Cruicéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportCruicéad
Cineálspórt foirne, cluiche liathróide agus cluiche slacán-agus-liathróid
Cruthú1909
Tír dhúchaisSasana

Is spórt foirne é cruicéad. Bíonn aon imreoir déag ar an bhfoireann.

Don Bradman, 1930

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh ‘Cluiche na nUasal’ ar an gcruicéad ón am ar ceapadh é ar dtús in iardheisceart Shasana timpeall na bliana 1611. Luadh an t-ainm sin leis mar go mba iad an aicme sin ba mhó a chleacht é, ach ba mhian leo siúd a mb’ansa leo é a thabhairt le fios go raibh ionracas ag baint leis nach raibh le cluichí eile.[1]

Bodyline cricket

Ní i gcónaí a bhí sin fíor fiú sa gcomórtas is measúla dá bhfuil ann. Ba iad na Sasanaigh a bhí ceannasach sa gcruicéad go dtáinig aimsir an Chogaidh Mhóir, ach as sin go dtí 1925 níor bhuaigh siad ach ceann amháin de na 15 Teist a imríodh.

Príomhalt: The Ashes

Ach faoin mbliain 1930 ba ag na hAstrálaigh a bhí an t-imreoir ab fhearr ar domhan – Don Bradman. As féin, ba nós le Bradman pé foireann a bhí ag imirt ina choinne a chéasadh. Scóráil sé 974 rith in aghaidh Shasana i Sraith 1930 – curiarracht a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Sa tSraith a lean shocraigh na Sasanaigh seift a tharraingt chucu féin faoina ndíreodh siad caitheamh na liathróide ar fhear an bhata féin, seachas ar an ngeata. D’fhágfadh sin go mbeadh seisean ag díriú air é féin a chosaint agus gan de thriail aige a bheith ar thóir scóranna. ‘Bodyline’ a tugadh air.

Cé gur áitigh siad go diongbháilte nach raibh siad ag sárú aon riail, tharraing a mbeartas clampar, fiú tarraingíodh anuas é i bparlaimintí na dtíortha a bhí i gceist. Níos deireanaí cuireadh athrú ar na rialacha lena leithéid a sheachaint.

Céad bliain dár gcionn meastar ‘Bodyline’ a bheith chomh tábhachtach go bhfuil cláracha teilifíse á ndéanamh fós faoi.[1]

Cluiche cruicéid

Maoiniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gaire cruicéad an lae inniu don chluiche cúirtéiseach, dea-bhéasach a bhí i gceist acu siúd a chéadcheap é, agus tá a rian féin fágtha ar an airgead air.

Cuirfidh sé iontas ort gur i gcruicéad na hIndia atá an pá is gaire dó sin á íoc – meánteacht isteach $5.3m ag imreoirí i bPríomhroinn Chruicéid na tíre sin.

Bíonn cuid d’imreoirí Shasana agus na hAstráile páirteach ansiúd agus saothraíonn a mbunáite idir €1m agus €2m as sin le cur leis an €1m a íoctar sa mbaile leo.[2]

Cruicéad in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an spórt seo ag éirí níos coitianta in Éirinn le déanaí agus bhuaigh an fhoireann náisiúnta i gcoinne na Pacastáine sa Chorn Domhanda ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 2007.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mártan Ó Ciardha (25 Meitheamh 2023). "Díol spéise an scéal a mhíníonn cé as ar baisteadh comórtas na Luaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-25.
  2. Mártan Ó Ciardha (25 Meitheamh 2023). "Díol spéise an scéal a mhíníonn cé as ar baisteadh comórtas na Luaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-25.
  3. http://news.bbc.co.uk/sport1/hi/cricket/6457689.stm