Jump to content

An Gael (iris as Meiriceá)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánAn Gael
CineálIris liteartha
Cárta innéacs
Am tosaigh2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Cumann Carad na Gaeilge
Áit a fhoilsitheNua-Eabhrac
Tréith
Eatramh foilsitheRáitheachán
PríomheagarthóirSéamas Ó Neachtain
Eagrán67+
Formáid dáilteI gcló agus ar líne

Suíomhangaelmagazine.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is irisleabhar “idirnáisiúnta” Gaeilge é An Gael, a fhoilsítear in Long Island i stát New York, faoi choimirce Chumann Carad na Gaeilge.[1] Foilsítear uair sa ráithe é.

Léann an chuid is mó de na daoine An Gael ar an idirlíon. Dúirt an an t-eagarthóir Séamus Ó Neachtain go raibh síntiús ag tuairim is 15 duine sa bhliain 2019/2020. Ceannaítear an iris uaidh féin in New York, agus tá an iris le fáil i siopaí áirithe – Litriocht.com ina measc. Léann an chuid is mó de lucht léite An Gael an iris ar líne, áfach, tríd an suíomh irisí MagCloud.[2]

Is féidir An Gael a léamh ar líne agus tig le síntiúsóirí é a fháil i bhfoirm chlóite. Maítear gur "irisleabhar lán-Ghaeilge idirnáisiúnta" é agus iarrtar ábhar ar scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhain.

Ba mar nuachtán a tosaíodh An Gaodhal, réamhtheachtaí An Gael, sa bhliain 1879.[3] Mícheál Ó Lócháin, as Gaillimh, a thosaigh an t-irisleabhar dátheangach míosúil sin agus a bhí ina eagarthóir air go dtí a bhás in 1899. Mhair an leagan sin den iris deich mbliana eile nó mar sin. Bhíodh na hailt i mBéarla agus i nGaeilge.[4]

Rinneadh cúpla iarracht An Gaodhal a athbheochan in imeacht na mblianta ó 1909 go 2009. Ach ní go dtí gur athbhunaíodh Cumann Carad na Gaeilge i lár na 2000idí a tugadh faoin iarracht arís i gceart. Athbhunaíodh é nuair a bhí an Cumann féin á athchóiriú mar eagraíocht a thabharfadh faoi chur chun cinn na Gaeilge i gceart feasta.[5] Bhunaigh Séamas Ó Neachtain é sa bhliain 2009.

An Gael, mar a thugtar anois ar an bhfoilseachán, á chur amach uair sa ráithe ó shin.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Maitiú Ó Coimín (2021). "An 50ú heagrán á cheiliúradh ag ‘An Gael – Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge’". NÓS. Dáta rochtana: 2021-09-15.
  2. 1 2 An Gael (Fómhar 2021). "Fómhar 2021" (ga). MagCloud. Dáta rochtana: 2021-09-15.
  3. angaelmagazine.com (2021). "Stair". www.angaelmagazine.com. Dáta rochtana: 2021-09-15.
  4. Éanna Ó Caollaí (3 Feabhra 2026). "An Gaodhal – an chéad nuachtán Gaeilge riamh". The Irish Times.
  5. "Cumann Carad Na Gaeilge -Stair / The Philo-Celtic Society - History". www.philo-celtic.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-09. Dáta rochtana: 2021-09-15.