An Páirtí Náisiúnta
| Mana | Ar dheis ar aghaidh! | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Sonraí | |||||
| Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | pobalachas ar an eite dheas coimeádachas sóisialta Éire Aontaithe frith-imirce economic nationalism (en) Náisiúnachas in Éirinn Eoraisceipteach gluaiseacht frith-ghinmhillte | ||||
| Ailíniú polaitíochta | an eite fhíordheis | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 16 Samhain 2016 | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Uachtaránacht | Pádraig Ó Caoindealbháin (2025–) | ||||
| Dáil Éireann | 0 / 174 | ||||
| Seanad Éireann | 0 / 60 | ||||
| Parlaimint na hEorpa | |||||
| Eile | |||||
| Dath | | ||||
| Suíomh gréasáin | nationalparty.ie | ||||
Is páirtí Éireannach ar dheis ar fad é An Páirtí Náisiúnta. Bunaíodh an Páirtí Náisiúnta sa bhliain 2016 agus ó mhí Iúil 2024 tá comhairleoir amháin acu ar Chomhairle Contae Fhine Gall. Is é Pádraig Ó Caoindealbháin an comhairleoir sin agus is é uachtarán an Pháirtí ó 2025.[1][2][3] Is é Gearóid Mac Conshamha as Conate na Gaillimhe Leas-Uachtarán an Pháirtí ó ceapadh é in 2026.[4] Is é an Páirtí Náisiúnta an páirtí polaitíochta is mó ar an eite fhíordheis.[5]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an Páirtí Náisiúnta i mí na Samhna, 2016 le Justin Barrett mar uachtarán agus Séamus Mac Raghnaill mar leas-uachtarán. Bhí seoladh eagraithe sa Merrion Hotel, ach chealaigh an t-óstán é mar gheall ar "imní shábháilteachta."[6]
Is as Tiobraid Árainn é Justin Barrett, atá baint aige ó chianaibh le gluaiseachtaí ar son na beatha agus i gcoinne na hinimirce. Ba bhall suntasach é de Youth Defence agus bhí sé páirteach i bhfeachtas in aghaidh Chonradh Nice.
Is as an Longfort é Seamus Mac Raghnaill, agus bhí sé ina chathaoirleach ar Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus ina chisteoir náisiúnta ag an Irish Cattle and Sheep Farmers' Association.[7] Bhí sé ceangailte le Libertas agus an feachtas in aghaidh an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht i 2012.[8][9]
Reáchtáil an páirtí a chéad Ard Fheis i mí na Samhna, 2017, sa Trump International Hotel, i nDún Beag i gContae an Chláir. Bhí timpeall le caoga i láthair. Bhí achrann ann nuair a mhaslaigh Seamus Mac Raghnaill daoine aeracha. Chosain Barrett an ráiteas, agus shiúil an aoi-chainteoir John Wilson amach agus fiúnach air.[10]
Reifrinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá páirt glactha ag an pháirtí i bhfeachtais i dtaobh chuid mhaith reifrinn. Bhí sé mar chuid den fheachtas Abortion Never in 2018 chun seasamh i gcoinne Aisghairm an Ochtú Leasaithe a lig don Oireachtas reachtú i dtaobh na ginmhillte.[11] Dar le Abortion Never, ba "feachtas náisiúnach Éireannach in aghaidh na ginmhillte" é. Le linn sheoladh an fheachtais, dúirt Barrett, dá nglacfaí leis an reifreann, go leanfadh eotanáis na n-aosta ar a shála; "Ní thósnaíonn sé leis an ghinmhilleadh agus ní stopann sé leis. Is é an eotanáis an ceann scríbe, agus tá plean acu cheana féin. Feictear é á phlé sna nuachtáin uaireanta, 'Cad é atá le déanamh faoi ghéarchéim na bpinsean?'" I rith an eachtra chéanna, mhol sé don fheachtas ar son na beatha a bheith "chomh deighilteach agus ab fhéidir."[12]
Thacaigh an páirtí le vóta in aghaidh na reifreann ar an teaghlach agus ar chúramóirí in 2024, toisc gur chreid sé go mbainfeadh na reifrinn an áit lárnach a thugtar do theaghlaigh na hÉireann sa Bhunreacht.
Agóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn na Pandéime COVID-19, ghlac baill an Pháirtí Náisiúnta páirt in go leor agóidí in aghaidh na mascanna agus in aghaidh na dianghlasála. I mí Dheireadh Fómhair 2020 agus i mí Feabhra 2021, bhí bruíonta anordúla ag cuid de na hagóidí a chur an páirtí chun cinn agus a raibh lucht an pháirtí i láthair iontu. [13]

I mí Iúil 2020, d'eagraigh an páirtí agóid in aghaidh an Aire Leanaí, Roderic O'Gorman, a bhí báúil le péidifiligh, dar leo. Le linn na hagóide sin, d'iompaigh baill an Pháirtí meirge agus comharthaí a raibh sealán tarraingthe orthu. [14]
Ag agóid in aghaidh mascanna ar 12 Meán Fómhair 2020, d'ionsaigh ball den Pháirtí, Michael Quinn, an gníomhaí LADT Izzy Kamikaze le clár adhmaid fillte i mbrat na hÉireann, agus í ag breathnú ar an agóid. I mí Iúil 2021 phléadáil Quinn ciontach d'ionsaí le harm de réir Roinne 11 den Acht um Airm Thine agus Ionsaitheacha, 1990. Níl faic ráite ag lucht ceannais an Pháirtí ar an ionsaí ná ar an chiontú. I ndiaidh an ionsaithe, dúirt cuntais de chuid na heite deise ar líne gur ghonta bréagacha a bhí iontu.[15]
D'fheictí lucht an Pháirtí go minic ag agóidí in aghaidh na hinimirce idir 2022-2023 ar fud fad na hÉireann.[16] Bhí baill an Pháirtí i measc na ndaoine a d'fhreastal ar argóid i gcoinne an rialtais os comhair Theach Laighin i mí Mhéan Fómhair 2023.[17] Bíonn an Páirtí go mór chun tosaigh in agóidí agus bíonn imshuí sráide á stiúradh acu in aghaidh bhusanna teifeach.[18]
Rinne an Páirtí cur síos ar an chíréib i mBaile Átha Cliath i mí Shamhna, 2023, i ndiaidh d'ionsaí scéine a dhéanamh ag inimirceach, mar "rabharta feirge fhíréanta" a bhí "nádúrtha" agus "spontáineach." Dúirt fear labhartha an Pháirtí: "Cé nach réitíonn an Páirtí le haon iompar mídhleathach, ba racht paiseanta mar fhreagra ar éagóir shoiléir iad eachtraí an lae inné... Ligeadh do dhríodar na gcoigríoch teacht go hÉirinn mar gheall ar pholasaí inimirce na dteorann oscailte in Éirinn, agus is minic go dtugtar dídean agus leas dóibh agus muintir na hÉireann ag fulaingt."[19]
Labhair an Comhairleoir Pádraig Ó Caoindealbháin ar son an Pháirtí ag an "Slógadh Náisiúnta" in agaidh na hinimirce i mí Aibreáin 2025, i mBaile Átha Cliath, a eagraíodh le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca. Labhair sé le chéile le Malachy Steenson agus Philip Sutcliffe.[20] Cháin sé "pluais an diabhail i nDáil Éireann" go géar. Lean sé air, "Níl eagla orthu roimh anord ach roimh ár múscailt... maireann an lasair naofa a shoilsigh i gcroíthe na mairtíreach inár measc. Bhain laochra 1916 an bua amach, agus bainfimidine amach é mar an chéanna."[21] Ag agóid i mí Mheithimh 2025, chuir Ó Caoindealbhán i leith an rialtais gurbh iad "feallairí cosúil le hiar-thiarnaí coilíneacha na Breataine."[22]
Ard-Fheis 2022
