Seán MacBride

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán MacBride
Seán MacBride 1984.jpg
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 29, 1947 - Nollaig 11, 1947
Dúiche: Contae Átha Cliath
Toghchán: fothoghchán
Teachta Dála

Feabhra 18, 1948 - Bealtaine 2, 1951
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1948
An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Feabhra 18, 1948 - Meitheamh 13, 1951
Éamon de Valera - Proinsias Mac Aodhagáin
Teachta Dála

Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1951
Teachta Dála

Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1954
ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa

Meán Fómhair 13, 1954 - Eanáir 1, 1957
Saol
Eolas breithePáras, 26 Eanáir 1904
NáisiúntachtFrainc
Éire
BásBaile Átha Cliath, 15 Eanáir 1988
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon
Muintir
AthairSeán Mac Giolla Bhríde
MáthairMaud Gonne
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
lycée Saint-Louis-de-Gonzague
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmtaidhleoir, polaiteoir, iriseoir, abhcóide agus dlíodóir
FostóiríAmnesty International
Náisiúin Aontaithe
Duaiseanna
BallraíochtTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
Páirtithe polaitíochtaClann na Poblachta

Ba pholaiteoir, taidhleoir agus gníomhaí ar son chearta an duine é Seán MacBride (Gaeilge: Seán Mac Giolla Bhríde) a rugadh ar 26 Eanáir 1904 agus a bhásaigh 15 Eanáir 1988. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1974[1].

1947

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1948, ar dheis

Mac leis an réabhlóidí Seán Mac Giolla Bhríde agus an aisteoir Maud Gonne a bhí ann. Sa Fhrainc a tógadh é agus bhog sé go hÉirinn nuair a bhí sé dhá bhliain déag d'aois.[2]

Níor thosaigh sé amach ar bhealach na síochána. Cuireadh a athair Major John MacBride chun báis tar éis Éirí Amach na Cásca 1916 agus ní raibh sé féin ach 13 bliana d´aois nuair a chuaigh sé isteach san IRA.

1977, ar dheis

Bhí Mac Giolla Bhríde ina phoblachtach diongbháilte, mar bhall d'Óglaigh na hÉireann roimh 1919 (agus 14/15 bliain d'aois aige), d'Óglaigh na hÉireann mar a bhí siad idir 1919 agus 1922 agus de na hÓglaigh frith-Chonartha (an IRA) ó 1922 ar aghaidh.

Rinne sé staidéar ar an dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i lár na 1920idí, cé nár glaodh air chun Bharra na hÉireann ach sa bhliain 1937.

IRA[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thacaigh sé le hEamon de Valera nuair nach raibh sé sásta leis an deighilt pholaitiúil idir Phoblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann, cé go raibh sé ina stócach ag an am.

Níos déanaí, bhí MacBride ina bhall sinsearach den IRA agus ina Cheann Foirne air ó 1936 go 1937.

Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duais Nobel 1974

I ndiaidh gur glacadh le Bunreacht na hÉireann i 1937, d'fhág Mac Giolla Bhríde an IRA chun slí bheatha a bhaint amach sa dlí. Is minic a bhí sé ag cosaint poblachtaigh (rud a rinne sé ar feadh a shaoil oibre); chosain sé príosúnaigh de chuid an tIRA a bhí daortha chun báis. Bhí rath air go tapa, leis an toradh gur glaodh chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1943.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis An Dara Cogadh Domhanda, bhí MacBride i measc na ndaoine a bhunaigh Clann na Poblachta sa bhliain 1946. Toghadh chun Dáil Éireann é an bhliain dár gcionn. I ndiaidh olltoghchán 1948, rinneadh an tAire Gnóthaí Seachtracha sa Chéad Chomhrialtas de, sa chéad rialtas idirpháirtí in Éirinn ó 1948 go 1951.

