Iomadú núicléach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scaipeadh arm núicléach. Tá an-chuid iarrachtaí á ndéanamh bac a chur air, srianta ar easportálacha, scrúdú is fíorú idirnáisiúnta, agus baic ar thástáil is táirgeadh ábhair armghráid. De réir an Chonradh in aghaidh Iomadú Núicléach (1968) is gá diúltú do thaighde is forbairt ar airm núicléacha. Níor shínigh Iosrael, an Indiaan Phacastáin é, agus tá taighde is forbairt núicléach ar siúl acu. Ar ndóigh, níor shínigh na seanchumhachtaí núicléacha — na Stáit Aontaithe, an Rúis, an Bhreatain, an Fhrainc, an tSín —ach an oiread. De réir na ráflaí, tá tíortha eile sa tóir ar na hairm seo, agus fiú sceimhlitheoirí. Is míchompordach an leamhsháinn é, gan aon dabht.