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn Ard-Fheis bliantúla an Pháirtí ag Ionadh Saoire Loch Éirne, i bhFear Manach, bhris dream de mhíleataigh na heite fíor-chlé, a tháinig i mionbus agus a raibh casúir acu agus a n-aghaidheanna clúdaithe acu, isteach ar an lucht éisteachta.[23][24][25] Bhain duine den ghrúpa frith-fhaisisteach úsáid as múchtóir dóiteáin chomh maith.[24] Tugadh aire do bheirt ghonta ag an láthair agus rugadh ceathrar eile go dtí an t-oispidéal tar éis na heachtra.[26] Cuireadh agóidí amháin as Baile Átha Cliath darb ainm Daniel Comerford faoi ghlas,[27] agus cuireadh ina leith go raibh casúr aige mar arm ionsaitheach, go ndearna sé damáiste coiriúil do dhoras gloine, agus go rinne sé iarracht dochar corpartha agus racán a dhéanamh.[28]
Lean ard-fheis an Pháirtí ar aghaidh díreach i ndiaidh an chlampair. Cháin an leas-uachtarán, Séamus Mac Raghnaill, an ionsaí le linn a óráide, agus thug sé "coirpigh dhearga chumannacha" ar lucht an ionsaithe.[29] Sa ráiteas a leanas, mhaígh an Páirtí: "Dar le lucht na heite fíor-chlé, tá lán-chead acu bascadh a thabhairt do dhaoine... Cén fáth? Mar go dtugann an earnáil ENR agus córas na meán cead mórálta dóibh. Is iad seo an dream céanna a bhíonn reachtaíocht "fhuathchainte" á héileamh acu chun córas dlí an dá shraith a chruthú ina mbeidh an lámh in uachtar acu féin."[30]
Sáraíocht cheannaireachta 2023-2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndeireadh mhí Iúil, mhaígh Barrett go poiblí ar na meáin shóisialta go raibh "cúlchiste óir" de chuid an Pháirtí, a cuireadh luach €400,000 air, "sciobtha amach as taisce" ag cuid de bhaill an Pháirtí, an leas-uachtarán Séamus Mac Raghnaill ina measc.[31] Cuireadh tuairisc chuig an Garda Síochána maidir leis an ghnó, ach níor thosaigh na Gardaí ar fhiosrúchán coiriúil mar go raibh siad ag iarraidh seilbh an óir de réir dlí a chur ó amhras.[32] Tuairiscíodh go raibh suíomh an óir aimsithe ag na Gardaí. Dúirt foinse sna Gardaí gur "sáraíocht taobh istigh den Pháirtí" a bhí i gceist agus go mba cheart an scéal a réiteach sna cúirteanna sibhialta.[33] Dúirt Barrett go raibh an t-ór "ina phríomhchuid de chúlchiste an Pháirtí i gcás taisme ginearálta nó cliseadh de luach airgid fiat." Mhaígh sé gur chuir sé Mac Raghnaill agus na baill eile amach as an Pháirtí.[31] Níos déanaí, thuairiscigh an Irish Times nach raibh ach "fíor-bheagán" den ór i seilbh an Pháirtí, agus gur le "baill shinsearacha an Pháirtí" an chuid eile de.[34][35]
D'eisigh an Páirtí Náisiúnta ráiteas ar an 31ú Iúil 2023 ar a chuntais oifigiúla ar na meáin shóisialta, ina ndúradh gur scaoileadh Barrett de cheannaireacht an Pháirtí i lár mhí Iúil, sular "maíodh gur baineadh thart ar €400,000 de bharraí óir de thaisce an Pháirtí."[36] Fuair an Coimisiún Toghcháin iarratas ón Pháirtí chun ainm Barrett a bhaint de chlár na bpáirtithe polaitíochta agus chun seoladh cheanncheathrú an Pháirtí a athrú deich lá sular chuaigh Barrett i dteagmháil leis an Choimisiún Toghcháin.[37] Dúirt ráiteas an Pháirtí an an 31ú Iúil gur scaoileadh Barrett "mar gheall ar easpa ollmhór muiníne ó bhaill ghníomhacha an Pháirtí i gcumas an Uasail Barrett an Páirtí a stiúradh as seo amach" agus gur toghadh Mac Raghnaill ina cheannaire. Lochtaíodh "modh ceannaireachta neamhchúramach" Barrett a "ligeadh don Pháirtí dul in olcas." Shéan Barrett gur scaoileadh de cheannaireacht an Pháirtí é agus dúirt sé gur ráiteas "seafóideach" a bhí ann agus locht á chur aige ar "cosaint phasfhocail na meán sóisialta" de chuid an dreama a chuir amach é. Ina theannta sin, dúirt sé go raibh sé curtha amach ag duine "nár léigh bunreacht an Pháirtí Náisiúnta riamh nó... níl a fhios aige go bhfuil sé cláraithe leis an Choimisiún Toghcháin agus mar sin tá feidhm an dlí ann" agus gurbh é "Uachtarán an Pháirtí Náisiúnta de réir dlí" go fóill."[36][38]
