Klopp explains players' vote for captaincy roles". Liverpool FC. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  12. DER SPIEGEL. "Fight for the Captaincy: A Power Struggle on the German National Team?" (en). www.spiegel.de. Dáta rochtana: 2021-02-19.
  13. DER SPIEGEL. "The World from Berlin: The Team Is 'Winning Hearts Beyond Germany's Borders'" (en). www.spiegel.de. Dáta rochtana: 2021-02-19.