Proinsias Mac Aogáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Proinsias Mac Aodhagáin)
Proinsias Mac Aogáin
Frank Aiken 1944 cropped.jpg
Teachta Dála

Meán Fómhair 19, 1923 - Bealtaine 20, 1927
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1923
Teachta Dála

Meitheamh 23, 1927 - Lúnasa 16, 1927
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, Meitheamh 1927
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1927 - Nollaig 17, 1931
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, Meán Fómhair 1927
Teachta Dála

Márta 9, 1932 - Nollaig 22, 1932
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1932
Aire Cosanta

Márta 9, 1932 - Meán Fómhair 8, 1939
Deasún Mac Gearailt - Oscar Traynor
Teachta Dála

Feabhra 8, 1933 - Meitheamh 14, 1937
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1933
an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Meitheamh 3, 1936 - Samhain 11, 1936
Joseph Connolly (en) Aistrigh - Gearroid Ua Beolláin
Teachta Dála

Iúil 21, 1937 - Bealtaine 25, 1938
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1937
Teachta Dála

Meitheamh 30, 1938 - Bealtaine 26, 1943
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1938
Teachta Dála

Iúil 1, 1943 - Bealtaine 10, 1944
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1943
Teachta Dála

Meitheamh 9, 1944 - Nollaig 11, 1947
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1944
An tAire Airgeadais

Meitheamh 19, 1945 - Feabhra 18, 1948
Seán Tomás Ó Ceallaigh - Patrick McGilligan
Teachta Dála

Feabhra 18, 1948 - Bealtaine 2, 1951
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1948
ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa

Lúnasa 13, 1949 - Feabhra 1, 1951
Teachta Dála

Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1951
An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Meitheamh 13, 1951 - Meitheamh 2, 1954
Seán MacBride - Liam Mac Cosgair
Teachta Dála

Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1954
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara

Márta 20, 1957 - Bealtaine 16, 1957
Séamus Diolún - Seán Moylan
Teachta Dála

Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1957
An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Márta 20, 1957 - Iúil 2, 1969
Liam Mac Cosgair - Pádraig Ó hIrighile
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara

Samhain 16, 1957 - Samhain 27, 1957
Seán Moylan - Patrick Smith
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Tánaiste

Aibreán 21, 1965 - Iúil 2, 1969
Seán Mac an tSaoi - Erskine Hamilton Childers
Teachta Dála

Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Teachta Dála

Iúil 2, 1969 - Feabhra 5, 1973
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1969
ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Meán Fómhair 29, 1969 - Bealtaine 1, 1973
Saol
Eolas breitheCamloch, 13 Feabhra 1898
NáisiúntachtÉire
Saorstát Éireann
BásBaile Átha Cliath, 18 Bealtaine 1983
Muintir
Céile/CéilíMaud Aiken (en) Aistrigh  (Deireadh Fómhair 3, 1934 -
Oideachas
Alma materScoil na Mainistreach
Gairm
Gairmtaidhleoir, polaiteoir agus feirmeoir
Céimlist of Irish Republican Army chiefs of staff (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFianna Fáil

Polaiteoir sinsearach Éireannach ab ea Proinsias Mac Aodhagáin (níos deireanaí, Proinsias Mac Aogáin ina úsáid féin) nó Frank Aiken as Béarla (13 Feabhra, 1898 - 18 Bealtaine, 1983). Bhí ról conspóideach aige mar bhall den IRA sna 1920idí; tharla ionsaithe seicteacha agus b'fhéidir go raibh baint aige leo.

1944

In éineacht le Eamon de Valera, bhí sé ar dhuine acu siúd a bhunaigh Fianna Fáil ar 23 Márta, 1926. Vótáladh isteach ar an Dáil an chéad uair sa bhliain 1923 é, agus mhair sé ansin go dtí an bhliain 1973. Bhí sé ina Thánaiste sna blianta ó 1965 go dtí 1969.