In agallamh leis an Sunday Independent i mí Mheán Fómhair 2023, dúirt Mac Raghnaill nach raibh i Barrett ach "iar-cheannaire suarach" agus "geall caillteach."[39] Chuir an Páirtí i leith Barret gur bhain sé "úsáid shantach as ciste an Pháirtí ar mhaithe leis féin" agus é ina cheannaire, mar shampla nuair a chaith sé €13,000 ar ghluaisteán dó féin.[40] I dtuairisc de chuid an Irish Times dúradh gur "d'éirigh ceisteanna ar a cheannaireacht" i measc bhaill an Pháirtí i ndiaidh dó athrá as Mein Kampf a phóstáil agus Philip Dwyer a chur amach as an Pháirtí, agus gur "léir gur thréig an chuid is mó de lucht tacíochta an Pháirtí é" agus "nach bhfuil ach dorn beag de bhaill an Pháirtí, a bhean chéile ina measc, ag seasamh leis."[34][33]
Ó scar an Páirtí le Barrett, lean sé ar chruinnithe a eagrú, chomh maith le cruinniú cinn bliana ar an 16ú Nollaig 2023 i bPort Laoise. Toghadh naonúr ball le "bord stiúrtha náisiúnta" an Pháirtí le linn an chruinnithe seo.[37] Ar an 28ú Eanáir 2024, rinneadh atheagrú ar an bhord stiúrtha náisiúnta mar an Ard-Chomhairle agus toghadh Séamus Mac Raghnaill ina cheannaire agus Pádraig Ó Caoindealbháin ina leas-cheannaire. D'fhógair an Páirtí go raibh sé de rún aige dhul san iomaíocht sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha 2024 i mí Iúil 2024.[41]
I mí Aibreáin 2024, chuir Barrett eagraíocht nua ar bun darbh ainm "Clann Éireann," ach dhearbhaigh sé nár pháirtí polaitíochta a bhí ann, agus nár ghéill sé ceannaireacht an Pháirtí Náisiúnta do Mhac Raghnaill.[42] Bhain sé úsáid as an eagraíocht nua chun an Páirtí a cháineadh, agus chun fad a chur leis an sáraíocht.[42]
I mí Aibreáin 2024, bhí ceannaireacht an Pháirtí fós ina húdar sáraíochta agus iarratais in iomaíocht le chéile curtha isteach leis an Choimisiún Toghcháin.[38][43] Chuir an dá ghrúpa iarrthóirí chun tosaigh sna toghcháin Eorpacha i mí Iúil 2024, beirt ag seasamh i dtoghcheantar Átha Cliath agus beirt eile i Lár na Tíre-Iarthuaisceart. Sheas Barrett agus Mac Raghnaill araon sa cheann deireanach a luadh. Toghadh comhairleoir amháin, Pádraig Ó Caoindealbháin, chun Chomairle Chontae Fhine Gall sna toghcháin áitiúla.[3]
I mí Mhárta 2025, fuair an Coimisiún Toghcháin iarratas eile chun Clár na bPáirtithe Polaitíochta a athrú, a bhainfeadh Barrett mar oifeagach an Pháirtí agus a d'aisteodh ceanncheathrú an Pháirtí chun seolta i mBaile Átha Cliath 4. Rinne Barrett athcomharc in aghaidh an chinnidh seo, a bhí "á mheas" ag an Choimisiún i mí Mhárta 2025.[44]