Thit an Comhrialtas sa bhliain 1951 den chuid is mó mar gheall ar an easaontas idir Mac Giolla Bhríde agus a chomghleacaí sa pháirtí An Dochtúir Nollaig de Brún maidir leis an Scéim "Máthair is Leanbh". Atoghadh chun na Dála é i 1951 agus 1954 ach theip air i 1957 agus 1961.

1986

Cearta daonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí páirt ghníomhach ag MacBride agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine á dhréachtú agus á ghlacadh, go mór mór nuair a bhí sé ina uachtarán ar Choiste Airí Chomhairle na hEorpa (1949-50).

Chomh maith lena obair ag an mBarra, lenar lean sé ar aghaidh, bhí Mac Giolla Bhríde i measc na ndaoine a bhunaigh Amnesty International agus ina chathaoirleach idirnáisiúnta air ó 1961 go 1974.

Bhí sé ina ardrúnaí ar Choimisiún Idirnáisiúnta na nDlí-Eolaithe ó 1963 go 1971 agus ina Chathaoirleach (1968-74) agus ina Uachtarán (1974-85) ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin.

Coimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh na Namaibe ab ea é, idir 1973 agus 1977.

Sa bhliain 1974, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar MacBride mar gheall ar an dea-obair a rinne sé ar son cearta daonna thar na blianta. Bronnadh Duais Leinín Idirnáisiúnta um Shíocháin air sa bhliain 1977.

Ina theannta sin, dhréachtaigh sé Prionsabail Mhic Giolla Bhríde, maidir leis an bhfostaíocht chothrom i dTuaisceart Éireann. Bhí sé go mór i bhfách leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus chuir sé in éadan an colscaradh a thabhairt isteach.

Lean sé ar aghaidh ag dlíodóireacht go dtí deireadh a shaoil beagnach agus phléadáil sé go leor cásanna tábhachtacha.

D'éag MacBride ina theach Caisleán Reabóige, Cluain Sceach, ar an 15 Eanáir 1988.

Cásanna tábhachtacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

𝑹𝒆 Ó 𝑳𝒂𝒊𝒈𝒉𝒍é𝒊𝒔 (1957), 𝑶'𝑫𝒐𝒏𝒐𝒗𝒂𝒏 𝒗 𝑨𝑮 (1961), 𝑫𝒆𝒂𝒕𝒐𝒏 𝒗 𝑨𝑮 (1962), 𝑹𝒚𝒂𝒏 𝒗 𝑨𝑮 (1964), 𝑻𝒉𝒆 𝑺𝒕𝒂𝒕𝒆 (𝑸𝒖𝒊𝒏𝒏) 𝒗 𝑹𝒚𝒂𝒏 (1964), 𝑴𝒄𝑮𝒆𝒆 𝒗 𝑨𝑮 (1973), 𝑻𝒉𝒆 𝑺𝒕𝒂𝒕𝒆 (𝑯𝒆𝒂𝒍𝒚) 𝒗 𝑫𝒐𝒏𝒐𝒈𝒉𝒖𝒆 (1976), 𝑻𝒉𝒆 𝑺𝒕𝒂𝒕𝒆 (𝑳𝒚𝒏𝒄𝒉) 𝒗 𝑪𝒐𝒐𝒏𝒆𝒚 (1982), 𝑻𝒉𝒆 𝑺𝒕𝒂𝒕𝒆 (𝑻𝒓𝒊𝒎𝒃𝒐𝒍𝒆) 𝒗 𝑮𝒐𝒗𝒆𝒓𝒏𝒐𝒓 𝒐𝒇 𝑴𝒐𝒖𝒏𝒕𝒋𝒐𝒚 𝑷𝒓𝒊𝒔𝒐𝒏 (1985) agus 𝑹𝒖𝒔𝒔𝒆𝒍𝒍 𝒗 𝑭𝒂𝒏𝒏𝒊𝒏𝒈 (1988).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Nobel Peace Prize 1974" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Seán MacBride" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-01-26.