Fear mór na síochána a bhí ann mar thaidhleoir agus An tAire Gnóthaí Eachtracha 1957 - 1969.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Aiken i gCamloch, Contae Ard Mhacha, sa bhliain 1898.

Cogadh na Saoirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Aiken isteach sna hÓglaigh sa bhliain 1914, agus bhí sé ina bhall den IRA i gCogadh na Saoirse. Faoi 1920 bhí sé ina leasbhriogáidire i mBriogáid an Iúir agus an bhliain dár gcionn ina cheannaire ar 4ú Roinn an Tuaiscirt.[1] Bhí sé i gceannas nuair a dódh beairic na bpílear san Iúr.

Um Nollaig tugadh fogha faoin mbeairic i gCamloch agus bhí de thoradh air sin gur dódh teach mhuintir Mhic Aogáin an mhaidin dár gcionn. Bhí sé ar a choimeád ina dhiaidh sin, rud a chabhraigh leis chun géarú ar na buillí cogaidh.

Scannal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é a bhí i bhfeighil an luíocháin roimh thraein in Achadh an Dá Mhaol in aice leis an Iúr i 1921; maraíodh ceathrar saighdiúirí agus ceithre scór capall den mharcshlua a thionlaic Rí Seoirse V chun Parlaimint Thuaisceart na hÉireann a oscailt ar 22 Meitheamh 1921.

Ar 17 Meitheamh 1922, mharaigh an Roinn chéanna seisear Protastúnach in Allt na bhFiach[2] sa dúiche chéanna i ndíoghail Caitlicigh a maraíodh.[3] Maraíodh 13 Protastúnach in iomlán le linn an tréimhse seo.[4]

Cogadh Cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh an tAodhagánach sásta leis an gConradh Angla-Éireannach ná leis an Saorstát, agus mar sin, chuir sé troid ar lucht leanúna an Choileánaigh. Tháinig sé i gcomharbas ar Liam Ó Loingsigh mar Cheann Foirne ar an IRA. B'eisean a d'ordaigh don IRA scor den chath agus na hairm a dhumpáil, ar an 24 Bealtaine, 1923, agus mar sin, is féidir a rá gurbh eisean a chuir deireadh le Cogadh Cathartha na hÉireann. Mhair sé ina Cheann Foirne ar an IRA go dtí 12 Samhain, 1925.

Aire Cosanta agus Aire Airgeadais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Aiken ar an chéad Aire Cosanta in aon rialtas de chuid Fhianna Fáil, agus b'eisean a choinnigh súil ar chúrsaí cosanta na tíre i Ré na Práinne, is é sin, i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Sna blianta i ndiaidh an chogaidh, chaith sé trí bliana ina Aire Airgeadais.

Loch Garman, 1963ː John F. Kennedy agus Frank Aiken ar chúl in aice le Aimiréal Tazewell Shepard.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Aiken i gcabhair go praiticiúil ar imeachtaí na Gaeilge. Fuair Comhar agus An Glór (Feasta níos déanaí) deontais speisialta. Ba eisean a bhunaigh 'Scéim na dTithe Gloine don Ghaeltacht' agus 'Scéim na Seallaí', agus b'fhéidir 'Scéim an Chúig Phunt' freisin.[1]

Cé nach raibh labhairt na Gaeilge go han-líofa aige, bhí sí réasúnta maith ag Aiken agus bhí fonn air í a labhairt.

Frank Aiken ar chlé, ina shuí, le Lyndon B. Johnson ar dheis, Washington DC 1963

Aire Gnóthaí Eachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is mar Aire Gnóthaí Eachtracha is mó is cuimhin leis na daoine é inniu. Chuir sé béim ar chearta na náisiún beag mar bhaill chothroma de na Náisiúin Aontaithe, agus theastaigh uaidh polasaí neamhspleách a bheith ag Éirinn sna gnóthaí eachtracha. Bhí sé barúlach gur chóir d'Éirinn dlúthpháirtíocht a léiriú do na náisiúin bheaga eile, ar nós na Tibéide agus na hUngáire, a bhí i mbéal an phobail sna caogaidí.