I mí Mheán Fómhair 2025, dhiúltaigh an Coimisiún athchomharc Barrett a chuir i gcoinne a bhriseadh as ceannaireacht an Pháirtí i gcruinniú cinn bliana i mí Dheireadh Fómhair 2024.[45] Dhiúltaigh an Comisiún go ndearnadh "coup" in aghaidh Barrett nó go raibh an cruinniú cinn bliana cóirithe roimh ré ina aghaidh agus in aghaidh a lucht tacaíochta.[46] I ndiaidh seo, mhaígh an Páirtí gurbh é Pádraig Ó Caoindealbháin uachtarán an Pháirtí.[47] Athraíodh Clár na bPáirtithe Polaitíochta ar an 24ú Meán Fómhair 2025, agus baineadh Barrett agus Mac Raghnaill de agus cuireadh Ó Caoindealbháin leis.[48]
An Comhaontas Náisiúnta agus Olltoghchán 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh olltoghchán na hÉireann 2024, chuir an Páirtí Náisiúnta le chéile leis the Irish People agus Ireland First an Comhaontas Náisiúnta ar bun. Dúirt an grúpa go raibh sé ina chuspóir acu "prionsabail a thugann tús áite do mhuintir na hÉireann a chur chun cinn, ag seasamh an fhóid go buan sa chath idir an domhandú agus an náisiúnachas."[49] D'fhógair an Comhaontas go mbeadh sé stiúrtha ag ceannaire Ireland First, Derek Blighe, ceannaire the Irish People, Anthony Cahill agus comhairleoir Pádraig Ó Caoindealbháin ón Pháirtí Náisiúnta.[50]
D'fhógair an Páirtí Náisiúnta go mbeadh feachtasóir agus marthanóir Stardust Antoinette Keegan ag seasamh ar son an Pháirtí agus go raibh sí "tiomanta chun dearcadh an Pháirtí ar son na nGael a chur i gcrích."[51] Bíodh sin mar atá, i ndiaidh sin dúirt Keegan go raibh an toghchán agus an Páirtí Náisiúnta á bhfágáil aici agus go raibh a "cuid phrionsabal neamhoiriúnach don Pháirtí Náisiúnta."[52] Chuir an Comhaontas Náisiúnta polasaithe chun cinn a bhí in aghaidh an ghinmhillte, na hinimirce agus drochbheartaíochta corparáidí.[50] Theip air suíochán ar bith a bhaint amach san olltoghchán. I mí Feabhra 2025, mhaígh an Páirtí Náisiúnta go raibh an Comhaontas "marbh," mar gheall ar "éagsúlachtaí idé-eolaíochta polaitíochta nach raibh súil againn leo."[53]
Ceannaireacht Uí Chaoindealbháin, 2025-an lá atá inniu ann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dearbhaíodh ceannaireacht Uí Chaoindealbháin i mí Lúnasa 2025. Toghadh Gearóid Mac Conshamha ina leas-cheannaire i mí Eanáir 2026. Is as Uachtar Ard i gConamara é Mac Conshamha agus bhí sé ina rúnaí ag an Fheachtas um Smacht ar Inimirce sna 2000í.[4]
Idé-eolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur pháirtí i bhfad amach ar an eite dheis é an Páirtí Náisiúnta.[54] Achoimríonn an páirtí a n-idé-eolaíocht ar a suíomh gréasáin:[55]
"Creidimid i muintir na hÉireann, an ceart maireachtála atá againn mar náisiún, ár gceart seilbh a rugadh ar ár dtír dhúchais, agus an ceart atá againn í a chosaint. Is í Éire aontaithe Éireannach saor í mar aidhm againn."
Gníomhachtaí frith-inimirce
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-bhaint ag an pháirtí le aigóidí frith-inimirce in Éirinn.[56][57]
Thug baill den pháirtí tacaíocht do círéibeoirí le linn círéib Bhaile Átha Cliath i 2023, cé gur dúirt ráiteas oifigiúil ón pháirtí, nach molann siad gníomhaíochtaí mídhleathacha.[58]
An feachtas "Abortion Never"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí feachtas ar bun ag an Páirtí in aghaidh an ghinmhillte sna laethanta roimh an Reifreann ar an 8ú leasú ar an mBunreacht. Mhol Barrett, "Ba cheart pionós an bháis a chur ar aon dochtúir a dhéanann ginmhilleadh ar leanbh neamhbheirthe".
