Donnchadha Ó Máille
Donnchadha Ó Máille | |||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956 Dúiche: Luimneach Thoir Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1954
Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961 Dúiche: Luimneach Thoir Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1957
Deireadh Fómhair 11, 1961 - Aibreán 21, 1965 ← Joseph Brennan - Jim Gibbons →
Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965 Dúiche: Luimneach Thoir Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Aibreán 21, 1965 - Márta 10, 1968 Dúiche: Luimneach Thoir Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Aibreán 21, 1965 - Iúil 13, 1966 ← Seán Mac an tSaoi - Seán Flanagan →
Iúil 13, 1966 - Márta 10, 1968 ← Seoirse Ó Colla - Seán Ó Loingsigh → | |||||||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||||||
Eolas breithe | Luimneach, 1921 | ||||||||||||||||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||||||||||||||||
Bás | Luimneach, 10 Márta 1968 | ||||||||||||||||||||||
Muintir | |||||||||||||||||||||||
Páistí | liosta iomláin | ||||||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||||||
Alma mater | Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Coláiste Choill Chluana Gabhann Crescent College (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir agus imreoir rugbaí | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
Cleamhnú | |||||||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Fianna Fáil |
Polaiteoir Éireannach, Aire Rialtais agus Teachta Dála ab ea Donnchadha Ó Máille nó Donogh O'Malley (1 Eanáir 1921-10 Márta 1968). Ba bhall de pháirtí Fhianna Fáil é.
Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Saolaíodh é i gCathair Luimnigh sa bhliain 1921, díreach nuair a fógraíodh sos-chomhraic le linn Chogadh Saoirse na hÉireann. Ba dhlíodóirí iad a mhuintir ach ní raibh spéis ar leith ag éinne díobh i bpolaitíocht náisiúnach na linne.
Chuaigh Ó Máille ar mheánscoil Íosánach Choláiste an Chorráin sa chathair agus d’fhreastal sé ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe ina dhiaidh sin. Bronnadh an chéim innealtóireachta BE air sa bhliain 1943.
Comhairleoir agus Cúlbhinseoir[cuir in eagar | athraigh foinse]
D’fhill Ó Máille ar Luimneach, ag obair mar innealtóir ann agus toghadh mar chomhairleoir cathrach é. D’fhreastail sé bliain amháin mar mhéara na cathrach, an tríú deartháir as an gclann céanna a tháinig san oifig sin, sular toghadh mar Theachta Dála é i ndáilcheantar Luimneach Thoir sa bhliain 1954 i gcomharba Domhnaill de Búrca a bhí tar éis éirí as Dáil Éireann.
Ba chúl-bhinseoir an fhreasúra ar dtús é, cul-bhinseoir rialtais i ndiaidh a ath-thoghacháin i 1957 agus fuair sé a chéad phost Stáit nuair a cheapadh mar Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais Shéamuis Uí Riain é sa bhliain 1961.
Aire Rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ghnóthaigh Ó Máille vóta ábhal-mór in olltoghchán 1965 agus, ós rud é go raibh glún nua ag teacht i réim i bhFianna Fáil ag an am ná raibh baint díreach acu le Cogadh na Saoirse, cheap an Taoiseach Seán Lemass mar Aire Sláinte é sa rialtas nua. Bhunaigh sé an Irish National Council on Alcoholism (INCA)[1].
Nuair a lean Seán Ó Loinsigh Lemass mar Thaoiseach sa bhliain dár gcionn, aistríodh Ó Máille go dtí an Roinn Oideachais.
Laistigh de dhá bhliain,
- thug sé isteach meán-scolaíocht saor in aisce do chách
- bhunaigh sé na hinstitiúid teicneolaíochta sa tríú leibhéal
- bhunaigh sé freisin na scoileanna cuimsithigh sa dara leibhéal
- thosaigh sé an córas iompar scoile, le seirbhís bus do na daltaí faoin tuath saor in aisce.
Ba réabhlóid bun go barr é i gcóras oideachais na hÉireann. Tháinig na hathruithe i bhfeidhm d’ainneoin naimhdeas na Roinne Airgeadais agus dílsithe an sean-chórais. Mar sin bhí gnaoi na ndaoine ar Ó Máille.
Bás agus teaghlach mór[cuir in eagar | athraigh foinse]
B’fhear bríomhar i gcónaí é agus thaitin go mór leis bheith ag rith is ag rás[2]. Is cuid de bhéaloideas polaitíochta na hÉireann éachta Uí Mháille, Cathail Uí hEochaidh agus Bhriain Uí Luineacháin le linn blianta na 1960idí. Ach bhuail taom croí é[3] i nDroichead Abhann Ó gCearnaigh[4] ar an 10 Márta 1968 agus é gan ach 47 mbliana d’aois. Bhí corrthoghchán ar siúl ag an am. Thug Ó Máille óráid agus thit sé de phleist ina dhiaidh.
Bhain an eachtra an anáil de mhuintir ag an am. Mar sin, bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis.
Lean a nia, Deasún (Des nó Dessie) Ó Máille, é mar TD Luimneach Thoir nuair a bhuaigh sé an fothoghchán.
Is garneacht í Fiona Ní Mháille, iar-TD an Pháirtí Daonlathaigh Dhún Laoghaire, le Donnchadha Ó Máille..
Is aisteoir stáitse agus scannán é a mhac Darach Ó Máille.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Brendan Kelly - Hearing Voices: The History of Psychiatry in Ireland
- ↑ Abuse of power and the gardaí is nothing new to boozy politicians 25 M.F. 2010 http://www.irishexaminer.com/viewpoints/columnists/ryle-dwyer/abuse-of-power-and-the-gardai-is-nothing-new-to-boozy-politicians-131768.html
- ↑ Ba phótaire déanta é "Do ministers get drunk on power or just plain drunk?" https://www.independent.ie/irish-news/do-ministers-get-drunk-on-power-or-just-plain-drunk-26407044.html
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-06. Dáta rochtana: 2018-03-10.