Feasta
| Cineál | irisleabhar agus carthanas |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Am tosaigh | 1948 |
| Am deiridh | 2023 |
| Bunaitheoir(í) | Conradh na Gaeilge |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | Míosachán |
| Seánra | Litríocht, Eolaíocht, Polaitíocht |
| Príomhábhar | litríocht na hÉireann |
| Foilsithe i | Éirinn |
| Eagrán | Beagnach 900 |
| Formáid dáilte | I gcló, le rogha alt ar fáil ar líne |
| Suíomh | feasta.ie |
Iris Ghaeilge ab ea Feasta a phléigh litríocht, polaitíocht agus eolaíocht. Bunaíodh an míosachán in 1948 agus tháinig an t-eagrán deiridh den iris amach i mí na Bealtaine 2023.[1] Bhí beagnach 900 eagrán den iris mhíosúil foilsithe ó cuireadh i gcló ar dtús í i 1948.[2]
Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé de chuspóir ag Feasta scríbhneoireacht nua a spreagadh, agus thug Feasta an-tacaíocht i gcónaí do scríbhneoirí – idir óg agus aosta i gcaitheamh na mblianta.[3] D'fhoilsíodh Feasta léirmheasanna agus tráchtaireacht shóisialta agus pholaitiúil, in éineacht le tuairiscí ar imeachtaí cultúrtha a bhaineann leis an teanga. Cé go raibh baint ag Feasta le Conradh na Gaeilge, bhí sé neamhspleách i gcúrsaí eagarthóireachta.
Scríobh roinnt colúnaithe don iris go rialta. Foilsíodh gearrscéalta agus filíocht (Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Seán Ó Ríordáin, agus Nuala Ní Dhomhnaill agus daoine eile nach iad).
Bhí Feasta ar fáil le síntiús agus i roinnt siopaí, agus foilsíodh sé fógraí le foilsitheoirí Gaeilge. Bhí roinnt mhaith de le léamh ar líne.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí baint ag bunú Feasta le teacht chun cinn scríbhneoireacht na Gaeilge ó aimsir Athbheochan na Gaeilge. Ba é an scéal céanna ag An tUltach agus ag Comhar é. Mar a deir an tOllamh Nollaig Mac Congáil:
- Chuidigh na foilseacháin sin ach go háirithe leis an Ghaeilge a thabhairt isteach sa nuaré agus dúshraith bhuan a leagan dár tharla i gcinniúint fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge ó shin.[4]
Is iomaí eagarthóir a bhí ag Feasta. Orthu sin bhí Seosamh Ó Duibhginn, Eoghan Ó Tuairisc, Séamas Ruiséil, Aogán Ó Muircheartaigh agus Íte Ní Chionnaith (a bhí ar an gcéad bhean a toghadh mar uachtarán Chonradh na Gaeilge) agus Cormac Ó hAodha. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an t-eagarthóir a chaith an seal ab fhaide sa phost.[5]
In 2014, mar chuid d'atheagar a rinneadh ar mhaoiniú fhoilseacháin Ghaeilge, chinn Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an tacaíocht airgid a bhí Feasta a fháil ar feadh na gcianta roimhe sin.
Bhí Foras na Gaeilge ag tacú leis ar feadh tamaill ach rinne an Foras athchomhairle agus rún aige athrú a dhéanamh ar dháileadh na ndeontas.[6]
Luaigh an riarthóir Donnchadh Ó hAodha gur theastaigh uaidh lucht na hirise eagrán ar líne a chur ar fáil ach nárbh fhéidir sin ceal acmhainní. Rinne an t-eagarthóir Cormac Ó hAodha cur i láthair os comhair Chomhchoiste Gaeilge Oireachtas na hÉireann i 2023 ach nach bhfuaireadar aon tacaíocht bhreise dá thoradh sin.[2]
Scor
[cuir in eagar | athraigh foinse]I litir a seoladh chuig na 350 síntiúsóir a d'fhan dílis don iris in 2023, dúirt an riarthóir Donnchadh Ó hAodha gur "síorlaghdú ar an dtacaíocht stáit don iris" is cúis le deireadh a chur lena foilsiú.[2]
Rinne Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge cáineadh géar ar an staid seo, á thabhairt "créacht mhór eile i gcorp na Gaeilge" ar an iris a bheith curtha den saol tar éis a 75 bliana. Dúirt siad go raibh Feasta ar na beagán foilseachán a bhí "tiomanta don Ghaeilge, do ghluaiseacht na teanga (go háirithe Conradh na Gaeilge, arbh iad a bhunaigh an iris in 1948), agus go háirithe don scríbhneoireacht, idir aistí, scéalta agus filíocht."[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Comhar
- An Gael
- NÓS
- An tUltach (ar scor)
- An Timire
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh idirlín na hirise Curtha i gcartlann 2011-07-17 ar an Wayback Machine[nóta 1]
- Tá cuid mhaith eagrán de chuid Fheasta i gCartlann CnaG ar líne
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (19 D. Fómhair 2023). "Deireadh curtha leis an mhíosachán Feasta cheal maoinithe".
- 1 2 3 Pádraic Ó Ciardha (19 Deireadh Fómhair 2023). "Deireadh á chur leis an iris ‘Feasta’ tar éis 75 bliain de dheasca ‘easpa tacaíochta ón stát’". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-19.
- ↑ Mac Congáil, ibid.: lch 10.
- ↑ Mac Congáil, Nollaig. Feasta, Innéacs 1948 – 2000. Feasta 2003: lch 8.
- ↑ Nuacht RTÉ, 12 Nollaig 2019: "Cormac Ó hAodha ina eagarthóir nua ar Feasta"
- ↑ Ferdie Mac an Fhailigh [sean-Phríomh-Fheidhmeannach an Fhorais] (2 Bealtaine 2014). "Promotion of Irish online and through publications must be strategic" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-04.
- ↑ "Ráiteas an Aontais maidir le 'Feasta'". Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge (6 Samhain 2023).
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-17. Dáta rochtana: 2010-05-24.