Torthaí Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dáil Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Toghchán | Suíocháin | ± | Áit | Vótaí céadrogha | % | Rialtas | Ceannaire |
|---|---|---|---|---|---|---|---|
| 2020 | 0 / 160 |
12ú | 4,773 | 0.2 | Gan suíocháin | Justin Barrett | |
| Fothoghchán 2021 | 0 / 1 | 11ú | 183 | 0.7 | Gan suíocháin | Justin Barrett | |
| 2024 | 0 / 174 |
13ú | 6,334 | 0.3 | Gan suíocháin | Díospóide |
Parlaimint na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Toghchán | Ceannaire | Vótaí céadrogha | % | Suíocháin | +/− | Grúpa Parlaimint Eorpach |
|---|---|---|---|---|---|---|
| 2024 | Díospóide | 12,879 | 0.74 (#14) | 0 / 14 |
Nua | − |
Toghcháin Áitiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Toghchán | Suíocháin | ± | Vótaí céadrogha | % |
|---|---|---|---|---|
| 2024 | 1 / 949 |
4,983 | 0.3% |
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Baile - The National Party" (en-US). The National Party. Dáta rochtana: 2018-11-16.
- ↑ Dr. Matt Treacy (19-09-2025). "Commission accepts National Party properly constituted" (en). https://gript.ie/. Dáta rochtana: 05-02-2026.
- 1 2 Cormac O’Keeffe (2024-06-10). "No 'revolution' but landmark result for four far-right candidates in local elections" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- 1 2 GBFM News (2026-01-27). "Oughterard man elected deputy leader of National Party" (en). GalwayBayFM. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- ↑ Joshua Farrell-Molloy (09-01-2026). "Masculinity and Militant Traditions: The Shaping of a Home-Grown Irish Far-Right". Dáta rochtana: 05-02-2026.
- ↑ "Merrion Hotel cancels launch of anti-immigration political party" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-11-25.
- ↑ Fiona Heavey (2016-11-16). "New right wing political party to launch tomorrow" (en). www.leitrimobserver.ie. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- ↑ "Controversial IFA man takes ICSA position" (en). www.farmersjournal.ie. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- ↑ "Local farmer elected to the helm of ICSA" (en). www.longfordleader.ie (2014-02-13). Dáta rochtana: 2026-02-05.
- ↑ Justine McCarthy (2017-11-26). "National Party walkout over Varadkar gay slur" (en). The Sunday Times. Dáta rochtana: 2018-11-25.
- ↑ Harry McGee. "Yes and No campaigners register as ‘third parties’ with watchdog" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- ↑ Ellen Coyne (2018-03-21). "You’re next if abortion law repealed, far-right tells elderly" (en). www.thetimes.com. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- ↑ Mark Tighe and Joe Galvin (2021-02-28). "Conspiracy fans jubilant over demo ‘success’" (en). www.thetimes.com. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- ↑ Conor Gallagher. "The far right rises: Its growth as a political force in Ireland" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-13.
- ↑ Intern GCN (2021-06-21). "National Party member pleads guilty to the assault on Izzy Kamikaze" (en). GCN. Dáta rochtana: 2026-02-13.
- ↑ Greg Murphy (2023-03-05). "Housing crisis 'giving oxygen' to anti-migrant movement, says Cork TD" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2026-02-13.
- ↑ Jane Matthews and Shane Raymond (2023-09-21). "Who were the protesters at the Dáil and what exactly were they protesting?" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2026-02-13.
- ↑ euconedit (2023-07-25). "Ireland: Alleged €400k Gold Theft From Right-Wing Party Perplexes Police" (en-US). Dáta rochtana: 2026-02-14.
- ↑ contributor (2023-11-24). "Righteous Anger in Dublin and the Need for a Political Solution" (en-US). The National Party. Dáta rochtana: 2026-02-14.
- ↑ Sarah Burns. "Thousands take part in anti-immigration protest in Dublin" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-14.
- ↑ Aris Roussinos. "Ireland's anti-immigration movement is coming for Dublin" (en-GB). UnHerd. Dáta rochtana: 2026-02-14.
- ↑ Bryan Wall (2025-06-23). "Threats and hate at Dublin anti-migrant rally | Searchlight" (en-GB). searchlightmagazine.com. Dáta rochtana: 2026-02-14.
- ↑ "Far right political conference at Lough Erne Resort was disrupted by protestors" (en). Belfast News Letter (2022-11-14). Dáta rochtana: 2026-02-14.
- 1 2 Connla Young, Crime, Security Correspondent (2022-11-15). "Hammer and other weapons used during far-right Lough Erne clash" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2026-02-14.