Thacaigh sé le neamhspleáchas na hAilgéire freisin, nuair a bhí cogadh coilíneach ar siúl ag an bhFrainc sa tír sin, agus bhí sé go tréan in aghaidh na hapairtéide.

Chuir Aiken béim ar thábhacht an dlí idirnáisiúnta mar urra le saoirse na náisiún beag agus mar sciath chosanta ar bhagairt an chogaidh adamhaigh. Bhí plean dá chuid féin le síocháin a thabhairt isteach sa Mheán-Oirthear, agus shíl sé gurbh í Éire an tír cheart le headráin a dhéanamh idir Iosrael agus na hArabaigh, ó bhí caidreamh maith ag Éirinn le dhá thaobh na coimhlinte.

Na Náisiúin Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Mac Aogáin tús le conradh in aghaidh iomadú núicléach sa bhliain 1958. Chuir se dréachtrún chun tosaigh a mhol bunú coiste a scrúdódh na contúirtí a bhainfeadh le scaipeadh na n-arm seo.[5] Mar sin, thug Éirinn isteach na chéad 'Réitigh Éireannacha', mar a tugadh orthu ag na Náisiúin Aontaithe agus as sin a lean an NPT. 

Síníodh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach (NPT) ar 1 Iúil 1968.[6][7] Mar aitheantas ar an ról ceannródaíoch sin, ba í Éire an chéad tír - agus Aiken mar ionadaí - a fuair cuireadh an NPT a shíniú in 1968 i Moscó.

Bhí an neamhspleáchas intinne aba dhual do sheanóglach léirithe ag Mac Aogáin nuair a vótáil sé ar son díospóireachta sa gcomhdháil faoi ionadaíocht a thabhairt do Phoblacht Phobal na Síne. Chuaigh sé in aghaidh thoil Mheiriceá agus, de réir Dorr,[8] in aghaidh thoil na hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus thar lear.[5] Tháinig Mac Aogáin faoi chith ionsaithe sa bhaile fósta ó Easpag na Gaillimhe an Dr Michael Browne agus ón Irish Catholic agus The Standard. Ach sheas sé an fód agus mhair sé lena dheimhniú go raibh an ceart cosanta aige.

Ar scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh Aiken as an bpolaitíocht go hiomlán sa bhliain 1973, ó bhí sé míshásta le Cathal Ó hEochaidh agus leis an tionchar a bhí aige siúd sa pháirtí.

D'iarr an tUachtarán de Valera air bheith ina iarrthóir d'Fhianna Fáil sa chéad toghchán Uachtaráin eile, ach d'fhág Aiken an Uachtaránacht ag Erskine Hamilton Childers.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Físeánː "The Altnaveigh Massacre - IRA Slaughter Of Protestant Families", UlsterTroubles (2012-06-28), a bhí ar YouTube[9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "AIKEN, Frank (1898–1983)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-06-16.
  2. "Allt na bhFiach/Altnaveigh" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-06-17.
  3. UlsterTroubles (2012-06-28). "The Altnaveigh Massacre - IRA Slaughter Of Protestant Families". 
  4. "Irish War of Independence" (as en) (2022-06-11). Wikipedia. 
  5. 5.0 5.1 SEAN O. hEALAI. "Éire agus an dí-armáil núicléach" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  6. "Treaty on the Non-Proliferation of Nuclear Weapons" (as en) (2021-06-25). Wikipedia. 
  7. "Disarmament - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  8. Tá an scéal ar fad ag Noel Dorr, iar-Ambasadóir na hÉireann chun na Náisiún Aontaithe, ina leabhar tráthúil 'Ireland at the United Nations—memories of the early years'
  9. YouTUbe (2012). "The Altnaveigh Massacre" (en). Facebook. Dáta rochtana: 2022-06-17.