- ↑ Mark McFadden (14-11-2022). "Lough Erne Resort ups 'due diligence' after protesters disrupt far-right National Party conference". Dáta rochtana: 14-02-2026.
- ↑ "Lough Erne Resort: 'Anti-fascist' protesters disrupted conference" (en-GB) (2022-11-14). Dáta rochtana: 2026-02-14.
- ↑ Conor Coyle (2022-11-15). "Lough Erne Resort 'altercation' accused appears in court" (en). Belfast Live. Dáta rochtana: 2026-02-18.
- ↑ "Lough Erne Resort: Man charged over political conference incident" (en-GB) (2022-11-15). Dáta rochtana: 2026-02-18.
- ↑ Brett Campbell (14-11-2022). "How the Irish National Party reacted after altercation at Fermanagh conference". Dáta rochtana: 19-02-2026.
- ↑ "Far right political conference at Lough Erne Resort was disrupted by protestors" (en). Belfast News Letter (2022-11-14). Dáta rochtana: 2026-02-19.
- 1 2 Jennifer Bray. "Gardaí recover gold valued at €400,000 after National Party complaint" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ Paul Reynolds (2023-07-24). "National Party's gold bars in secure location - gardaí" (as en).
- 1 2 Conor Gallagher. "The mystery of the far-right National Party’s €400,000 gold: where could it have come from?" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- 1 2 Jennifer BrayConor Gallagher. "Sipo pledges to investigate concerns about National Party gold" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ Rory Carroll, Rory Carroll Ireland correspondent (2023-08-02). "Ireland’s far-right party in crisis amid claims of stolen gold" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- 1 2 Jennifer Bray. "Justin Barrett denies being ousted as National Party leader" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- 1 2 Harry McGee. "Registrar of Political Parties to rule on which faction of the National Party can use its name for elections" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- 1 2 Paul Hosford (2023-07-31). "National Party: Justin Barrett removed as president before movement of gold" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ Date: September 7, 2023-Pillars of Society. "PROFILE: JUSTIN BARRETT" (en-GB). The Phoenix Magazine. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ contributor (2023-09-28). "Why the National Party needed New Leadership - James Reynolds" (en-US). The National Party. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ contributor (2024-01-29). "Important decisions announced by National Party's executive" (en-US). The National Party. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- 1 2 "The Birth of Clann Éireann – Clann Éireann" (en-US). Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ Cormac McQuinn. "Registrar rejects opposing bids to use National Party name in elections" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ "Overheard: U2’s circle of trust in Killiney worries about being overcome by sewage" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ Annmarie Power (2025-09-19). "Appeal Related to The National Party Concluded" (en-US). Electoral Commission. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ Seán McCárthaigh (19-09-2025). "Justin Barrett loses appeal against changes to National Party entry on official register". Dáta rochtana: 24-02-2026.[nasc briste go buan]
- ↑ contributor (2025-09-19). "Electoral Commission Confirms Proposed Changes to the Register of Political Parties" (en-US). The National Party. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ An Coimisiún Toghcháin (24-09-2025). "Clár na bPáirtithe Polaitíochta".
- ↑ "The National Alliance – EDMO" (en-US). Dáta rochtana: 2026-02-24.
- 1 2 Órla Ryan (2024-11-27). "Far-right parties form National Alliance in bid to win general election seats" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ Press Association (2024-11-04). "Stardust campaigner Antoinette Keegan to run as National Party candidate in general election" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ Cormac McQuinn. "Stardust campaigner Antoinette Keegan pulls out of general election and distances herself from National Party" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ Conor Gallagher. "Power struggles, resignations and Conor McGregor’s toxicity: The fracturing of Ireland’s far right" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ "Far-right party's launch is cancelled - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2018-11-26.
- ↑ /nationalparty.ie (2018). "As Gaeilge" (ga). The National Party. Dáta rochtana: 2022-02-27.
- ↑ Murphy, Greg (5 March 2023). “Housing crisis 'giving oxygen' to anti-migrant movement, says Cork TD” (en). Dáta rochtana: 21 May 2023.
- ↑ McGreevy, Ronan (4 February 2023). "'We had the National Party here and we told them to bugger off'" (en). Dáta rochtana: 21 May 2023.
- ↑ “A Day of Ire” (en-US) (28 November 2023). Dáta rochtana: 5 December 2023.